Lá Domhanda na Leabhar Éire 2025
Daichead míle cúis le Lá Domhanda na Leabhar Éire a cheiliúradh
Tá Leabhair Pháistí Éireann agus An Post ag ceiliúradh go bhfuil 40,000 leabhar Lá Domhanda na Leabhar seachadta ar pháistí atá i gcruatan ar fud na tíre, díreach in am do Lá Domhanda na Leabhar Déardaoin an 6 Márta. Le tacaíocht An Post, bronnadh na leabhair bhreise seo agus scaipeadh iad saor in aisce ar pháistí in ospidéil in Éirinn, i ionaid Soláthar Díreach, seirbhísí gan dídean agus pobail Lucht Siúil, ag cinntiú gur féidir leis an oiread páistí agus is féidir an lúcháir a bhaineann le scéal iontach a bheith acu.
Tá Lá Domhanda na Leabhar Éire i mbliana, atá á urrú ag Dearbháin Leabhair Náisiúnta agus á sheachadadh ag An Post, i gcomhpháirt le Leabhair Pháistí Éireann, ag déanamh leabhar agus na léitheoireachta níos inrochtana ná riamh. Le tacaíocht ó Vision Ireland agus ChildVision, tá cóipeanna inrochtana de leabhair a foilsíodh in Éirinn ar fáil do pháistí agus daoine óga mar chlosleabhair, i leaganacha braille digiteacha agus i bhformáidí ríomhfhoilsithe eile. Moltar do theaghlaigh agus do pháistí freisin a n-éarlaisí €1.50/£1 Lá Domhanda na Leabhar a úsáid, atá ar fáil trí scoileanna, suíomhanna luathbhlianta, irisí ar líne do pháistí, agus i siopaí leabhar, chun ceann de na 14 leabhar a roghnaíodh go speisialta a éileamh faoin 23 Márta.
"“Ónár léitheoirí is óige go dtí ár ndéagóirí, táimid ag iarraidh go mbeidh gach léitheoir páirteach sa cheiliúradh ar Lá Domhanda na Leabhar. I gcomhpháirt le An Post, táimid ag seoladh 40,000 leabhar saor in aisce Lá Domhanda na Leabhar go 122 ionad carthanachta ar fud na tíre, ag cinntiú gur féidir le lúcháir na léitheoireachta agus sólás leabhair a bheith ag páistí atá i gcruatan. Agus rogha ilghnéitheach 14 leabhar ann le roghnú as a measc, tá súil againn go mbraithfidh páistí ar fud na hÉireann an spreagadh leabhar a tharraingt chucu féin agus léamh a mbealach féin ar Lá Domhanda na Leabhar i mbliana.”
– Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann
Déanfaidh scoileanna, leabharlanna agus siopaí leabhar ar fud na tíre an lá a chomóradh le ceiliúradh ina mbeidh deiseanna ann bualadh agus labhairt le húdair agus ealaíontóirí Lá Domhanda na Leabhar, Paddy Donnelly, Áine Ní Ghlinn agus Andrew Whitson, nó Mr Ando mar atá aithne air; lena n-áirítear seisiúin scéalaíochta, agus dúshláin feistis mar a ngléasann daltaí in éadaí an charachtair is ansa leo ó leabhar.
Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta Mhiondíol An Post, “Tá an-bhród ar An Post gur sinn an comhpháirtí seachadta oifigiúil do Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn. Beimid ag seachadadh corradh is 924,000 éarlais leabhair ar gach scoil ar fud na tíre chomh maith le corradh is 40,000 leabhar saor in aisce a bhronnadh agus a sheachadadh ar pháistí is mó atá i gcruatan ar Lá Domhanda na Leabhar i mbliana.
Dúinne baineann Lá Domhanda na Leabhar le grá don léitheoireacht a spreagadh i bpáistí agus a chinntiú go bhfuil rochtain ag gach páiste ar leabhair. Tá sé cruthaithe go bhfuil léitheoireacht leabhar i bhfad níos éifeachtaí ag gríosú na samhlaíochta agus ag spreagadh na cruthaitheachta i gcomparáid le scáileáin agus an teilifís, ag scaoileadh eolas agus tuiscint ar rudaí nua, rud a bhfuil tairbhí ar feadh an tsaoil ag baint leis, ag cruthú todhchaí níos fearr do chách.”
“Ag croílár Lá Domhanda na Leabhar tá an tuairim, a bhfuil fianaise mar thaca leis, gur mó an seans go léifidh páistí má bhaineann siad sult as agus má tá rogha acu céard agus conas a léifidh siad. Is féidir le húrscéalta grafacha, greannáin, nó ceann dár leabhair iontacha £1/€1.50, saor in aisce in éiric dearbhán leabhair Lá Domhanda na Leabhar, is féidir leo cabhrú cumhacht na léitheoireachta a scaoileadh. Táimid tógtha as bheith ag obair leis an oiread sin comhphairtithe chun fiú níos mó páistí agus clann a shroichint, agus cuireadh a thabhairt do chách a bheith ag an gcóisir agus ‘Léamh a mBealach Féin’ ar Lá Domhanda na Leabhar i mbliana.”
- Cassie Chadderton, Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar,
Tacaíonn Foras na Gaeilge leabhair agus acmhainní Gaeilge agus cuireann Vision Ireland cóipeanna inrochtana ar fáil.
Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, "Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a bheith ag tacú le Lá Domhanda na Leabhar Éire le leabhar Gaeilge san áireamh an ceathrú bliain as a chéile. Tá an t-éileamh ó shiopaí leabhar ar an leabhar Gaeilge do Lá Domhanda na Leabhar ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Tá ríméad orainn go mbeidh corradh agus 10,000 cóip de Ag Buzzáil sa Ghairdín le hÁine Ní Ghlinn, arna fhoilsiú ag An tSnáthaid Mhór, ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh ar fud oileán na hÉireann le tacaíocht ó Leabhair Pháistí Éireann agus An Post.”
Tacaíonn Foras na Gaeilge leabhair agus acmhainní Gaeilge agus cuireann Vision Ireland agus ChildVision cóipeanna inrochtana ar fáil.
Beidh Lá Domhanda na Leabhar 2025 ar siúl Déardaoin an 6 Márta 2025. Faigh amach faoi raon iomlán leabhair €1.50/£1 Lá Domhanda na Leabhar 2025 anseo. Féach tuilleadh eolais ar dhearbháin Lá Domhanda na Leabhar anseo.
Maidir le Lá Domhanda na Leabhar
Athraíonn saol daoine trí ghrá do leabhair agus don léitheoireacht Is é a mhisean an léitheoireacht ar son pléisiúir a chur chun cinn, ag tairiscint do gach páiste agus duine óg na deise leabhar dá gcuid féin a bheith acu. Is í an léitheoireacht ar son pléisiúir an táscaire aonair is mó le haghaidh rath linbh amach anseo – níos mó ná cúinsí a dteaghlaigh, cúlra oideachais a dtuismitheoirí nó a n-ioncam. Lá Domhanda na Leabhar ag iarraidh go mbeidh nós léitheoireachta ar son pléisiúir ar feadh a saoil ag níos mó páistí, go háirithe iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, agus go mbeidh na deiseanna feabhsaithe saoil acu a thugann seo dóibh. Agus é ainmnithe ag UNESCO mar cheiliúradh domhanda leabhar agus léitheoireachta, déantar Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh i níos mó ná 100 tír timpeall an domhain.