Gearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2026 fógartha
Leabhar pictiúr a chaitheann amhras ar éisc; athinsint as Gaeilge ar scéal chlasaiceach Phuisín na mBróg; déagóir ag maireachtáil le siondróm Tourette agus úrscéal ficsean eolaíochta d’aosaigh óga a thugann an léitheoir leo ar thuras traenach chuig domhan le hamchriosanna éagsúla – níl ansin ach ceithre leabhar as deich atá ar ghearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann i mbliana. D’fhógair Rick O’Shea, craoltóir RTÉ, an gearrliosta – a bhfuil scéalta ann freisin faoin néaréagsúlacht, faoin saol i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta agus faoin mbrón agus cumha a bhaineann le tuismitheoir a chailleadh – ag searmanas in Ionad Ealaíne an Crescent i mBéal Feirste inniu (04.02.25).
Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann: “Tá leabhair a chuirfidh gliondar ar gach cineál léitheora ar ghearrliosta na bliana seo do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann. Tá scéalta ann atá lán le miotaseolaíocht na hÉireann, scéalta a bhaineann le crógacht agus teacht aniar agus leabhair a mbeidh na deora leat agus tú á léamh – nó a mbeidh tú ag caoineadh agus ag gáirí leo ag an am céanna. Tá sé go hálainn gur féidir linn forbairt na litríochta agus na foilsitheoireachta do pháistí in Éirinn a aithint leis an ngearrliosta iontach ilchineálach seo. Tréaslaímid ó chroí leis na húdair, leis na maisitheoirí agus leis na foilsitheoirí ar fad. Is ábhar mór bróid é dúinne gur féidir linn tacú leis an sárobair atá ar bun acu.”
Beidh na leabhair ar an ngearrliosta in iomaíocht le haghaidh sé ghradam ag searmanas Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann ar an Luan 18ú Bealtaine, atá á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Idirnáisúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath. I measc na ngradam a mbronnfar beidh Gradam KPMG Leabhair Pháistí Éireann do Leabhar na Bliana, in éineacht le gradaim a dhéanann ceiliúradh ar leabhair a léiríonn barr feabhais i réimsí an fhicsin agus an mhaisithe, agus Gradam na Moltóirí Sóisearacha, a bheidh roghnaithe ag léitheoirí óga ar fud oileán na hÉireann.
Letters to a Monster – Insíonn an pictiúrleabhar samhlaíoch seo scéal Sophie, í tinn tuirseach den ollphéist atá ina bhfolach faoina leaba, agus aghaidh á thabhairt aici go díreach ar an bhfadhb! Scríofa ag Laureate na nÓg Patricia Forde agus maisithe ag Sarah Warburton (Bloomsbury Children’s Books)
The Doomsday Club – Úrscéal ó scríbhneoir nua. Tá meascán den eachtraíocht, fantaisíocht agus greann sa scéal seo faoi Jack, Conan agus Yash, daltaí scoile atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus a thagann ar fhionnachtain aisteach i gclós na scoile. Scríofa ag Kevin Moran (The O’Brien Press)
Solo – Úrscéal comhaimseartha véarsaíochta d’aosaigh óga, faoi Daisy agus í ag foghlaim conas déileáil le briseadh croí, cairde ag titim amach lena chéile agus brú na hArdteiste. Scríofa ag Gráinne O’Brien (Little Island Books)
Puisín na mBróg – Athinsint ghalánta as Gaeilge ar scéal cáiliúil Phuisín na mBróg, nó ‘Puss in Boots’ mar a thugtar air sa Bhéarla. Scríofa ag Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly (Futa Fata)
My Name is Jodie Jones – Leanaimid scéalaí néara-éagsúil, Jodie Jones, agus í ag teacht chuici féin i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta san úrscéal seo d’aosaigh óga. Déantar ceiliúradh ar an indibhidiúlacht ann ach ní sheachnaítear téamaí gruama. Scríofa ag Emma Shevah (David Fickling Books)
The Waters and the Wild – Leanann an t-úrscéal véarsaíochta seo Rowan agus í ag déileáil le bás a hathar. Pléitear téamaí an bháis, an chumha agus na heagla ann ar bhealach tuisceanach machnamhach. Scríofa ag Eilish Fisher agus maisithe ag David Rooney (Puffin)
This That What – Leabhar pictiúr ildaite atá lán le rím, a bhaineann úsáid as téacs soléite le scéal Kiki Dime agus a hinchinn ghnóthach a insint. Scríofa ag Katy Ashworth agus maisithe ag Colleen Larmour (Puffin)
Stealing Happy – Ficsean do dhaoine óga le scéal lonnaithe san Albain faoi Sonny, buachaill trí bliana déag atá ag maireachtáil le siondróm Tourette. Leabhar beoga greannmhar a phléann corraíl an teaghlaigh, eagla, cairdeas agus gadaíocht. Scríofa ag Brian Conaghan (Bloomsbury YA)
Don’t Trust Fish! – Leabhar pictiúr fíorghreannmhar ó scríbhneoir nua, é lán le fáthanna nár cheart duit iontaoibh a bheith agat in éisc agus a thugann le fios go bhfuil do threascairt á phleánáil acu. Scríofa ag Neil Sharpson agus maisithe ag Dan Santat (Andersen Press)
Skipshock – Fiscean d’aosaigh óga a thugann an léitheoir leo ar thraein ó Chorcaigh chuig domhan lán le hamchriosanna éagsúla. Scéal ficsean eolaíochta le struchtúr cumhachta il-leibhéil agus grá spleodrach. Scríofa ag Caroline O’Donoghue (Walker Books)
Agus é ag labhairt ag an searmanas fógartha, dúirt, Claire Browne, Páirtí le KPMG i mBéal Feirste: “Táimid fíorthógtha arís le fairsinge na samhlaíochta agus na cruthaitheachta sna leabhair seo do pháistí agus daoine óga. Is ábhar bróid é do KPMG urraíocht a thabhairt do Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann agus céiliúradh a dhéanamh ar na leabhair seo atá ar an ngearrliosta, agus creidimid go spreagfaidh siad gliondar i ngach léitheoir, idir óg agus sean, go ceann i bhfad.”
Tá Leabhair Pháistí Éireann ag iarraidh ar léitheoirí óga ar fud na hÉireann páirt a ghlacadh i gclár na nGiúiréithe Sóisearacha, atá deartha le léitheoireacht ar mhaithe le háthas a spreagadh. Is féidir le ranganna scoile, grúpaí óige, clubanna leabhar agus suíomhanna luath-óige clárú ar shuíomh gréasáin Leabhair Pháistí Éireann, teidil oiriúnacha a roghnú ón ngearrliosta agus aiseolas agus scóir a sheoladh chuig Leabhair Pháistí Éireann. Bronnfar Gradam na Moltóirí Sóisearacha ar an ealaíontóir buacach ar an 18ú Bealtaine.
Dúirt Damian Smyth, Joint Head of Literature and Drama at the Arts Council of Northern Ireland: “Go minic is iad na leabhair a dtaitníonn linn mar pháistí na cinn a fhanann inár gcroíthe ar feadh an tsaoil agus tugann na gradaim seo aitheantas do chuid de na leabhair is fearr a foilsíodh le bliain anuas i réimse leathan aoiseanna agus seánraí. Comhghairdeas leis na scríbhneoirí agus maisitheoirí fíorchumasacha ar éirigh leo gearrliosta na bliana seo a bhaint amach.”