People

All reviews tagged with IRISH LANGUAGE


 

A leithéid!

Léirmheas le Niamh Ní Thuama  Is leabhar aoibhinn é “A leithéid”, a scríobh Gillian Lobel agus a d’aistrigh Gabriel Rosenstock.  Is scéal é faoi ‘Caoimhe Corr’, éinín a thagann ar nead lán d’uibheacha.  Is uibheacha iad seo nach bhfuil cosúil le haon cinn atá feicthe aici riamh cheana! Gan rómhoill, tuigeann sí go gcaithfear aire cheart…

Ailfí agus an Vaimpír

Leabhar den scoth is ea an leabhar úrnua
seo atá curtha faoin ár mbráid ag Orna Ní Choileáin, scríbhneoir an cnuasaigh gearrscéalta Canary Wharf a foilsíodh i 2009. Bhain mé fíor- shult agus taitneamh as an leabhar corraitheach seo agus mé ag leanúint turais Ailfí agus an vaimpír Marius agus iad ar thóir chónra! Mar
is eol do chách,…

Áille agus Brúid

Léirmheas le Shane Donoghue Finscéal traidisiúnta ón bhFrainc is ea an leabhar seo atá bunaithe den chuid is mó ar Áille agus Brúid. Is leabhar faoi chlúdach crua é ar a bhfuil cuma álainn a tharraingíonn siúl an léitheora, agus ina leagtar amach an scéal ar thaobh amháin agus pictiúir bheoga ar an taobh eile. Sa…

Amelia Earhart

Leabhar eolais bunaithe ar éachtaí Amelia Earhart atá sa leabhar seo agus is mór an t-eolas atá ann fúithi. Tugtar an scéal ar fad dúinn, ón am a rugadh í go dtí an glaoch deireanach sin agus í ag lorg cabhrach. Ina theannta sin, tá amlíne curtha le chéile a chuireann firicí maidir le héachtaí…

Amú

Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir Buachaill óg is ea é Oisín atá curtha i gcampa ceartúcháin i nGaineamhlach Ghóibí  ag a cuid tuismuitheoirí   agus iad ag súil le feabhas a chur ar a iompar.  Lá éigín socraíonn sé éalú ón gcampa ach  ní mar shíltear a bhítear amuigh i nGaineamhlach Ghóibí . Bíonn an saol amuigh…

An Camán Draíochta

This book tells the story of Cian and his teammates from Scoil Dara as they prepare for the final against Scoil Eoin, hoping to win the elusive trophy for the first time ever. Cian has been selected to play for the school’s hurling team in the upcoming final. A few days before the game he…

An Chailleach agus a Cuid Gruaige

This delightful story book is a modern fairy tale in which a young boy called Éamonn decides to take revenge on an evil witch who lives in a castle at the top of a hill, for kidnapping his friend and chucking him into a deep hole in a barrel. Borrowing motifs from ‘Hansel and Gretel’,…

An Dragan Feasa

Meallfar léitheoirí óga agus cuirfear iad faoi dhraíocht an scéil mhearluais spreagúil seo faoi dhragain, faoi dhraíocht agus faoi eachtraí spéisiúla- saothar céadfhoilsithe ón údar Rhiannon Watson. Ó thús scéil ina dtugtar briseadh teaghlaigh le fios, cuirtear Seosamh, Laoise agus Máirtín in aithne dúinn, triúr siblíní atá an-difriúil óna chéile ach a bhfuil dlúthchaidream eatarthu…

An Goraille

Leabhar eolais is ea An Goraille ina gcuirimid aithne ar ghoraille beag baineann i ndiaidh a breithe agus leanaimid a saol go dtí go bhfuil sí fásta suas.  Tá eolas spéisiúil le fáil ann ar nósanna maireachtála agus ar áit chónaithe na ngoraillí, ar an saol teaghlaigh agus ar an réim bia atá acu. Rinne Foras na Gaeilge…

An Lámh in Uachtar

Is leabhar fiúntach eile ó Futa Fata atá againn in An Lámh in Uachtar, aistrithe ó Fhraincis go Gaeilge ag Máirín Ní Mhárta, ina bhfaighimid léargas ar chuid de na trioblóidí a bhaineann le saol an déagóra chomhaimseartha.   Is í Vicí príomhphearsa an scéil seo, agus nuair a chastar orainn í, níl sí ar fónamh. Tá buachaill…

An Leabhar Órga

Léirmheas le hAisling Ní Fhathaigh Ní féidir mórán eolais a fháil ó chlúdach leabhar Ríona Nic Congáil ach fós féin, b’fhéidir gurbh fhearr sin toisc gur leabhar draíochtúil, drámatúil é a chur faoi gheasa mé ón tús. Is leabhar sraithe atá ann, agus ar dtús cheap mé go mbeadh mearbhall orm é á léamh, ach…

An tEolaí Óg: Sa Ghairdín

Is é an tEarrach an t-am is fearr le bheith ag siobáil thart amuigh faoin aer; bíonn síneadh sa tráthnóna, agus bíonn rath agus bláth faoi phlandaí, faoi fheithidí agus faoi ainmhithe. Bíonn neart le feiceáil, le foghlaim agus le hiniúchadh sa ghairdín agus sna páirceanna, ach má tá easpa saineolais faoin dúlra ina bac…

An tEolaí Óg: Spraoi le hUisce

Tá an samhradh buailte linn, tá geataí na scoile dúnta agus tá sé ag stealladh báistí taobh amuigh. Tá súile óga ag faire ort go ceistiúil, iad ag rá “Céard a dhéanfaimid anois?” Ná bíodh imní ort, le cabhair an scríbhneora Lisa Burke tá réimse gníomhaíochtaí spraíúil curtha le chéile i bhfoirm An t-eolaí óg:…

An tIndiach nach raibh ábalta rith

Stair na nIndiach i Meiriceá Thuaidh is ea cúlra an tsaothair seo cé gurb é fadhb an phríomhcharachtair, Húcalla Bacach, croílár an scéil. Is cás truamhéalach é a chos thinn agus tá téama na bulaíochta le feiceáil chomh maith dá bharr. Leanann teachtaireacht thábhachtach mhórálach tríd an scéal ar fad, áfach, is é sin, nach…

An tOllamh Gorm

Téama deas simplí atá i gceist le leabhar álainn Gabriel Rosenstock. Ainmnítear an tOllamh Gorm i ndiaidh an ruda gur breá leis thar aon ní eile ar domhan – an dath gorm. Fad is atá an dath sin ar na rudaí timpeall air, beidh an tOllamh sona sásta, agus trí leathanaigh an leabhair seo roinntear…

An Túr Solais

Léirmheas le hÉadaoin Nic Choinshléibhe. Is é An Túr Solais an chéad leabhar i dtriológ atá scríofa ag Ríona Nic Congáil, a céadfhoilsíodh sa bhliain 2004. Osclaíonn an scéal seo le fuadach linbh: deirfiúr óg Luan. Ní fada go bhfaigheann sé amach cé atá taobh thiar den eachtra seo: Danu a sheanmháthair olc atá ina…

An Uaigh

Úrscéal nuálach suntasach é seo, nach ndéanfar dearmad air go luath. Insíonn sé scéal Aislinge, déagóir a éiríonn ón uaigh ar Oíche Shamhna tar éis di a bheith marbh ar feadh beagnach céad bliain. Ní thuigeann sí ar dtús cén fáth a bhfuil sí tagtha ar ais, nó cad iad go díreach na cumhachtaí speisialta…

Azzi idir dhá stól

Ó pheann an scríbhneora Sarah Garland a thagann an leabhar grafach seo faoi Azzi, cailín óg atá stoite as a tír dhúchais de bharr cogaidh. Cuirtear iallach ar a teaghlach teitheadh agus a seanmháthair agus a ngiuirléidí beatha a thréigean ina ndiaidh. Dírítear ar an iarracht a dhéanann Azzi déileáil le saol nua i dtír…

BB sa Leabharlann

Is leabhar álainn tarraingteach é BB sa Leabharlann a rachadh go mór i bhfeidhm ar aon pháiste nó tuismitheoir a léifeadh é. Tá an leabhar bunaithe ar Bhéar BB nó Bábógbaby mar is fearr aithne air, an chéad teidí a labhair Gaeilge agus a raibh an-rath air anseo in Éirinn agus thar lear. Tá an…

Bhí Fathaigh Ann Uair

Léirmheas le hÚna Breathnach  Tá clú agus cáil mór ar Martin Waddell mar scríbhneoir do pháistí. Bhuaigh sé duais Hans Christian Anderson i míle dhá chéad is a ceathair. B'í Aoibheann Uí Chearbhaill a rinne an leagan Gaeilge den scéal seo. Is í príomhcharachtar an leabhair a insíonn an scéal. I dtús báire tá sí…

Bleachtaire na Seirce

Léirmheas le Beítí Ní Dhuibhir  Seo an cúigiú cnuasach filíochta ón fhile Chorca Dhuibhne Dairena Ní Chinnéide. Diríonn dánta an chnuasaigh ar réimse leathan téamaí mar shampla an nádúr, na séasúír agus cúrsaí ghrá, mar atá le feiceáil sa dán Bleachtaire na Seirce, an teidealdán. Agus an dán Lá Gránna á léamh ag an léitheoir  cloisfidh…

Bliain sa Fhrainc

Seo scéal a leanann eachtraí Emmet i ndiaidh dá chlann aistriú go dtí an Fhrainc de bharr phost a athar. Le linn na bliana sa Fhrainc, faigheann Emmet léargas ar ghnéithe áirithe den Fhrainc: an cultúr, stair, cúrsaí spóirt, bia agus deoch na Fraince agus faoin gceangal atá idir an Fhrainc agus Éire. Emmet é…

Bóthar an tSíoda

Léirmheas le Daríona McClafferty Tá an leabhar seo dírithe ar Bhóthar an tSíoda ón Eoraip  go dtí an tSín agus ar an stair a bhaineann leis. Tá sé leagtha amach go soiléir. Tá gach ceann de na sleachta gearr agus dírithe ar thopaicí áirithe. Tosaíonn an leabhar le dlúthcheangal idir Bóthar an tSíoda, an Eoraip  agus…

Bróga Nua

Bróga Nua is a beautiful collection of rhymes and songs aimed at young children. Published by Forbairt Naíonraí Teoranta, it includes a rhyme and song to go with every aspect of life in the naíonra. This book provides ample opportunities to teach important everyday phrases though Irish in a happy and fun learning environment. Whether…

Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile

Cló Iar-Chonnachta present a tasty collection of stories in the Irish language – a book of stories for readers with accompanying audio CD for those who just like to tune in their ears. The stories feature various child and animal characters like Séimí, Áine, Cathal Coinín and Feilimí Frog, to mention but a few. Barnaí…

Cé a ghoid mo chuid bia?

Foilsíodh an leabhar seo den chéad uair i 2010 sa Fhrainc agus is í ‘Cé a ghoid mo chuid bia?’ an t-aistriúchán atá curtha ar fáil ag Patricia Mac Eoin. Is cuid de sraith ‘Mise, Máire Treasa Mí-Abha’ an scéal seo agus is léir ón gclúdach go bhfuil ceann eile a bhaineann leis an tsraith…

Cé Chomh Mór is atá an Ghealach?

Leabhar iontach is ea an saothar seo chun an Ghaeilge, nó an litearthacht go ginearálta, a spreagadh i bpáiste óg. Scéal simplí atá i gceist, ach é sin ráite, turas taitneamhach suimiúil atá ar fáil don léitheoir. Tá bua faoi leith ag an maisitheoir Stephanie Longfort agus a scileanna ealaíontóra le feiceáil go soiléir ó…

Chagrin

Léirmheas le Seán Mac Risteaird Fearacht a chuid iarrachtaí próis eile, is minic a spreagann an scéal pearsanta agus an turas spioradálta aonair Ré Ó Laighléis chun pinn. Scríbhneoir  is ea Ó Laighléis a bhfuil cumas aige scéalta le cúrsaí casta an tsaoil a phlé go snoite snasta atá curtha in oiriúint do dhéagóirí agus do…

Cití Cailleach

Léirmheas le Shauna Brennan Seo scéal do pháistí idir ocht mbliana d’aois agus aon bhliain déag d’aois agus iad ag foghlaim na Gaeilge. Scéal greannmhar é faoi chailleach a bhfuil neart fadhbanna aici mar go bhfuil a cat Smúróg  duaithnithe ag a fionnaidh sa bhaile. Múineann an scéal seo rudaí faoin teach do pháistí ag baint…

Cogadh na bhFrídíní

Eoin Eolaí is out in the garden helping his mum, when all of a sudden he sneezes. Mum immediately tells him he should use a handkerchief. This leads to Eoin asking her all about germs. In turn this develops into a discussion on bacteria. The conversation moves on to the composition of blood, that is…

Cogito

Nuair a bhogann cailín óg go dtí áit aisteach nua, tugann sí faoi deara go bhfuil a scáth ar iarraidh. Tumann sí í féin isteach in áit atá rúnd dhraíochta chun a scáth a aimsiú – a samhlaíocht… Is leabhar fíorálainn é Cogito a insíonn an eachtraí an chailín óig a léimeann isteach i ndomhan…

Cóta an Fhir Mhara

Leagan Gaeilge ar sheanscéal Manannach atá i gceist leis an leabhar iontach seo. Tá cultúr agus saibhreas faoi leith ag baint le seanscéalta agus is iontach an smaoineamh iad a thabhairt chun solais athuair. De bharr a chuid spéise i nGaeilge Oileán Mhanann agus in oidhreacht na tíre sin, shocraigh Seán Ó Brádaigh ar leagan…

Crogaillín

Leabhar mistéireach, samhlaíoch é Crogaillín a chothaíonn atmaisféar draíochtúil ar gach leathanach. Baineann an leabhar leis an ngaol idir Crogaillín agus a mhamaí agus osclaíonn an scéal ar nóta greannmhar le Crogaillín ag ní a chuid fiacla! Tá súil Chrogaillín ar an saol mór timpeall air agus ar na hiontais atá ann. Níl dabht ach…

Cuán Clúmhach agus Scéal an Damhna

Is léir ón gcéad leathanach gur leabhar teagaisc é seo. Tionscadal de chuid oideachasóirí in Iowa a bhí sa bhunleagan. Baintear úsáid as leagan amach úrscéil ghrafach le ceachtanna a mhúineadh faoin damhna agus na cruthanna éagsúla a bhíonn air. Tá an-chuid ábhair pléite agus mínithe laistigh de 30 leathanach agus go leor téarmaí nua…

Cuil Bheag Óg

Sa leabhar seo feicimid an chuil bheag óg ag eitilt thart agus é ag cur isteach ar na hainmhithe móra. Suíonn sé ar shrón na heilifinte, ar chluas an dobhareich agus ar lapa an tíogair. Cé go bhfuil sé beag bídeach níl faitíos ar bith ar an gcuil bheag óg. Tá na hainmhithe móra ag…

Daid Dearmadach

Daid Dearmadach is a collection of twelve poems in Irish which deal with various scenarios, such as dancing class in school, the arrival of a new baby into a family, and the panic caused by a bat flying into a bedroom. The world these poems describe is one of fun and excitement, and this is…

Dainín: Bog chun Siúil!

Is é Bog Chun Siúil! an ceathrú leabhar sa tsraith ina léirítear eachtraí an tíogair óig Dainín, agus tá sé chomh hálainn dea-scríofa céanna is atá na cinn eile: Cloisim Rud Éigin!, Cá bhfuil Teidí? agus Lá Álainn Dainín. Rachaidh an scéal simplí agus na pictiúir tharraingteacha i bhfeidhm ar an léitheoir óg, ach tá…

Deirdre an Bhróin

Scéal brónach é seo faoin spéirbhean Deirdre, agus an tragóid a bhí in ann di ón uair a rugadh í. Cuirtear in iúl dúinn go bhfaca an fear feasa Cathbad fís uafásach faoin aighneas a bheadh in ann don ríocht de bharr áilleacht an chailín óig Deirdre sa todhchaí. Mar sin bheartaigh an Rí, Conchubhar,…

Dineasáir Scanrúla

Beidh áthas an domhain ort nach beo atá na dineasáir nuair atá an leabhar seo críochnaithe agat. Is scanrúil le léamh faoi a leithéid den Utahraptor agus iad in ann rith chomh tapa le 100 ciliméadar san uair nó an Spinosauras a raibh cnámha droma aige a d’fhás chomh fada le dhá mhéadar ar fad.…

Dordán

Úrscéal corraitheach a bhogann faoi luas is é Dordán. Cuireann sé síos ar Natasha atá ag ullmhú don Ardteist. Is breá léi am a chaitheamh lena cairde Mollaí agus Ailbhe, a théann ar scoil léi, ag plé gasúir, na scrúduithe, na Debs, agus an todhchaí. Níl a fhios ag Natasha cé a rachaidh léi chuig na Debs: b’fhéidir deartháir a…

Dracula (Eagrán do dhéagóirí)

Léirmheas le hIarla Mac Aodha Bhuí Is fada an leabhar seo i gcló ach mar scéal cáiliúil clasaiceach a spreag scannáin agus leaganacha éagsúla gan áireamh, is maith agus is mithid é a mholadh. Chóirigh Emmett B. Arrigan leagan do dhéagóirí agus is é an file agus an t-aistritheoir sároilte cumasach Gabriel Rosenstock a chuir…

Éalú ón Zú agus Drámaí Eile

Éiríonn go sármhaith le hÁine Ní Ghlinn samhlaíocht an léitheora a mhúscailt sa chnuasach seo de thrí dhráma nua-aimseartha véarsaíochta, ina sníomhtar le chéile téamaí uilíocha ar nós saoirse agus grá. Pléitear saol an teaghlaigh sa dráma Cúitsí Cúitsí Cú ina bhfeicimid Úna óg mar fheighlí don chéad uair. Insíonn na hainmhithe sa dráma Éalú…

Éalú san Oíche

Is breá liomsa scéalta stairiúla lán d’eolas ach níos mó ná sin is aoibhinn liom na scéalta stairiúla ina ndírítear isteach ar an taobh daonna den scéal. Is é seo go díreach an rud a chuirtear ar fáil sa leabhar iontach seo. Insítear dúinn faoi theaghlach áirithe amháin agus tugtar léargas deimhin dúinn ar a…

Earcail

Bíonn an-spéis go deo ag páistí i bhfinscéalta, go háirithe finscéalta ón nGréig. Is maith an aithne atá acu ar leithéidí Earcail agus ba dheas liom a fheiceáil go bhfuil leabhar nua tagtha amach i nGaeilge shimplí a bheadh feiliúnach do pháistí bunscoile. Deirim páistí bunscoile mar is léir ó leagan amach an leabhair go…

Fainic a Fhiachra

Léirmheas le Medb de Buiteléir Is pictiúrleabhar álainn simplí do pháistí thart ar sé no a seacht é Fainic, A Fhiachra. Insíonn sé scéal Fhiachra, buachaill óg a mbíonn timpistí aige i gcónaí ach a thagann astu ar bhealach éigin. Is breá le Fiachra beag an saol mór millteach atá thart timpeall air agus ag tabhairt…

Fuadaithe

Níl fonn ar Cháit dul abhaile. Tá drogall uirthi imeacht ón scoil agus a hathair a fheiceáil arís tar éis an argóint dona sin a bhí acu ar maidin. Seans go leanfaidh sí ar aghaidh ag siúil; ní dhearna siad ach argóint agus a máthair imithe ón teach. Tá athrú ar an scéal seo áfach…

Fungie & Mara

Tá Fungie ar ais arís! An uair seo, buaileann an deilf le cara nua, an mhaighdean mhara Mara. Déanann Mara an ceol is binne a chuala Fungie riamh, agus cuireann sé í in aithne do na hainmhithe mara eile i mBá an Daingin. Meallann an ceol iad uile chun rince. Leabhar pictiúir álainn do pháistí…

Gearóidín Gabhar

Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir Scéal gleoite  taitneamhach  é seo faoi Ghabhar darb ainm Gearóidín agus na hainmhithe éagsúla a gcasann sí leo lá amháin agus í ag spaisteoireacht timpeall feirme.  Faraor, gach uair a labhraíonn sí leis na  hainmhithe éagsúla lena mbuaileann sí, ní chloiseann sí iad i gceart agus éiríonn míthuiscint eatarthu.  Chabhródh an…

Go Tóin Poill

Is scéal osnádúrtha é seo – tá Nic ar a bhealach isteach go hInis Meáin ar an bhád le cuairt a thabhairt ar a sheantuismitheoirí . Agus é amuigh ar an deic, ag iarraidh sos a fháil ón challán i gcábán na bpaisinéirí, tá eispéireas iontach aisteach go deo aige… Tá insint an-ealaíonta ar fad déanta ar an…

Goimh agus Scéalta Eile

Léirmheas le Seán Mac Risteaird Is mar úrscéalaí is mó a bhfuil cáil bainte amach ag Ré Ó Laighléis le roinnt mhaith blianta anuas. Sin ráite, is féidir fós scoth na scríbhneoireachta a fheiceáil sa chnuasach gearrscéalta Goimh agus scéalta eile a tháinig ó pheann Uí Laighléis in 2004. Láimhseáil ardchumasach ar théama an chiníochais atá…

Grian na Cásca

Leirmheas le hAoife Gately Is leabhar le dánta iontacha do dhaoine óga é Grian na Cásca. Tá na dánta samhlaíoch agus siamsúil. Scríobhann Treasa faoi théamaí aithnidiúla an nádúir, an tsaoil sa bhaile, agus laethanta saoire ar bhealach úr uathúil. Meallann an teanga sa leabhar seo léitheoirí óga. Úsáideann cuid de na dánta, mar shampla…

Grianghraf an Bháis

Scéal uafáis, thar a bheith eachtrúil is ea an scéal seo. Plota corraitheach atá i gceist ann ina dtugann buachaill óg faoi thóraíocht scanrúil chun a thuismitheoirí a fháil ar ais tar éis do ghrianghrafadóir olc aisteach iad a chur as radharc lena cheamara aisteach. I ndiaidh dó a thuismitheoirí a chailleadh, is i ndomhan…

Hóng

Ó pheann an scríbhneora Anna Heussaff a thagann an leabharbríomhar seo faoi Evan, buachaill ó Bhaile an Chuain, a bhfuil dúil aige sa chluiche ríomhaireachta ‘Hóng’. Is cluiche réalaíoch é Hóng, a imríonn Evan agus a chara Rio, gan stad. Ach tá contúirtí móra i mBaile an Chuain ag cur eagla ar imreoir eile, Yin. Cé…

Hubert

Díríonn an leabhar Hubert le Caitríona Hastings ar an gcúnamh a thugann cairdeas dúinn in aghaidh na ndeacrachtaí a chuirtear romhainn agus muid ag fás fós. Agus an deilgneach air, buaileann Gearaí le tarbhmadra darb ainm Hubert. Téann Hubert in éineacht le Gearaí chuig gach áit, cé nach bhfuil sé feicthe ag aon duine eile. …

Inis seo dom!

Trí agallamh beirte atá sa leabhar beag seo agus tá páirt lárnach ag an ngreann i ngach uile cheann  acu. Saothair ghairide iad ach cuimhneoidh tú orthu le fada an lá! Is é an t-idirlíon agus na suíomhanna idirlín ach go háirithe atá i gceist leis an gcéad agallamh beirte, is é sin, ‘www.dídúdaldam.ie’, scríofa ag…

Is Fuath Liom Dul ar Saoire!

Níl fonn ar an gcat Máire Treasa dul chun na trá agus síleann sí go bhfuil áit fholaigh den scoth aimsithe aici. Ach faraor cuirtear sa charr í le giuirléidí an teaghlaigh agus ní fada go mbíonn siad uile ar phicnic. Éalaíonn sí léi ar eagla go mbeadh uirthi bualadh le smugairlí róin ar an…

Is geal liom sibh go léir

Léirmheas le Conchúr Mac Crábhagáin Insíonn Sam Mc Brearty dúinn faoi trí bhéirín agus an imní atá orthu. Síleann siad uile go gceapann a Mamaí agus a nDaidí go bhfuil an dá bhéar eile níos fearr. Tá jab ag Mamaí agus Daidí Béar a mhíniú dóibh gur geal leo iad go léir. Is cuma le Mamaí…

Is Linne an Tolg

Léirmheas le Tara Malone Is leabhar greannmhar do pháistí é “Is Linne an Tolg”, agus insítear an scéal trí shúile an chait “Máire Treasa Mí Abha”. Nuair a thagann tolg nua chuig an teach, tógann an cat millte trioblóid mhór mar nach féidir léi an tolg a úsáid a thuilleadh chun faobhar a chur ar a…

Is Mise an Cat Is Áille

Is é príomhcharachtar an scéilín gleoite greannmhar seo ná cat darb ainm Máire Treasa. Lá amháin, socraíonn an chlann lena bhfuil sí ina cónaí  go bhfuil sí chun páirt a ghlacadh i gcomórtas na gcat! Níl sí pioc sásta faoin gcinneadh seo, go háirithe ós rud é go bhfuil uirthi bia sláintiúil ithe agus traenáil…

Is mise do chara

Is é seo an dara húrscéal ón scríbhneoir Esther Göbl Uí Nualláin. Nuair a ghortaítear cos Oisín agus é ag imirt peile cailleann an sé misneach ann féin. Chomh maith leis an ngortú fisiciúil goilleann focail ghránna a dheirféar, Ciara, go mór air. Sa leabhar seo léirítear an éifeacht atá ag an dá bhuille seo…

Lá Breithe Chití

Léirmheas le Freda Ní Mhuilleann Cailleach, cóisir, draíocht agus cat dubh; tá gach uile saghas rud i gceist leis an leabhar iontach seo agus ní mór dom a rá gur leabhar den scoth atá ann. Bhí mé féin tógtha leis tar éis an blurba féin a léamh agus an clúdach a fheiceáil. Scéal álainn taitneamhach greannmhar…

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi

Léirmheas le Colm Ó Fainín Is é “Lastall den Scáthán agus a bhFuar Eilís Ann Roimpi” an scéal leantach de “Eachtraí Eilíse i dtír na nIontas” a scríobh Lewis Carroll agus a d’aistrigh Nicholas Williams go Gaeilge, agus tá sé ar fáil i mbreis is seacht dteanga is fiche. Cosúil le “Eachtraí Éilís i dtír na nIontas”…

Leabhar Mór an Eolais

Léirmheas le Niamh Ní Thuama Ciclipéid reatha atá cruthaithe ag Oxford University Press agus aistrithe ag Máirtín Ó Cléirigh, Colmcille Ó Monacháin agus Caoimhín Ó hÍcí. Tá an t-eolas bailithe acu faoi naoi dtéama éagsúla agus tá réimse fíorleathan clúdaithe acu dá bharr. An chéad rud a fheiceann an léitheoir óg nuair a osclaíonn sé nó…

Leonardo agus an Buachaill a D’eitil (Scéal Faoi Leonardo Da Vinci Le Laurence Anholt)

Léirmheas le Ruth Nic an Bhreithiúnaigh An tÁisaonad, Coláiste Ollscoile Naomh Muire Ó pheann an scríbhneora Laurance Anholt a thagann an leabhar spéisiúil, ealaíonta seo faoi Leonardo Da Vinci, an dealbhóir, péintéir, ailtire, cumadóir agus innealtóir ba cháiliúla ar domhan. Déanann an leabhar álainn seo cur síos ar Zoro, buachaill óg  agus é fíorghnóthach ag…

Lisín: Ní Banphrionsa Mé

Sa scéal álainn, beoga seo, cuirtear síos ar chailín óg darb ainm Lísín, a bhfuil ina foghlaí mara. Freastalaíonn Lísín ar scoil na bpáistí deasa. Ní thaitníonn gúnaí ná an dath bándearg le Lísín agus tá áiféis uirthi nuair a iarrann Sailí, a múinteoir, uirthi páirt bhanphrionsa a ghlacadh i ndráma bliantúil na scoile agus…

Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm

Seans gurb é Cú Chulainn an laoch is cáiliúla i miotaseolaíocht na hÉireann, ach sa scéal seo athráite ag Máirtín Mac Grianna, foghlaimímid faoi Chonall Cearnach, fear le stádas ard sa tír ag an am sin, agus an páiste óg a thóg sé agus a chosain sé ó thodhchaí amhrasach. Oíche amháin imíonn Conall leis…

Mise Agus an Dragún

Scéal álainn is ea Mise agus an Dragún ina bhfeicimid na heachtraí samhlaíocha a bhíonn ag béirín beag. Oíche amháin, agus é ag dul a chodladh, labhraíonn sé linn faoin méid a tharlóidh “nuair a bheidh mise mór”! Den chuid is mó, tá na heachtraí seo bunaithe ar na carachtair atá ar a dhuivé agus ar na…

Misteir an Mary Celeste

Mistéir cheart, ar ndóigh, is ea mistéir an Mary Celeste agus níl a fhios againn fós an chúis gur fágadh folamh í i lár an Atlantaigh i 1872. Cé nach bhfuil an scéal ar fad ag éinne, tá an-chuid eolais ag Carol Krueger, údar an leabhair. Deir sí féín  ag deireadh an tsaothair go bhfuil sí…

Mistéirí Aisteacha

Le blianta beaga anuas, tá Futa Fata tar éis cur go mór le méid agus le caighdeán an neamhfhicsin Ghaeilge atá ar fáil do dhaoine óga, agus cuireann an leabhar seo go mór le liosta neamhfhicsin an fhoilsitheora. Is aistriúchán ón mBéarla é, agus cuid den tsraith ‘Na 10 gcinn is measa’. Ag tús an…

Mo Cholainn: Ó Bhaithis Go Bonn

Léirmheas le Siobhán McNamara Leabhar pictiúr do pháistí óga é seo. Lán le léaráidí soiléire deasa simplí, tugann an leabhar eolas do pháistí ar na baill beatha, ar na rudaí is féidir a dhéanamh leis na baill beatha éagsúla, agus ar an ilchineálacht mhór a bhaineann leis an gcolainn ó thaobh crutha, méid agus dath craicinn…

Ná Gabh ar Scoil!

Tá mí Mheán Fómhair tagtha, agus tá athrú i ndán do Chóilín agus dá Mham. Tá an Béirín ar tí bualadh amach sa saol mór leis féin ach tá Mamaí Béar anbhuartha faoi. Leabhar gleoite do pháistí is ea an leabhar seo ón údar a fuair ainmniúchán ar ghearrliosta Ghradam Réics-Carló dá céad leabhar do…

Na Laochra is Lú

Seo é an chéad leabhar ó pheann Laoise Ní Chléirigh: scéal toisce ina bhfuil dhá shíog bheaga mar ghaiscígh. Caithfidh siad an tír a tharrtháil ón Taibhse Dána atá ag cur eagla ar dhaoine agus ag cur bád go tóin poill; agus buaileann siad le carachtair fantaiseacha, cuid acu ó mhiotaseolaíocht na hÉireann , a…

Na Trí Mhíoltóg

Tá clú agus cáil ar Mhicheál Ó Conghaile mar gheall ar na leabhair ar fad atá scríofa aige agus iad aistrithe go Béarla, Gearmáinis, Cróitis, Albáinis agus Rómáinis. A mhalairt atá sa saothar seo, áfach, agus scéalta béaloidis agus fabhalscéalta ón Domhan Thoir athinste aige sa Ghaeilge.  17 scéal atá i gceist agus tá éagsúlacht…

Nasc na Fola

Léirmheas le Siobhán McNamara Insítear scéal fírinneach sa leabhar seo faoi Shéamas agus Thomás Ó Dálaigh, beirt dheartháireacha óga Éireannacha, a d’fhág a dtír dhúchais mar gheall ar na Péindlíthe san ochtú haois déag chun dul chuig an Spáinn, agus beirt a raibh tionchar mór orthu ar stair mhíleata agus thráchtála oileáin bheaga i bhfad i…

Ní Mise a Rinne É!

Is buachaill óg é Séimaí le samhlaíocht chumhachtach. Cuireann sé an milleán ar na cairde a chruthaíonn sé, mar shampla, briseann na cangarúnna an vása, agus briseann an rón an fhuinneog. Ach, an gcreideann Mamaí a mac nuair a thagann trí eilifint isteach sa teach i lár na hoíche? Is leabhar Gaeilge é “Ní mise…

Nóinín agus Róllaí Póllaí

Léirmheas le Freda Ní Mhuileann Scéal deas spraoiúil atá sa leabhar seo agus sinn ar thóir cara beag Nóinín ar an lá speisialta sin, an chéad lá de Feabhra – tosach an Earraigh. Ní tasc gan stró atá ann, áfach agus buaileann Nóinín lena lán ainmhithe eile sula leagann sí a súil ar a gráinneog ghleoite,…

Ó Chrann Go Crann

Is ó pheann an scríbhneora Caitríona Hastings, a bhfuil mórchuid gradam buaite aici, a thagann an scéal álainn seo faoi Nia, cailín óg atá ag bogadh óna saol deas tuaithe go dtí an chathair mhór. Beidh ar Nia a cuid comharsan agus a cuid cairde scoile a fhágáil ina diaidh, ach níos measa fós, caithfidh…

Oíche Chiúin – Scéal Amhrán Mór na Nollag

Is deacair le creidiúint nach cuid bhuan de thradisiúin na Nollag an bhí an t-amhrán “Oíche Chiúin” i gcónaí. Cé gur fonn tábhachtach é ag gach uile aifreann na Nollag, áfach, is óg an t-amhrán fós agus sa leabhar Oíche Chiúin – Scéal Amhrán Mór na Nollag, foghlaimímid faoi stair agus faoi chúlra suntasach an…

Ór ar Chrann

Sa tríú cnuasach ón bhfile Bernadette Nic An tSaoir tugtar léargas réadúil  nathánach  ar théamaí uilíocha an nadúir, an maoithneachais agus an ealaín. Bíonn an ceol  lárnach sa chnuasach seo. Déantar frithchaitheamh ar ghrá an fhile don cheol i bhfriotal agus rithim na ndánta sa chnuasach.    Cruthaítear go saoithiúil nasc idir an ceol agus an…

Píobaire Hamelin

Léirmheas le Bláithín Nic Cárthaigh Is scéal fantasaíochta dorcha é an scéal seo faoin bPíobaire Breac. Pléann an scéal leis  an méid a tharla do bhaile Hamelin nuair a tháinig an Píobaire chun deireadh a chur leis na francaigh a bhí ag milleadh an bhaile seo. Ach faraor ní hiad na francaigh an t-aon rud a…

Póg mar Seo

Níl aon dá phóg mar a chéile de réir an leabhair seo. Tá póg bheag, póg mhór, póg plup plop, póg tiútaí fliútaí agus a lán eile nach iad. Taispeántar ainmhithe éagsúla mar an luch, an tsioráif, agus an bheach agus iad ag pógadh a chéile. Sa deireadh tá póg amháin in easnamh. Ní fheadar…

POP!

Tháinig an leabhar seo chugam sa phost inniu agus d’éirigh na súile mór i mo cheann nuair d’oscail mé suas í – a leithéid de chur i láthair galánta ar scéal. An chéad rud a bhuaileann tú ná na léaráidí breátha agus an chuma ghleoite atá ar an leabhar ó chlúdach go clúdach, rud a…

Rannta Beaga

Rannta Beaga is ea an chéad leabhar atá tagtha amach ó pheann Shiobhán Uí Luachra. Is múinteoir bunscoile í agus is léir ó théamaí agus ó fhoclóir na ndánta seo go bhfuil taithí na mblianta aici ag plé le leanaí. 16 dán atá ar fáil, gach uile cheann sáite le híomhánna iontacha réalaíocha. Sa dán…

Róbó-Mhadra

Is leabhar éadrom taitneamhach é Róbó-Mhadra sa tsraith ‘Jeaic agus Lúlú’ a chuirfidh lúcháir ar pháistí óga. Baineann an scéal le Jeaic agus a mhadra Lúlú, madra nach bhfuil fíochmhar go leor chun bheith ina mhadra cosanta dar le hathair Jeaic. In am an ghátair agus gadaí sa chomharsanacht, ní mór do Jeaic an fhadhb…

Saol an Mhadra Bháin

Léirmheas le Shannon Glenholmes B’fhéidir gurb é scéal “Saol an Mhadra Bháin” an leabhar páistí is cliste atá léite agam le déanaí. Déanann an scéal plé ar an gcúlú eacnamaíochta trí shúile páiste óg. Mar aon leis an díomá atá uirthi mar gur cuireadh a laethanta saoire go Nua Eabhrach ar ceal, tá uirthi déileáil le…

Scéalta sna Cuilteanna

Breathnaím ar dtús i gcónaí ar an gclúdach agus leabhar nua faighte agam. Thaitin íomhá an leabhair seo, cailín óg agus a sin-seanmháthair ag fuáil le chéile, go mór liom agus ní raibh díomá ar bith orm agus an scéal a bhí istigh á léamh agam. Is é an rud atá i gceist sa leabhar…

Scoil na bPáistí Deasa

Foghlaí Mara is ea Lísín a bhfuil sé de dhualgas uirthi foghlaithe mara nua a thraenáil nuair a thosaíonn sí ag freastal ar Scoil na bPáistí Deasa. Bheadh an leabhar seo tarraingteach do bhuachaillí agus do chailíní toisc gur Muireann i mbríste ceart í Lisín. Chomh maith, tá an leabhar lán le rudaí a mbíonn…

Scuabtha Chun Siúil

This rhyming picturebook reads as if it was originally written in Irish such is the skill and confidence of the translator, Gabriel Rosenstock. In this romp, the witch acquires such a coterie of benefactors that her broomstick collapses under their weight. Disaster looms when Donncha Dragan casts his fiery breath in her direction. Luckily her…

Siúlóid Bhreá

Léirmheas le hÚna Breathnach Tá Mamó ag crochadh  éadaí ar an líne agus tá Daideo ag cabhrú léi. Ag an am céanna tá Rex an madra ag cur cnáimhe sa talamh agus salachaíonn sé bráillín deas glan le láib. Tá Mamó cráite le Rex agus tógann Daideo Rex amach ar siúlóid é. Téann siad ar…

Smuf

Is leabhar spleodrach é Smuf a thug uchtach dom agus mé á léamh gur féidir litríocht den chéad scoth a chur ar fáil i nGaeilge aoibhinn bhlasta do pháistí óga. Scéal é seo faoi mhadra darb ainm Smuf a bhíonn ag cothú trioblóide i ngan fhios dó féin. Mar reacaire tá Smuf bocht iomlán aineolach faoina dhiabhlaíocht…

Sonas ar Só: Rannta do pháístí óga

A blast from the past! Due to its obvious popularity and demand, this book has been published with its original illustrations for the third time since 1977. It is a varied collection of rhymes and jingles in Irish suitable for all primary classes but mainly for younger classes. Many practising pedagogues will remember teaching at…

Spidey

Scéal gleoite é seo faoi Shéimí; buachaillín óg gur breá leis damháin alla. Tá an méid sin suim aige iontu go gcuireann gach rud damhán alla i gcuimhne do; glasraí, milseáin, cniotáil a sheanmháthar fiú! Beartaíonn a thuismitheoirí ar an fhírinne faoi dhamháin alla a mhúineadh dó, agus mar sin tógann siad é chuig an…

Teach Solais Mhamó

Leabhar gleoite ildaite lán den ghreann is den tsamhlaíocht atá le feiceáil in iarracht Eddie Kennedy agus é maisithe go héifeachtach ó chlúdach go clúdach ag Fintan Taite. Éiríonn leis an mbeirt acu domhan osréalaíoch agus draíochtúil den ardchaighdeán a chruthú. Sampla eiseamláireach é an téacs spraíúil seo, ina n-éiríonn le maisiú an leabhair luí…

Thar an Trasnán

Léirmheas le Shane Donoghue Mura bhfuil ann sa scéal seo ach aon teachtaireacht amháin, is é sub gur gá duit na rudaí ar mian leat iad a roghnú go cúramach! Is é Eoghan an príomhcharachtar agus is iontach an t-iontas atá air nuair a thagann sé ar ghinid i seanchrúsca atá i gcupard a sheanmháthar. Bronnann…

Trupall Trapall

Léirmheas le Beití Ní Dhuibhir  Cnuasach rannta beaga  ón mbéaloideas do phaistí  roghnaithe agus maisithe ag Cliodhna Cussen atá sa leabhar seo, curtha i gcló den chéad uair i 1972. Rogha fhairsing rannta atá sa bhailiúcháin seo  ina bhfuil rannta  traidisiúnta mar shampla, Aon Dó Capall Bó agus Trupall Trapall le fáil ann. Thaitneodh na rannta…

Turasanna

Cnuasach fiilíochta ón bpeann oilte Cliodhna Cussen atá sa leabhar Turasanna. Feictear téama an nadúir, téama na hoidhreachta agus téama an chogaidh go ríshoiléir ann. Oireann teideal an chnuasaigh go mór d’ábhar na ndánta ann, a bhfuil mar ábhar iontu turasanna idir an t-am atá thart agus an lá atá inniu ann agus turasanna geografacha…

Uinseann Donn

Ó thús deireadh, is leabhar álainn do dhaoine óga é Uinseann Donn. Tá an scéal dírithe ar an bhfoghlaimeoir agus ar an nGaeilgeoir óg. Is é an leabhar is déanaí atá scríofa ag Tadhg Mac Donnagáin, údar na leabhar seo a leanas freisin: Frog sa Spéir agus Cloisim Rud Éigin. Tá an leabhar maisithe go…

Zombaí!

Is leabhar é Zombaí! a thaitneoidh go mór le páistí ar spéis leo scéalta uafáis! Freagaíonn an leabhar an mhórcheist  úd faoin méid go díreach a tharlaíonn nuair a fhaigheann duine bás agus nuair a chuirtear in uaigh é! Téann Rónán réasúnta minic chuig reilg a Dhaideo agus caitheann sé am ag insint dó faoi na nithe a…
X