The Best Irish Books of 2025 - Scéalta a mhairfidh go deo do dhaoine óga de gach aois

September 2025
Share on
Two girls on the floor with sea creatures, one girl holding the Best Irish Books toward the camera

Tá imeacht speisialta ar Oíche Chultúir i gcathair Bhaile Átha Cliath ag teannadh linn agus tá treoirleabhar léitheoireachta bliantúil Leabhair Pháistí Éireann, dar teideal ‘The Best Irish Books of 2025’, á seoladh inniu roimh ré. Sa treoirleabhar is déanaí, tugtar léirgeas ar leith ar an tobar ealaíne atá ann idir ealaíontóirí Éireannacha agus ealaíontóirí atá bunaithe in Éirinn, agus iad ag obair i ngach réimse litríochta – ficsean agus neamhfhicsean, úrscéalta grafacha agus véarsaíochta agus neart eile! 

Leis an seoladh a cheiliúradh, beidh Leabhair Pháistí Éireann agus Laureate na nÓg Patricia Forde ag glacadh seilbhe ar shiopa leabhar Dubray ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath ar Oíche Chultúir idir 5 i.n. agus 7 i.n. ar an Aoine 19ú Meán Fómhair. Beidh deis ag teaghlaigh cóip den treoirleabhar a fháil, bualadh le húdair agus maisitheoirí iontacha agus cuairt a thabhairt ar Chlinic Leabhar as Gaeilge nó as Béarla ag an ócáid seo saor in aisce. Beidh Dochtúirí Leabhar ó Leabhair Pháistí Éireann lonnaithe ar an gcéad urlár in Dubray, áit a mbeidh oidis leabhar á dtabhairt acu do léitheoirí de gach aois bunaithe ar na seánraí is fearr leo agus na nithe is mó a bhfuil spéis acu iontu. 

Agus í ag labhairt faoi sheoladh an treoirleabhair, dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann

"I Leabhair Pháistí Éireann, tá sé mar aidhm againn grá don léitheoireacht a spreagadh i bpáistí agus daoine óga ar fud oileán na hÉireann. Tá leabhair iontacha bailithe againn le daoine óga d’aoiseanna éagsúla agus le spéiseanna éagsúla a mhealladh – cén bhealach níos fearr atá ann leis an aidhm sin a bhaint amach? 

Ó údair agus ealaíontóirí a bhfuil an chéad leabhar díreach foilsithe acu go Laureate na nÓg agus cúpla iar-Laureate na nÓg, déanann ‘The Best Irish Books of 2025’ ceiliúradh ar an réimse leathan tallainne ar fud oileán na hÉireann. Chomh maith leis an 100 leabhar a bhfuil léirmheas déanta orthu sa treoirleabhar, moltar 100 leabhar eile le tuilleadh léitheoireachta a spreagadh. 

'Bíodh an treoirleabhar léitheoireachta seo mar léarscáil agat. Táimid ag iarraidh gach duine a spreagadh le dul ar aistear tríd na leathanaigh agus an chéad leabhar iontach eile a aimsiú dóibh féin, bíodh sé as Gaeilge nó as Béarla.'

- Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann

Déantar ceiliúradh i dtreoirleabhar léitheoireachta na bliana seo ar údair agus maisitheoirí Éireannacha ar foilsíodh leabhar leo in 2025. Tá teidil ann ó ealaíontóirí iomráiteacha, ina measc Alan Nolan, Leon Diop agus Sadhbh Rosenstock. Tá formhór na léirmheasanna as Béarla ach tá sciar maith léirmheasanna ann as Gaeilge freisin. Tá réalta le feiceáil in aice le leabhair áirithe le haird a dhíriú ar rogha an eagarthóra agus tá meigeafón in aice le leabhair eile le haitheantas a thabhairt don chéad saothar atá foilsithe ag údar nó maisitheoir. Roghnaíodh gach leabhar ar an mbonn go bhfuil barr feabhais le sonrú iontú. 

Tá teidil ar taispeáint sa treoirleabhar léitheoireachta seo do léitheoirí óga de gach aois, ó leanaí nuabheirthe go déagóirí ocht mbliana déag d’aois, agus tá a chlúdach deartha go speisialta ag an maisitheoir Linda Fährlin. Dúirt Fährlin, a raibh leabhar dá cuid, The Illustrated Encyclopedia of Irish Lighthouses, ainmnithe ar ghearrliosta do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025: 

'Tá an clúdach seo spreagtha ag an bhfarraige. Bhí mé ag smaoineamh faoin mbealach a bhfuil taisce álainn ilghnéitheach de na leabhair is fearr agus is taitneamhaí do pháistí agus daoine óga bailithe ag Leabhair Pháistí Éireann agus go mbeadh a leabhar féin ag gach ainmhí agus carachtar dá bharr! Agus mé i ról Champion of Reading, tá an tábhacht a bhaineann le rogha leathan leabhar a thabhairt do pháistí feicthe agam, toisc go mbíonn siad spreagtha le leabhair a léamh a luíonn leis na nithe a bhfuil spéis acu iontu agus a bhfuil siad paiseanta fúthu.'


Tá treoirleabhar ‘The Best Irish Books of 2025’ ar fáil i siopaí leabhar agus leabharlanna rannpháirteacha ar fud na tíre, le cóipeanna digiteacha ar fáil saor in aisce le híoslódáil ó www.childrensbooksireland.ie.