Author:

Tristan Rosenstock

Photo - Tristan Rosenstock

Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Tá sé ina Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, chomh maith le cláracha liteartha eile. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus cónaí orthu ag bun shléibhte Bhaile Átha Cliath lena mbeirt léitheoirí óga. Is é Inis Mara an chéad leabhar atá tagtha óna pheann.

Book Cover – Inis Mara 3

Inis Mara 3

Seo againn arís Éabha, laoch óg de bhunadh Inis Mara, agus í ag dul i ngleic le tubaiste mhillteanach eile. Cé go bhfuil seantaithí aici ar na bithiúnaigh santacha atá i ndiaidh theacht i dtír, beidh dúshlán roimpi stad a chur lena gcuid scéiméireachta. Ach nuair atá d’oileán, do mhuintir agus do phobal faoi bhagairt ag bithiúnaigh shantacha, nach í Éabha féin an cailín is fearr leis an dúshlán céanna a shárú!

Book Cover - Inis Mara

Inis Mara

Seo scéal Éabha, cailín óg atá ina cónaí ar oileán Inis Mara agus na heachtraí a thiteann amach tar éis do cheannaire nua bheith roghnaithe le bheith i gceannas ar an oileán. Faraor is duine santach é an ceannaire nua, agus in ainneoin go ndeir sé go bhfuil sé ag obair ar son an phobail, is a mhalairt atá fíor. Is cailín neamhspléach agus éirimiúil í Éabha agus is faoi Éabha atá sé drochghníomhaíochtaí an cheannaire a thabhairt chun solais agus teacht i gcabhair ar mhuintir an oileáin, agus iad a spreagadh le hobair le chéile.