Author:

Gabriel Rosenstock

Headshot of Gabriel Rosenstock

Is duine de na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla sa Ghaeilge é Gabriel Rosenstock. Rugadh é sa bhliain 1949 i ndeisceart
na tíre. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Innti a spreag agus a scaip an fhilíocht i measc phobal na hÉireann. Chaith sé tamall ag obair i réimsí éagsúla i saol na Gaeilge sular chrom sé ar an scríbhneoireacht lán-aimseartha. Tá clú idirnáisiúnta ar a chuid filíochta, go háirithe na haiku-anna óna pheann. Tá neart leabhar scríofa aige don aos óg, mar aon le leagan Gaeilge a bheith curtha ar fáil aige de shaothair de chuid Julia Donaldson agus Niamh Sharkey.

Book Cover – I Met A Woman Near Ballycanew and Other Nonsense Rhymes for Children

I Met a Woman Near Ballycanew and Other Nonsense Rhymes for Children

The esteemed Gabriel Rosenstock has left our company very recently, and all too soon. Acclaimed for his large contribution to both adult and children’s Irish language literature, this posthumous rhyming picturebook is a fantastic addition to his legacy. Comprising of a whistle-stop tour of Ireland, the place names thus encountered, in the tradition if not quite the form of the limerick, handily providing the rhymes for the whole extravaganza.

Book Cover - Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Sa chnuasach dánta seo do pháistí, cuireann an file mór le rá Gabriel Rosenstock réimse mór de charachtair dhána, aisteacha os ár gcomhair. Chomh maith leis na púcaí mistiúla ón teideal, buailtear le heachtrán ocrach, cangarú caillte agus damhán alla scanraithe. Bainfidh éisteoirí óga sult as an rím agus an t-athrá fuaime agus is mór an acmhainn don léitheoir go bhfuil gach dán nasctha le taifeadadh d’athrá proifisiúnta.

Book Cover - An Eala Órga agus Scéalta Eile Ón India

An Eala Órga agus Scéalta Eile Ón India

Bailiúchán scéalta gearra ón India atá ar fáil in An Eala Órga, athinste ag Gabriel Rosenstock. Bíonn fadhb éigean le réiteach ag na hainmhithe i ngach scéal - na giorriacha, an buabhall uisce, eala, sionnach agus mac tíre san áireamh. Éiríonn le hainmhí faoi leith an lámh in uachtar a fháil ar na carachtair eile sa scéal trí sheift éirimiúil a imirt.