Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann Painéal Moltóireachta 2026–2027
An duine fásta thú le spéis i leabhair agus léitheoireacht do pháistí agus daoine óga? Tá Leabhair Pháistí Éireann ag lorg sainléitheoirí le cabhrú le gearrliosta, fadliosta agus buaiteoirí Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2027 a roghnú.
Roghnaíonn Leabhair Pháistí Éireann Cathaoirleach gach bliain do na gradaim agus i gcomhar leis an gCathaoirleach, cuireann siad painéal moltóirí le saineolas agus sainspéis i leabhair do pháistí le chéile.
Áirítear saineolaithe i réimsí éagsúla ar an bpainéal agus tugtar údarás iomlán dóibh le moltóireacht a dhéanamh, chomh maith le gearrliosta, fadliosta agus buaiteoirí a roghnú ó na leabhair a chuirtear isteach. Ní bheidh níos lú ná seachtar ná níos mó ná dháréag moltóirí ar an bpainéal, le ceathrar a bhfuil caighdeán cuí Gaeilge acu, triúr le saineolas san fhicsean agus triúr le saineolas sa mhaisiú / i bpictiúrleabhair san áireamh. Beidh beirt mholtóirí óga (aois 16-24) agus Gaeilge líofa ag duine amháin acu ar an bpainéal freisin.
Ba cheart do mholtóirí fásta cuid de na riachtanais seo a chomhlíonadh:
- Eolas agus tuiscint mar gheall ar réimse na litríochta do pháistí a léiriú,
- Cáilíocht aitheanta i réimse na litríochta do pháistí a bheith acu,
- Feasacht mar gheall ar theicnící maisithe, eagarthóireacht agus stíleanna scríbhneoireachta, deartha, litríochta físiúla agus meán, sa chaoi is go mbaineann siad le litríocht do pháistí, a léiriú.
Tá moltóirí le saineolas i réimsí an mhaisithe agus na Gaeilge á lorg againn ach go háirithe.
Ba cheart go mbeadh iarrthóirí rathúla in ann líon mór leabhar, ó phictiúrleabhair go téacsanna d’aosaigh óga, filíocht agus neamhfhicsean san áireamh, a léamh as Béarla agus as Gaeilge más féidir. Léigh na moltóirí 151 leabhar do ghradaim 2026 ach tá suas le 169 leabhar léite acu i mblianta roimhe sin. Ní gá do mholtóirí a bheith saineolach i ngach réimse ach beifear ag súil le go léifidh na moltóirí ar fad (seachas na moltóirí nach féidir leo leabhair Ghaeilge a léamh agus cur leis an gcomhrá maidir leo) gach teideal.
Cuirfear tús leis an léitheoireacht i mí Aibreáin 2026 agus tarlóidh an mholtóireacht ar líne agus/nó i láthair go pearsanta idir Lúnasa/Meán Fómhair 2026 agus Eanáir 2027. Is ceangaltas deich mí é seo. Tá Beartas Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann ar fáil ina iomláine anseo – tá tuilleadh eolais mar gheall ar mholtóirí agus moltóireacht ann.
Ba bhreá linn cloisteáil ó dhaoine ó chúlraí nó pobail atá faoi ghannionadaíocht ach go háirithe.
Le hiarratas a dhéanamh, is gá an fhoirm iarratais seo a líonadh isteach agus a sheoladh chugainn roimh 12 meánlae ar an Aoine 10 Aibreáin 2026:
Le hiarratas a dhéanamh, is gá an fhoirm iarratais seo a líonadh isteach agus a sheoladh chugainn roimh 12 meánlae ar an Aoine 10 Aibreáin 2026
Tá Beartas Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann ar fáil ina iomláine anseo – tá tuilleadh eolais mar gheall ar mholtóirí agus moltóireacht ann.
Má tá aon cheist agat, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil le Jenny Murray