‘Léamh do Bhealach Féin’ ar Lá Domhanda na Leabhar 2025

January 2025
Share on
WBD artists with students of Scoil Mhuire Gan Smal for the launch of WBD Ireland 2025
Tá údair ag moladh do dhaltaí i Scoil Mhuire Gan Smál, Inse Chór, ‘Léamh do Bhealach Féin’ do Lá Domhanda na Leabhar i mbliana a bheidh ar siúl Déardaoin an 6 Márta. Agus iad ag seoladh cheiliúradh na bliana seo, thug ealaíontóirí Lá Domhanda na Leabhar

"Is am é Lá Domhanda na Leabhar do gach páiste chun taitneamh a bhaint as scéal, bíodh siad ag amharc ar phictiúir, ag léamh téacs i nGaeilge, ag léamh braille nó ag éisteacht le closleabhar."

Sin a deir Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann, a sheol Lá Domhanda na Leabhar i mbliana in Éirinn inniu (13/01/25), a bheidh ar siúl Déardaoin an 6 Márta. 

Tá Lá Domhanda na Leabhar Éire 2025 á urrú ag Éarlaisí Leabhair Náisiúnta agus á sheachadadh ag An Post, i gcomhpháirt le Leabhair Pháistí Éireann. Chun ceiliúradh, cuirfear éarlaisí leabhair €1.50/£1 ar fáil do pháistí agus do theaghlaigh trí scoileanna, ar líne agus i siopaí leabhar le fuascailt in éiric 14 leabhar a roghnaíodh go speisialta idir an 13 Feabhra agus an 23 Márta. 

Scaipfidh An Post freisin 42,000 leabhar Lá Domhanda na Leabhar ar pháistí i gcruatan sa tír, le tacaíocht ó Leabhair Pháistí Éireann. Le chéile, tá d’aidhm acu lúcháir na léitheoireachta a thabhairt don oiread páistí agus is féidir lena chinntiú go bhfuil gach páiste páirteach sa cheiliúradh bliantúil. Scaipfear na leabhair ar pháistí in ospidéil, ionaid soláthair dhírigh, seirbhísí do dhaoine gan dídean agus pobail Lucht Siúil in Éirinn. 

"Baineann sé le brú a bhaint ar shiúl ón léitheoireacht agus an fíorspraoi a bhaineann léi. Táimid ag iarraidh go dtógfaidh páistí ar fud na hÉireann nóiméad le leabhar a thógáil nó cuairt a thabhairt ar a siopa leabhar áitiúil lena n-éarlais €1.50/£1, agus éalú isteach i leabhar iontach."

– Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann

World Book Day launch with students and author/illustrator Paddy Donnelly holding copies of the Irish published WBD titles
Clé go deas) Kyla O’Hanlon (rang 3), Alex Purcell (naíonáin mhóra) agus Bishop Ikechukuru Okoroji (rang 1) le Paddy Donnelly

Is príomhthéama de Lá Domhanda na Leabhar é ‘Léigh do Bhealach Féin’, ag iarraidh ar pháistí 0-12 bhliain d’aois ar fud na hÉireann glacadh leis an tsaoirse a bhaineann lena roghnú cad é agus conas a léifidh siad – bíodh sé ina ghreannán, úrscéal grafach, nó closleabhar. 

Dúirt Cassie Chadderton, Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar, "Tá Lá Domhanda na Leabhar ag spreagadh páistí le Léamh a mBealach Féin, mar nuair a bhíonn an tsaoirse ag páistí a fháil amach faoin léitheoireacht agus leabhair ar a dtéarmaí féin, bainfidh mórán eile acu tairbhe as na buntáistí folláine, oideachais agus eile a thugann an léitheoireacht ar son pléisiúir."

WBD 2025 artists with CEO of Children's Books Ireland and CEO of Foras na Gaeilge
(Clé go deas) Andrew Whitson, Áine Ní Ghlinn, Elaina Ryan (Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann) agus Seán Ó Coinn (Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge) le Beau Johnston (rang 2)

Tacaíonn Foras na Gaeilge leabhair agus acmhainní Gaeilge agus cuireann Vision Ireland cóipeanna inrochtana ar fáil.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, "Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge a bheith ag tacú le Lá Domhanda na Leabhar Éire 2025 le leabhar Gaeilge san áireamh an ceathrú bliain as a chéile. Is eol dúinn go mbeidh ar bís chun leabhar iontach Áine Ní Ghlinn, Ag Buzzáil sa Ghairdín, a léamh, arna fhoilsiú ag An tSnáthaid Mhór, agus a bheidh ar fáil in i bhformáidí braille agus digiteacha, a bhuí lenár gcairde in Vision Ireland. Arís eile beidh an Ghaeilge ag croílár an fheachtais in Éirinn, le trean closleabhair agus acmhainní Gaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin Lá Domhanda na Leabhar agus ar fud cainéil meán sóisialta. 

Tá an t-éileamh ar leabhar Gaeilge Lá Domhanda na Leabhar ag méadú bliain i ndiaidh bliana, rud a léiríonn caighdeán agus rogha na leabhar Gaeilge atá ar fáil do léitheoirí óga inniu. Tá súil againn go spreagfar níos mó páistí agus teaghlach leis an scéal is ansa leo i nGaeilge a aimsiú trí chuairt a thabhairt ar www.loveleabhargaeilge.ie de thoradh ar Lá Domhanda na Leabhar 2025 in Éirinn."


Image
Ag Buzzail sa Ghairdin WBD 2025

Ag Buzzáil sa Ghairdín le hÁine Ní Ghlinn agus Mr Ando ag An tSnáthaid Mhór

Bíonn Billí Beach ag obair go dian sa ghairdín. Bíonn Billí ag obair ó mhaidín go hoíche! 

Ag Buzzáil sa Ghairdín le hÁine Ní Ghlinn, scéal ríme aoibhinn faoi Bhillí, an bheach is gnóthaí sa ghairdín, ina steillbheatha i bpictiúir bheoga Mr Ando agus arna fhoilsiú 
 


Image
Fox & Son Tailers WBD 2025

Fox & Son Tailers le Paddy Donnelly arna fhoilsiú ag The O’Brien Press

Fox & Son Tailers le Paddy Donnelly, arna fhoilsiú ag The O’Brien Press, scéal álainn faoi shionnach óg cliste, ag obair i siopa a theaghlaigh ag cruthú eireaball d’ainmhithe idir bheag agus mhór, agus ag ceistiú conas a dhéantar rudaí.


Arsa Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta Mhiondíol An Phoist, “Tá tiomantas le fada ag an bPost i leith an léitheoireacht a chur chun cinn agus rátaí léitheoireachta a fheabhsú in Éirinn. Creidimid gurb iad an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht an bhunchloch chun deiseanna an tsaoil a fhuascailt agus a chur ar a chumas do chách a n-acmhainneacht a bhaint amach. Tá lúcháir orainn gur sinn an comhpháirtí seachadta oifigiúil do Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn, ag seachadadh corradh is 42,000 leabhar do pháistí i gcruatan ar fud na tíre. Trí rochtain shaor ar leabhair a chinntiú, táimid ag cabhrú samhlaíocht a oscailt, tacú le foghlaim, agus todhchaí níos gile a chruthú do gach páiste, is cuma faoina dtosca."

Beidh Lá Domhanda na Leabhar 2025 ar siúl Déardaoin an 6 Márta 2025. 

Faigh amach faoi réimse iomlán leabhar €1.50/£1 Lá Domhanda na Leabhar 2025 anseo.