Ar ais go dtí na leabhair: Léitheoireacht mar spraoi a athmhúscailt, leis na teidil is fearr as 2026
Agus na foilseacháin is fearr agus is gile ó 2026 á dtaispeáint do léitheoirí óga – idir fhicsin, neamhfhicsin, úrscéalta grafacha agus fhilíocht – tá treoir nua á sheoladh ag Leabhair Pháistí Éireann Ireland inniu (07.09.26) ina ndírítear ar bhreis is 100 teideal a scríobh nó a mhaisigh ealaintóir a saolaíodh nó a bhfuil cónaí uirthi/air in Éirinn.
Tá an carthanas náisiúnta a sheasann le ceart gach linbh ar ghrá don léitheoireacht a chothú ag iarraidh ar thuismitheoirí, caomhnóirí agus múinteoirí ‘léitheoireacht mar spraoi’ a athbheochan. Chuige sin tá treoir léitheoireachta ‘Na Leabhair Éireannacha is Fearr de 2026’ á sheoladh agus páistí ag filleadh ar an scoil an Meán Fómhair seo.
Gheofar léirmheasanna i mBéarla agus i nGaeilge sa treoir, mar aon le teidil do gach aoisghrúpa suas le 18 mbliana d’aois, amhail:
- ‘Looking for Aurora’ le Zainab Boladale (The O’Brien Press);
- ‘I am not a Dog’ a scríobh agus a mhaisigh Peter Donnelly (Gill Books);
- ‘Moon Moon Can’t Sleep!’ a scríobh agus a mhaisigh Johnathan Sung (Bad Book Press);
- ‘Project Dinosaur: Top Secret!’ le Jen Wallace – maisithe ag Alan O’Rourke (Little Island Books); agus
- ‘Dearg’ le Máire Zepf (Futa Futa).
Ina dtuarascáil le déanaí, ‘Léitheoireacht leanaí agus daoine óga in Éirinn’, fuair Leabhair Pháistí Éireann amach go léann 23% de leanaí agus daoine óga mar spraoi gach lá agus go sroicheann sé seo 46% i measc daoine óga ar léitheoirí laethúla a dtuismitheoirí. Agus muid ag socrú ar ais i saol na scoile, ba mhaith leis an gcarthanas go gcuirfí an t-am ar fáil sa bhaile agus sa seomra ranga don léitheoireacht mar spraoi, chun cabhrú le leanaí smaoineamh orthu féin mar léitheoirí.
Dúirt Elaina Ryan, PF Leabhair Pháistí Éireann: “Beidh páistí áirithe tar éis gach nóiméad den samhrad a chaitheamh ag léamh, agus tá páisti eile agus d’fhéadfadh tús an téarma nua deis a thabhairt dóibh casadh ar an léitheoireacht uair amháin eile. Caithfear a bheith cúramach nach measctar an léitheoireacht mar spraoi agus an léitheoireacht mar obair scoile, agus go deis ag páistí dul i mbun léitheoireachta mar spraoi amháin. Tá sé riachtanach go mbainfeadh páistí taitneamh as an léitheoireacht má tá siad le nós saoil a dhéanamh de agus na tairbhí a ghabhann leis seo a bheith acu.
“Tá cuma an-simplí air ach léiríonn taighde idirnáisiúnta ar bhuntáistí oideachasúla, sláinte agus folláine na léitheoireachta mar spraoi gur féidir leis bheith ina sárchumhacht do pháistí ar feadh a saoil, rud a dhéanann níos sona iad, níos féínmhuiníní ar scoil agus a mhéadaíonn an seans go n-éireoidh leo sa saol. Ag Leabhair Pháistí Éireann is é ár misean a chinntiú go bhfuil deis ag gach leanbh an tsárchumhacht sin a scaoileadh amach.”
Tuismitheoirí, caomhnóirí agus múinteoirí a chumhachtú
Is cuid dá misean é do Leabhair Pháistí Éireann tuismitheoirí, caomhnóirí agus múinteoirí a chumhachtú chun na leabhair Éireannacha is fearr dá bhfuil ann a chur i láthair léitheoirí óga, trí acmhainní saor in aisce ar nós a dtreoir bhliantúil ‘Na Leabhair Éireannacha is Fearr’.
Deir Ryan go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh scéalta le léamh ag leanaí in Éirinn ina léirítear a dtaithí féin ar an saol agus cultúr agus éagsúlacht shaibhir na hÉireann, ach go mbíonn sé deacair fós do roinnt daoine na scéalta sin a aimsiú.
Dúirt sí: “Fuaireamar amach inár dtaighde le déanaí nach raibh a fhios ag beagnach duine as gach ceathrar a d’fhreagair muid an raibh aon leabhair acu le healaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus go mothaíonn 50% de thuismitheoirí agus caomhnóirí go mbíonn sé deacair leabhair oiriúnacha dá bpáistí a aimsiú.
“Tá an deacracht ann sa seomra ranga, leis. Fuarthas amach sa tuarascáil ‘Building Literary Foundations’ (Bunsraith Liteartha a Thógáil) nach raibh ach 8% de mhúinteoirí réamhsheirbhíse in ann triúr údar Éireannach nó níos mó a ainmniú, agus gur theip ar leath nach mór de na freagróirí údar Éireannach amháin a ainmniú. Is acmhainn saor in aisce do chách í ár dtreoir ‘Na Leabhair Éireannacha is Fearr in 2026’. Is léarscáil í a chabhróidh linn leabhair iontacha Éireannacha a aimsiú agus a thacóidh leo siúd atá ag iarraidh an léitheoireacht a chothú nó a athbheochan mar spraoi do na páistí agus na daoine óga ina saol.”
Dúirt Ryan freisin gur díríodh san aighneacht Bhuiséad 2027 ó Leabhair Pháistí Éireann chuig an Rialtas ar leabhair níos fearr agus níos baintí le saol páistí a chur isteach sna scoileanna, tar éis beagnach fiche bliain gan aon infheistíocht leanúnach i leabharlanna scoile.
“Táimid ag iarraidh gealltanas €68 milliún sa Bhuiséad amach romhainn chun buansruth maoinithe a chur ar fáil do leabharlanna bunscoile agus meánscoile, rud nach ndearnadh le breis is deich mbliana. Is scannal amach is amach é go bhfuil formhór na scoileanna in Éirinn, i gceann de na tíortha is saibhre san Eoraip, tír a bhfuil oidhreacht liteartha aitheanta ar fud an domhain aici, ag brath faoi láthair ar bhronntanais leabhar.”
Gheofar an treoir do na leabhair 'Éireannacha is fearr in 2026’ mar áis saor in aisce le híoslódáil ag www.childrensbooksireland.ie. Gheofar cóipeanna saor in aisce i siopaí leabhair áirithe agus i leabharlanna ar fud na tíre.