Author:

Máire Zepf

Maire Zepf Headshot

Is údar í Máire Zepf a scríobhann leabhair don aos óg. Tá dhá leabhar déag scríofa aici go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na leitheoirí is óige, úrscéalta staire agus Nóinín – an chéad úrscéal véarsaíochta sa Ghaeilge do dhéagóirí. Chruthaigh sí sraith faoi charachtar bríomhar darbh ainm Ríta (An tSnáthaid Mhór) i bpáirt leis an maisitheoir Andrew Whitson. In 2015, d’fhoilsigh Futa Fata Ná Gabh ar Scoil!, maisithe ag Tarsila Krüse. Tá an leabhar sin aistrithe anois go seacht dteanga ar fud an domhain, agus bhuaigh sé Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann agus Gradam IBBY. Tá duais ficsin an Oireachtais bainte aici faoi dhó (do Lá Leis na Lochlannaigh in 2015 agus do Nóinín in 2018). Bhain Nóinín amach duais Leabhar na Bliana i ngradam Leabhair Pháistí Éireann sa bhliain 2020.

Book Cover - Rita wants a Witch

Rita wants a Witch

This Halloween, Rita wants a witch. She wants a witch that will let her stay up late at night, flying around on a broomstick. Rita’s witch wouldn’t fuss over cleaning or homework – there’s too much marvellous magic to be done! As Rita continues to think about the practicalities of having a witch in her life, she realises that it may not all be fun and games. There are many ways that living with a witch could be disastrous!

Book Cover - Rita agus an Dragún

Rita Agua An Dragún

An rud ba mhó ar mhaith le Rita ná dragún mar chara agus mar chomrádaí saoil aici. Éiríonn sí feargach ó am go chéile agus tá a fhios aici gurb amhlaidh an scéal a bheadh ag dragún agus go dtuigfeadh an dragún a cuid feirge.

Book Cover - Nóinín

Nóinín

Tá ag éirí go han-mhaith leis an úrscéal véarsaíochta d’aosaigh óga i saol an Bhéarla mar mheán éifeachtach le dul i ngleic le téamaí tromchúiseacha agus mothúcháin chasta, agus tá iomrá ar scríbhneoirí Éireannacha ar nós Sarah Crossan agus Meg Grehan atá ag cur saothar ar fáil sa seánra seo. Tá Cois Life i ndiaidh Nóinín, an chéad leabhar dá leithéid do léitheoirí óga na Gaeilge, a fhoilsiú, agus is cinnte go bhfuil an tairbhe chéanna ag baint leis an saothar seo; tá éacht déanta ag an údar, Máire Zepf, leis an úrscéal saorvéarsaíochta seo a dhíríonn ar an mhealltóireacht ar líne.