Tar ag obair linn: Oifigeach Gaeilge

July 2026
Share on
Colourful pencils arranged in a circle

Tá Leabhair Pháistí Éireann tiomanta gach léitheoir a áireamh inár gcuid oibre agus leis sin tugtar tiomantas straitéiseach páistí, daoine óga agus teaghlaigh a bhíonn ag léamh i nGaeilge a áireamh. 

Tá Oifigeach Gaeilge á lorg againn chun dul i mbun oibre dhá lá sa tseachtain, ag cur na Gaeilge chun cinn go hinmheánach agus ag déanamh maoirsiú ar na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil trí mheán na Gaeilge. Beidh suim ag an iarratasóir a n-éireoidh leo i litríocht do pháistí agus eolas acu uirthi. Déanfaidh an té a n-éireoidh leo Straitéis na heagraíochta i leith na Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus déanfaidh ceangail straitéiseacha leis an earnáil. Oibreoidh siad leis an bhfoireann ar fad chun próifíl na Gaeilge a ardú, de réir acmhainní agus théarmaí tagartha na heagraíochta. 

Maidir Leis An Ról

Ag tuairisciú chuig an Leas-Phríomhfheidhmeannach, déanfaidh an tOifigeach Gaeilge:

  • Straitéis Gaeilge Leabhair Pháistí Éireann a chur i bhfeidhm, chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach, agus an straitéis a fhorbairt amach anseo.
  • Ról an Eagarthóra Gaeilge a ghlacadh i ndáil le foilseacháin Leabhair Pháistí Éireann, ag obair go dlúth leis an mBainisteoir Foilseachán, lena n-áirítear an iris Inis, liostaí léitheoireachta de réir téamaí, léirmheasanna ar líne agus treoirleabhair léitheoireachta. Beidh roghnú leabhar lena n-athbhreithniú mar ghné den ról sin chomh maith le bunachar sonraí de léirmheastóirí a bhainistiú agus traenáil a chur ar fáil do léirmheastóirí, díoltóirí leabhar agus leabharlannaithe nuair is gá. 
  • Ábhair a scríobh do phacáistí acmhainní do mhúinteoirí nuair is gá, do leabhair atá luaite i dtreoirleabhar Léigh Leabhar Gaeilge agus do Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann. 
  • Ceangal láidir a dhéanamh agus a choimeád le foilsitheoirí. 
  • Tacaíocht a thabhairt do lucht Ardbhainistíochta le ceangal straitéiseach a dhéanamh le comhlachtaí maoinithe, comhlachtaí rialtais agus leath-Stáit, comhlachtaí Gaeilge agus eagraíochtaí eile a chuireann leabhair do pháistí agus léitheoireacht i nGaeilge chun cinn.
  • Tacaíocht a thabhairt do lucht Ardbhainistíochta le deiseanna maoinithe agus deiseanna comhpháirtíochta le páirtithe leasmhara san earnáil a aithint.
  • Tacaíocht a thabhairt do lucht Ardbhainistíochta le hiarratais, tuairisciú agus caidrimh le lucht maoinithe a bhainistiú, le haidhmeanna na heagraíochta a chur chun cinn.
  • Doiciméid atá le cur i gcló, ábhar meán sóisialta, preasráitis, nó ábhar láithreáin gréasáin Leabhair Pháistí Éireann a aistriú nó an t-aistriúchán a chomhordú. 
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar son na heagraíochta ag comhdhálacha nuair is gá, uaireanta ag obair ag an deireadh seachtaine. 
  • Obair a dhéanamh le rannóg Cumarsáide na heagraíochta le cur le hábhair ar na meáin shóisialta agus feidhmiú mar urlabhraí don eagraíocht sna meáin nuair a reáchtáiltear agallaimh trí Ghaeilge. 
  • Tacaíocht a thabhairt do rannóg Ealaíontóirí & Clár na heagraíochta le Clinicí Leabhar, an Taispeántas Gaeilge agus aon imeachtaí Gaeilge eile le painéil agus ealaíontóirí a eagrú. 
  • Ó am go chéile, imeachtaí Chlinic na Leabhar de chuid Leabhair Pháistí Éireann a riar - d’fhéadfadh go mbeadh obair ar an deireadh seachtaine i gceist leis sin. 

Riachtanais

Beidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leo:

  • Ábalta tabhairt go muiníneach faoi na freagrachtaí a leagtar amach thuas agus an té sin ag obair go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann bheag chruthaitheach mhear.
  • Ina gcainteoir líofa, díograiseach a bheidh ar a gcompord ag léamh, ag scríobh agus ag labhairt na Gaeilge ag leibhéal ard agus ábalta tabhairt faoi aistriúchán cruinn go Gaeilge.
  • Ar an eolas faoin litríocht is déanaí do leanaí i nGaeilge agus suim acu inti.
  • In ann scileanna litearthachta digití den chéad scoth a léiriú agus beidh ar a gcumas Slack, Dropbox agus uirlisí táirgiúlachta oifige eile a úsáid go cumasach.
  • In ann dea-scileanna idirphearsanta a léiriú agus iad ar a gcompord ag obair le páirtnéirí ar réimse leathan clár chomh maith le foireann bheag agus dhinimiciúil. 

Ag tuairisciú chuig: An Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin 

Suíomh: Beidh rogha ag an iarratasóir a n-éireoidh leo a bheith lonnaithe san oifig go hiomlán nó ar bhonn hibrideach, agus beifear ag súil le go mbeidh siad ag obair san oifig ar a laghad lá amháin sa tseachtain. Tá an oifig ar an gcéad urlár, 17 Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.  D’fhéadfadh athrú teacht ar shuíomh na hoifige ach beifear fós i lár Bhaile Átha Cliath. 

Tréimhse an chonartha: Buan, le tréimhse phromhaidh sé mhí i gceist.

Uaireanta oibre: 2 lá in aghaidh na seachtaine (16 uair, 2 uair íoctha don lón san áireamh). Beifear solúbtha i dtaobh uaireanta oibre idir 8 a.m. agus 5.30 p.m. D’fhéadfadh go mbeadh gá dul ag obair tráthnónta nó ar an deireadh seachtaine ó am go chéile, lena bhféadfar saoire chúitimh a ghlacadh ina leith de réir pholasaí na cuideachta.

Íocaíocht/sochair: €18,300.63 in aghaidh na bliana (€45,751.58 pro rata). 5% comhíocaíochtaí pinsin ón dáta tosaigh. 10 lá saoire bhliantúil. Solúbthacht oibre. Liúntas gutháin €14 sa mhí agus liúntas don obair ó bhaile €3.20 sa lá ar fáil. Íocfar míleáiste de réir pholasaí na cuideachta do thaisteal atá ceadaithe, agus beidh ar gach ball foirne a thaistealaíonn don obair an t-árachas cuí a fháil ar a gcostas féin. 

Le hiarratas a chur isteach

Seoil litir chumhdaigh agus CV (i ndoiciméad amháin más féidir) ar ríomhphost chuig recruit@childrensbooksireland.ie, leis an teideal ‘OIFIGEACH GAEILGE’ sa líne ábhair, roimh 4pm ar an Aoine 14 Lúnasa 2026. Tabhair faoi deara nach gcuirfear iarratais gan litir chumhdaigh san áireamh.

Tá Leabhair Pháistí Éireann tiomanta don chothromas, éagsúlacht agus cuimsiú i ngach gné dár gcuid oibre and fáiltímid roimh iarratais ó gach iarrthóir cáilithe, ach go háirithe iad siúd a thagann ó chúlraí agus comhphobail atá faoi ghannionadaíocht. Tabhair faoi deara go ndéanfar teistiméireachtaí a sheiceáil leis an ról seo a líonadh. 

Déanfar agallaimh a reáchtáil i láthair go pearsanta i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin 27 Lúnasa 2026. 


Maidir le Leabhair Pháistí Éireann

Tá fís Leabhair Pháistí Éireann simplí: léitheoirí a chothú i ngach páiste.

Tá sé mar mhisean againn i Leabhair Pháistí Éireann suim sa léitheoireacht a spreagadh i measc leanaí agus daoine óga ar oileán na hÉireann agus cás a dhéanamh maidir le leabhair den scoth a sholáthar go cothrom, ár gcuid saineolais agus ár gcuid díograise a roinnt leis na daoine fásta a threoraíonn na léitheoirí óga agus a théann i bhfeidhm orthu, cur ina luí ar scoileanna agus suíomhanna luath-óige gur fiú cultúr dearfach a chothú maidir leis an léitheoireacht agus an léitheoireacht os ard, agus tacaíocht a chur ar fáil d’údair agus maisitheoirí, iad a chur chun cinn agus iad a nascadh lena lucht léitheoireachta.

Is carthanacht chláraithe í Leabhair Pháistí Éireann. Cuirimid roinnt tionscadal ar fáil trína roinntear aoibhneas na léitheoireachta le leanaí ar fud oileán na hÉireann lena n-áirítear Laureate na nÓg (laureate litríocht na bpáistí), Gradaim Leabhair Pháistí Éireann KPMG, Clinicí Leabhar Leabhair Pháistí Éireann, iris agus treoirleabhar léitheoireachta bliantúil, comhdháil bhliantúil agus scéimeanna éagsúla tabhartas leabhar lena gcinntítear go bhfuil teacht ag páistí agus ag daoine óga i gceantair atá i ngátar ar leabhair. Is í Leabhair Pháistí Éireann an eagraíocht le dul chuici chun clúdach a fháil do leabhair do pháistí ar fud na meán cumarsáide éagsúil. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.childrensbooksireland.ie agus léigh ár bPlean Straitéiseach anseo.