Údar agus Maisitheoir mór le rá, Chris Haughton, fógartha mar Laureate na nÓg nua na Comhairle Ealaíon
Údar agus Maisitheoir mór le rá, Chris Haughton, fógartha mar Laureate na nÓg nua na Comhairle Ealaíon.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon an t-údar Chris Haughton a fhógairt mar an t-ochtú Laureate na nÓg, Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann.
Ceapadh Haughton sa ról inniu, an 11 Bealtaine, ag searmanas speisialta a óstáladh in The Ark thar ceann na Comhairle Ealaíon. D'fhreastail Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar an searmanas; in éineacht le Stiúrthóir Eatramhach na Comhairle Ealaíon, Moling Ryan agus Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Maura McGrath.
Beidh an post ag Haughton, an t-údar do leanaí a bhfuil duaiseanna bainte aige ó Chill Mhantáin, ó anois a fhad le 2029, é ag glacadh leis an bpost ón Laureate, Patricia Forde, atá ag imeacht as oifig.
Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na ceirde aige/aici mar aon le tiomantas iontach, déanann Laureate na nÓg litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Fágann sin gur spreagadh mór atá sa Laureate do scríbhneoirí, do mhaisitheoirí agus do léitheoirí óga. Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é, arna riar ag Leabhair Pháistí Éireann agus ag a bhfuil tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Is maisitheoir agus údar Éireannach mór le rá é Chris Haughton atá lonnaithe i Londain. Aistríodh a chuid leabhar go níos mó ná 30 teanga agus bhuaigh siad dámhachtainí i níos mó ná dosaen tíortha.
Is é an sprioc atá ag Haughton mar Laureate na nÓg domhan níos leithne scéalta a chur ar fáil do léitheoirí óga agus an iliomad bealaí chun scéal a insint a thaispeáint, spreagtha ag leabhair mhaisithe ó gach cearn den domhan.
Dúirt Catherine Connolly, Uachtarán na hÉireann: 'Tá ról thar a bheith tábhachtach ag Laureate na nÓg i saol cultúrtha na tíre seo. Tá saol draíochtúil agus spreagúil ar fáil don léitheoir óg. Cuireann leabhair smaointe, mothúcháin agus dearcadh nua os comhair na bpáistí agus tugann scéalta deis dóibh teacht ar fhocail chun rud a mhothaigh siad ach nach raibh siad in ann a mhíniú a chur in iúl.
Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Chris Haughton agus tús á chur aige lena réim mar Ochtú Laureate na nÓg. Is duine é Chris anois de ghrúpa iomráiteach scríbhneoirí agus maisitheoirí atá tar éis cáil na hÉireann i litríocht na bpáistí a láidriú agus a shaibhriú go mór. Níl aon dabht ach go leanfaidh Chris leis an obair thábhachtach seo ag spreagadh léitheoirí óga, ag tacú le scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn agus ag moladh go mbeadh scéalta mar chuid lárnach de shaol chuile pháiste.Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gComhairle Ealaíon as a dtacaíocht leanúnach do litríocht na bpáistí agus iad ag cinntiú go mbeidh comhluadar, misneach agus dóchas le fáil ag léitheoirí óga na tíre i leabhair.'
Dúirt Moling Ryan, Stiúrthóir Eatramhach na Comhairle Ealaíon: 'Thar ceann na Comhairle Ealaíon, tréaslaím go mór le Chris Haughton as a cheapachán mar Laureate na nÓg. Táimid ag tnúth le tacú leis an gclár seo de réir mar a spreagann sé leanaí agus daoine óga ar fud na hÉireann chun a bheith rannpháirteach sa léitheoireacht agus sa chruthaitheacht.'
Ag labhairt dó mar Laureate na nÓg nua, dúirt Chris Haughton: 'Is cúis mhór áthais agus onóra dom a bheith roghnaithe mar an t-ochtú Laureate na nÓg. Agus mé i mo pháiste, thaitin an tarraingt agus an léitheoireacht agus scéalta a chruthú le mo chairde go mór mór liom. Níor fhág sé sin mé riamh, agus is dá bharr sin atáim i mo mhaisitheoir anois. Anois sa ról nua seo mar Laureate, tá súil agam an grá céanna sin a roinnt maidir le scéalta a chruthú do ghlúin nua leanaí.
Bhí an t-ádh orm gur lig mo leabhair dom taisteal. Bím i gcónaí an-spreagtha ón ealaín agus na scéalta ó chultúir agus ó thíortha éagsúla.
Cé go bhfuil na focail i dteangacha éagsúla, is féidir le gach duine na léaráidí a thuiscint. Taispeánann siad bealaí éagsúla dúinn chun féachaint ar an domhan agus ciall a bhaint as an domhan. Theastaigh uaim i gcónaí go bhfeicfeadh leanaí in Éirinn níos mó de na leabhair spreagúla seo.'