Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Sa chnuasach dánta seo do pháistí, cuireann an file mór le rá Gabriel Rosenstock réimse mór de charachtair dhána, aisteacha os ár gcomhair. Chomh maith leis na púcaí mistiúla ón teideal, buailtear le heachtrán ocrach, cangarú caillte agus damhán alla scanraithe. Bainfidh éisteoirí óga sult as an rím agus an t-athrá fuaime agus is mór an acmhainn don léitheoir go bhfuil gach dán nasctha le taifeadadh d’athrá proifisiúnta.

Ní féidir na dánta nó an leabhar féin fiú a lua gan trácht ar na léaráidí gealgháireacha a tharraingíonn aird ar charachtair, mothúcháin agus atmaisféar na filíochta, Díreach cosúil leis na dánta, baineann spraíúlacht agus beocht leis na híomhánna seo.

Fágann filíocht mhaith spás don léitheoir nó éisteoir dul i ngleic le ceol agus imeartas focal na ndánta agus níor chóir don fhoilsitheoir na línte a fháscadh isteach sa mhullach a chéile ar an leathanach – tá a ardán féin tuillte ag gach dán. Sa leabhar seo fágtar an spás seo agus seasann na dánta agus na léaráidí amach mar gheall air sin.

Is léir go bhfuil go bhfuil na blianta caite ag Rosenstock ag cleachtadh a cheirde nuair a chloistear an fhilíocht seo léite os ard. Chomh maith leis sin, ní thitfidh éisteoirí óga faoi leadrán de bharr athdhéanamh struchtúir mar níl eagla ar an bhfile triail a bhaint as foirmeacha éagsúla. Cé go bhfuil na dánta féin gairid, beidh an leabhar agus na dánta léite arís agus arís eile mar gheall ar an dóigh a mbaineann an file spórt agus spraoi as an teanga mar uirlis cheoil.

About the Author
Headshot of Gabriel Rosenstock
Is duine de na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla sa Ghaeilge é Gabriel Rosenstock. Rugadh é sa bhliain 1949 i ndeisceart na tíre. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Innti a spreag agus a scaip an fhilíocht i measc phobal na hÉireann. Chaith sé tamall ag obair i réimsí éagsúla i saol na Gaeilge sular chrom sé ar an scríbhneoireacht lán-aimseartha. Tá clú idirnáisiúnta ar a chuid filíochta, go
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Photo of illustrator Tarsila Krüse
Tarsila Krüse is a self-taught artist born in Brazil and Irish at heart with a love of languages, books and art. She lives in a house with a bright yellow door in the fair city of Dublin with her husband, her son and two happy dogs, Pixel and Tag.
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Una Woods Headshot
Úna Woods is an illustrator and author who lives in Dublin. She loves making illustrations for children, and her work has been published in books, magazines and websites. She loves working with bright colours and patterns in her illustrations. She grew up in Clontarf, very close to where Bram Stoker was born.
Léigh tuilleadh
Book Cover - Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
March 2023
Praghas
€16.95
Foirm
Hardback
Leathanaigh
47
ISBN
9781910945575