Give a leabhar Gaeilge a go this Seachtain na Gaeilge!

February 2024
Share on
Give Leabhar Gaeilge cover artwork - Fintan Wall, March 2024

Tá sé ríthábhachtach do líon mór daoine in Éirinn faoi láthair an Ghaeilge a choimeád beo don chéad ghlúin eile, bíodh go bhfuil cúpla focal acu, go labhraíonn siad an teanga sa bhaile, nó nach bhfuil taithí ar bith acu leis an teanga go fóill.

Bealach iontach le tosú air sin ná leabhar Gaeilge a aimsiú. Agus leabhar Gaeilge i do lámh agat, is féidir focail nua a thuiscint le cabhair ó léaráidí agus ó théacs a bhfuil rím ann agus is féidir tú féin a thumadh i scéal iomlán nua.

Do Sheachtain na Gaeilge i mbliana (1–17 Márta), tá Leabhair Pháistí Éireann agus Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge ag seoladh ‘Give Leabhar Gaeilge’; feachtas a dhíreoidh aird ar na leabhair Ghaeilge iontacha atá ar fáil do pháistí agus do dhaoine óga.

Ag croílár an fheachtais tá treoirleabhar léitheoireachta nua, ‘Give Leabhar Gaeilge’, ina bhfuil 100 leabhar iontach Gaeilge san aoisraon 0–18.

Beidh cóipeanna den treoirleabhar ar fáil in 30 leabharlann agus 25 siopa leabhar ar fud na tíre, agus beidh 25 leabhar ón treoirleabhar atá roghnaithe ag an eagarthóir ar fáil le ceannach nó le fáil ar iasacht sna siopaí leabhar agus sna leabharlanna sin.

Is féidir an treoirleabhar a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin Leabhair Pháistí Éireann chomh maith.

Beidh boscaí den 25 leabhar á seoladh chuig 125 bunscoil timpeall na tíre freisin, ar mhaithe leis an ngrá do leabhair Ghaeilge a scaipeadh anois agus sa todhchaí.


‘Tá sé mar bhunaidhm againn i Leabhair Pháistí Éireann a chinntiú go bhfuil rochtain ag léitheoirí óga ar scéalta a spreagfaidh a gcuid samhlaíochta agus a léiríonn a gcuid taithí saoil féin sa dá theanga náisiúnta atá againn.

'Is mór againn an treoirleabhar ‘Give Leabhar Gaeilge’ a sheoladh roimh Sheachtain na Gaeilge 2024 agus é líonta le céad leabhar iontach Gaeilge ar féidir le scoileanna agus teaghlaigh teacht orthu agus sult a bhaint astu. An léitheoireacht abú!’

– Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann


#GiveLeabharGaeilge