Tá Moltóirí Óga á lorg againn do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann!
An bhfuil dúil agat sna leabhair? An maith leat a bheith ag léamh as Gaeilge chomh maith?
Má tá tú idir sé bliana déag d’aois agus ceithre bliana is fiche d’aois, ba bhreá linn cloisteáil uait!
Tá Leabhair Pháistí Éireann ar thóir beirt léitheoirí óga chun cabhrú le gearrliosta, fadliosta agus buaiteoirí Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2027 a roghnú.
Beidh ar na hiarrthóirí rathúla a bheith in ann líon mór leabhar a léamh, ó phictiúrleabhair go teidil d’aosaigh óga, filíocht agus neamhfhicsean ina measc, i mBéarla agus as Gaeilge más féidir. Tá beirt mholtóirí óga á lorg againn agus is gá go mbeadh Gaeilge líofa ag duine amháin acu.
Cuirfear tús leis an léitheoireacht i mí Aibreán 2026 agus déanfar an mholtóireacht a reáchtáil ar líne idir Lúnasa/Meán Fómhair agus mí Eanair 2027.
Is gealltanas deich mí é seo.
Ba bhreá linn cloisteáil ó dhaoine óga ó chúlraí nó pobail atá faoi ghannionadaíocht ach go háirithe.