Gearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025 fógartha
Le gach cor agus casadh le síoga agus mná sí go scéalta croíúla d’uainín ar gá dó bearradh gruaige a fháil agus muicíní ag iarraidh fanacht slán ina dtithe, chuig an gcruachás a bhaineann le toircheas neamhbheartaithe do bheirt déagóirí – spreagfar léitheoirí le breathnú ar théamaí seasmhacha ar bhealaí nua ag na leabhair atá ar ghearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann i mbliana. D’fhógair Rick O’ Shea, craoltóir RTÉ, na deich dteideal ar an ngearrliosta inniu ag searmanas in Ionad Ealaíne an Crescent i mBéal Feirste.
Agus í ag labhairt ag labhairt ag an ócáid, dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann:
“Is é seo an 35ú bliain den searmanas gradam amháin in Éirinn atá dírithe ar leabhair do pháistí a cheiliúradh agus tá caighdeán na scríbhneoireachta agus an mhaisithe ag ardú gach uile bhliain! Sháraigh ár bpainéal moltóirí curiarracht na bliana seo caite agus 169 teideal léite acu ó scríbhneoirí agus maisitheoirí Éireannacha nó atá lonnaithe in Éirinn. Agus iad sin gearrtha siar go fadliosta le 19 leabhar, léiríonn gearrliosta an lae inniu na leabhair is fearr do pháistí agus daoine óga agus taispeánann sé an éagsúlacht luachmhar a bhaineann le teidil a fhoilsítear in Éirinn nó atá cruthaithe ag ealaíontóirí Éireannacha.”
Tá trí leabhar ar an ngearrliosta le healaíontóirí nár foilsíodh leabhar leo cheana, dhá theideal Gaeilge agus dhá theideal le beirt iar-Laureate na n-Óg. Beidh siad in iomaíocht le haghaidh sé ghradam ag searmanas Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann ar an 19ú Bealtaine mar chuid d’Fhéile Idirnáisúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath. I measc na ngradam a bhronnfar beidh Gradam KPMG Leabhair Pháistí Éireann Leabhar na Bliana, Gradaim Onóra don Mhaisiú agus don Fhicsean agus Gradam na Moltóirí Sóisearacha, a bheidh roghnaithe ag léitheoirí óga ar fud oileán na hÉireann.
Beanie the Bansheenie Insint éagsúil úrnua ar an mbean sí agus a scéal, í óg agus ag éirí cairdiúil lena ‘duine’, cailín beag darb ainm Rose, scríofa ag iar-Laureate na nÓg Eoin Colfer agus maisithe ag Steve McCarthy (Walker Books).
Fia and the last Snow Deer Úrscéal le húdar nár foilsíodh leabhar léi cheana, faoi chailín trí bliana déag d’aois darb ainm Fia agus a fia sneachta darb ainm Solas, suite in aimsir na réamhstaire in Éirinn agus brat sneachta ar an tír, scríofa ag Eilish Fisher agus maisithe ag Dermot Flynn (Puffin Books).
Bearradh Gruaige d’Eoinín Scéal a bheidh ina údar misnigh do pháistí, faoin uainín beag Eoinín ar gá dó bearradh gruaige a fháil! Scríofa ag Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy (Futa Fata).
Little Bang Ficsean d’aosaigh óga, suite i dTuaisceart na hÉireann, áit a bhfuil lánúin sna déaga ó chúlraí éagsúla ag déileáil le toircheas neamhbheartaithe. Le Kelly McCaughrain (Walker Books)
Na Trí Mhuicín Is athinsint ghleoite ar fhabhalscéal clasaiceach The Three Little Pigs é an pictiúrleabhar seo agus é scríofa i véarsaíocht Ghaeilge. Scríofa ag iar-Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Paddy Donnelly (Futa Fata).
Songlight Úrscéal diostóipeach d’aosaigh óga le húdár nár foilsíodh leabhar aici cheana, faoi áit a meastar go bhfuil daoine le bua songlight – ar féidir leo cumarsáid a dhéanamh go teileapaiteach – “Neamhdhaonna”. Déantar iad a dhaoradh agus tá eagla ar dhaoine rompu in Brightland, tír ina gcuirtear fir óga ar shiúl le dul i mbun cogaidh i gcoinne a naimhde trasna na farraige in Ayland. Le Moira Buffini (Faber & Faber).
Stitch Spreagtha ag clasaic Mary Shelly, Frankenstein, is scéal truachroíoch agus eachtrúil é seo faoi Stitch agus a chara Henry Oaf. Scríofa ag Pádraig Kenny agus maisithe ag Steve McCarthy (Walker Books).
The Dictionary Story Pictiúrleabhar iontach samhlaíoch faoi fhocail a spreagann cruthaitheacht, réiteach fadhbanna agus mionchruinneas. Is comhshaothar é an coincheap iontach seo le hOliver Jeffers agus Sam Winston (Walker Books).
The Faerie Isle Cuireann an pictiúrleabhar crua seo, atá déanta go hálainn, sé shampla déag ó fhinscéalta agus síscéalta Éireannacha os comhair glúin nua léitheoirí. Le Síne Quinn agus maisithe ag Dermot Flynn (Walker Books).
The Illustrated Encyclopedia of Irish Lighthouses Is leabhar mealltach faisnéiseach é an téacs seo, atá scríofa ag údar nár foilsíodh leabhar leis cheana, agus insíonn sé dá léitheoirí faoi gach ní ar mhaith leo a bheith ar eolas acu faoi thithe solais. Scríofa ag David Hare agus maisithe ag Linda Fährlin (Gill Books).
Agus é ag labhairt ag fógairt an ghearrliosta, dúirt Johnny Hanna, Partner in Charge KPMG Béal Feirste: “Léiríonn an gearrliosta dochreidte seo an tallann agus an chruthaitheacht atá ag scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar do pháistí. Tá ríméad ar KPMG urraíocht a dhéanamh ar na gradaim den séú huair – rud a léiríonn ár dtacaíocht chun go mbainfeadh páistí sult as an léitheoireacht.”