Plean straitéiseach
Léigh agus íoslódáil plean straitéiseach Leabhair Pháistí Éireann.
An méid is eol dúinn i gcomhthéacs na hÉireann:
An staidéar fadaimseartha Growing Up in Ireland, tá sé mar bhonn ag an obair atá le déanamh againn ag gach aois agus gach céim de shaol páiste: tá 19.5% de pháistí naoi mí d’aois nach bhfuil aon duine ag léamh dóibh. Agus iad trí bliana d’aois, tá 20% de pháistí ann nach bhfuiltear ach ag léamh go hannamh dóibh – trí lá sa tseachtain nó níos lú ná sin. Tá sé léirithe gur táscaire an-mhaith é minicíocht na léitheoireachta ag trí bliana d’aois de na nósanna léitheoireachta a bheidh acu dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus leantar leis an bpatrún sin ar feadh na hóige: tá an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire ag seacht mbliana déag d’aois ceangailte go mór leis na patrúin a bhíonn le feiceáil ag naoi mbliana d’aois agus trí bliana déag d’aois.
Léiríonn an méid sin uilig dúinn cé chomh tábhachtach is atá sé an léitheoireacht a spreagadh ó thús an tsaoil, seachas nuair a thosaíonn páistí ag freastal ar an scoil. Ag naoi mbliana d’aois, níl ach 6% de pháistí a thuairsicíonn nach léann siad choíche mar chaitheamh aimsire. Tá an líon sin ag 19% i measc pháistí trí bliana déag áfach, agus taobh istigh de cheithre bliana ina dhiaidh sin, bíonn meath suntasach le feiceáil: os cionn leath de dhaoine seacht mbliana déag d’aois, ní léann siad choíche mar chaitheamh aimsire. San aoisghrúpa níos sine sin, is é an ról atá againne an fonn léithoireachta a chothú agus iad ag aistriú go dtí an meánscoil, ag fágáil an chórais scoile agus ag tabhairt faoin saol mar dhuine fásta. Thug níos mó ná leath de dhaoine fiche bliana d’aois in Éirinn tuairisc nárbh aon chuidiú í an mheánscoil i dtaobh grá a chothú don léitheoireacht mar chaitheamh aimsire. Is é spriocphobal Leabhair Pháistí Éireann páistí agus daoine óga ó thús a saol go hocht mbliana déag, agus ní mór dúinn na bealaí cearta a aimsiú lenár ndíograis agus ár gcuid saineolais a roinnt le páistí, daoine óga agus na daoine fásta a threoraíonn a gcuid léitheoireachta ag pointí éagsúla ina saol.
Cén fáth a ndéanann muid an obair againn?
Tá sé de chumhacht ag an léitheoireacht saol duine a athrú. Tá fianaise fhairsing ann lena léirítear go grinn an méid is féidir leis an léitheoireacht a dhéanamh do pháiste nó do dhuine óg: trí bheith ag léamh mar chaitheamh aimsire, cuirtear le litearthacht, uimhearthacht agus stór focal páistí óga. Tá dhá eispéireas an-tábhachtach i saol an pháiste a d’fhéadfadh tacú lena bhforbairt mar léitheoirí – leabhar a bheith acu ag trí bliana d’aois a bhfuil a gcroí istigh ann, agus ballraíocht leabharlainne a bheith acu. Tá sé léirithe go gcuireann an léitheoireacht le comhbhá freisin, agus go gcuireann sé feabhas ar an bhfolláine mheabhrach: páistí a bhaineann taitneamh as an léitheoireacht, is mó seans (trí oiread) go mbeidh siad folláin ó thaobh na meabhairshláinte de ná páistí nach mbaineann. Is mó tábhacht atá leis an léitheoireacht ó thaobh fhorbairt chognaíoch páistí ná mar atá le leibhéal oideachais a dtuismitheoirí, agus is toisc níos cumhachtaí í ó thaobh an méid a bhaintear amach sa saol ná an cúlra socheacnamaíoch. De réir OECD, d’fhéadfadh sé go bhfuil sé ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun athrú sóisialta a bhaint amach suim daltaí a spreagadh sa léitheoireacht.
Is é a chuirtear in iúl leis an eolas sin go léir gur féidir le Leabhair Pháistí Éireann difear a dhéanamh agus trí obair a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil sé de dheis ag gach páiste grá a fhorbairt don léitheoireacht, féadfaidh muid an saol a fheabhsú do pháistí agus do dhaoine óga ar fud oileán na hÉireann.
Is mian linn go mbeadh léitheoirí óga in ann lúcháir agus spleodar a bhaint as leabhar a aimsiú a mbíonn dáimh acu leis – cibé acu a léiríonn sé an saol mar atá acu féin nó a thugann sé deis dóibh dul ag taisteal in am agus spás leis an saol a fheiceáil ó dhearcadh duine eile. Is mian linn an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire a cheiliúradh, is cuma cén cineál litríochta atá i gceist, úrscéalta véarsaíochta cuir i gcás, nó leabhair neamhfhicsin, fantaisíocht, filíocht nó pictiúrleabhair i mBéarla agus i nGaeilge.
Aidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha/ár naidhmeanna agus mar a bhainfidh muid amach iad
Cosnóidh muid an ceart atá ag gach páiste agus duine óg in Éirinn taithí a fháil ar an aoibhneas a bhaineann le leabhair ardcháilíochta a léamh. Tacóidh muid le léitheoirí óga an leabhar ceart dóibh féin a aimsiú agus atmaisféar na spleodrachta a chruthú i dtaobh leabhair a phlé.
Conas a mbainfidh muid ár sprioc amach?
a. Imreoidh muid tionchar ar pholasaí an Rialtais agus molfaidh muid tionscnaimh thábhachtacha a thacaíonn le ceart léitheoireachta páistí agus daoine óga
b. Cuirfidh muid leabhair den chéad scoth ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga nach mbeadh sé de dheis acu bheith ina léitheoirí gan iad
c. Cuimseofar inár gcuid oibre páistí agus daoine óga ar fud oileán na hÉireann agus an dá theanga náisiúnta againn
Creideann muid go bhfuil luach uathúil ag baint le litríocht na hÉireann do pháistí, litríocht a chruthaíonn maisitheoirí, údair, filí, foilsitheoirí agus scéalaithe. Cruthóidh muid deiseanna do na healaíontóirí sin ionas go bhféadfaidh siad gairmeacha sásúla a bheith acu, agus ionas gur féidir le léitheoirí óga in Éirinn taithí a fháil ar shaibhreas agus éagsúlacht shochaí agus chultúr na hÉireann sa lá atá inniu ann, mar atá sé curtha in iúl sa litríocht.
Conas a mbainfidh muid ár sprioc amach?
a. Méadóidh muid an éagsúlacht i litríocht na hÉireann do pháistí
b. Beidh muid inár gceannródaithe ó thaobh an chleachtais de agus forbróidh muid polasaithe láidre i leith luach saothair cóir cothrom le haghaidh ealaíontóirí
c. Déanfaidh muid forbairt ghairmiúil, ardáin le haghaidh cur chun cinn, deiseanna oibre agus naisc le pobail cleachtais a chur ar fáil d’ealaíontóirí ag gach céim dá ngairmeacha
Cuirfidh muid na huirlisí ar fáil do theaghlaigh, múinteoirí, leabharlannaithe agus lucht díolta leabhar chun go mbeidh siad in ann aird léitheoirí óga a tharraingt ar leabhair a mbeidh grá acu dóibh. Treoróidh muid na daoine fásta sin chun léitheoireacht páistí agus daoine óga a chothú agus leabhair ar ardchaighdeán a chur ar fáil dóibh ón uair a rugfar iad, ar feadh a n-óige, agus isteach sna déaga.
Conas a mbainfidh muid ár sprioc amach?
a. Spreagfaidh muid cultúr dearfach i leith na léitheoireachta mar chaitheamh aimsire sna scoileanna
b. Tacóidh muid le léitheoireacht páistí agus daoine óga sna meáin
c. Treoróidh muid teaghlaigh chun grá don léitheoireacht a spreagadh ina bpáistí
d. Cuirf idh muid straitéis cumarsáide láidir i bhfeidhm ionas go mbainf idh ár gcláir, ár n-acmhainní agus ár bhfoilseacháin an raon is leithne daoine amach agus is féidir
Chun bheith ag obair i dtreo na físe atá againn agus tacú le léitheoirí óga na todhchaí, cinnteoidh Leabhair Pháistí Éireann go gcuireann ár modhanna oibre ar bhealach an ratha agus an fhad saoil muid.
Conas a mbainfidh muid ár sprioc amach?
a. Tomhaisf idh muid tionchar ár gcuid oibre agus cuirf idh muid in iúl go soiléir é dár bpáirtithe leasmhara
b. Sainaithneoidh muid deiseanna chun cur ar a gcumas do pháistí agus do dhaoine óga bheith páirteach go fóinteach inár bpróisis pleanála agus chinnteoireachta
c. Cloíf idh muid le dea-chleachtais rialachais agus oibreoidh muid go hoscailte agus go hionraic
d. Forbróidh muid straitéisí soiléire tiomsaithe airgid lena chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus an acmhainneacht againn atá de dhíth lenár misean a chur i gcrích
e. Beidh muid páirteach i gcomhphobal idirnáisiúnta chun dea-chleachtas a chomhroinnt agus foghlaim a mhalartú
Luachanna
Barr feabhais:
Tá cion mór ag foireann Leabhair Pháistí Éireann ar an obair a dhéanann muid. Is foireann fhuinniúil chruthaitheach sholúbtha muid, agus bíonn muid bródúil as caighdeán fíorard a chothabháil inár gcuid oibre go léir.
Ceangal:
Tá Leabhair Pháistí Éireann ag croílár an phobail leabhar do pháistí. Cothaíonn muid éiceachóras atá ríthábhachtach do léitheoireacht páistí, agus oibríonn muid i gcomhar le daoine agus cuideachtaí atá den mheon céanna linne chun ár bhfís a bhaint amach i dtaca le léitheoir fad saoil a dhéanamh de gach páiste.
Suáilceas:
Is mór againn cineáltas agus cuimsiú i measc na foirne agus nuair a bhíonn muid ag obair lenár gcomhpháirtithe. Bíonn muid oscailte, cairdiúil agus inrochtana inár gcaidrimh agus gníomhaíochtaí go léir.