Inis Mara 3

Seo againn arís Éabha, laoch óg de bhunadh Inis Mara, agus í ag dul i ngleic le tubaiste mhillteanach eile. Cé go bhfuil seantaithí aici ar na bithiúnaigh santacha atá i ndiaidh theacht i dtír, beidh dúshlán roimpi stad a chur lena gcuid scéiméireachta. Ach nuair atá d’oileán, do mhuintir agus do phobal faoi bhagairt ag bithiúnaigh shantacha, nach í Éabha féin an cailín is fearr leis an dúshlán céanna a shárú!

Is scéal é seo a dhéanann an sean agus an nua a fhí le chéile go fileata. Tá sé lán le tagairtí dár sinsir agus dár gcultúr; den tábhacht a bhaineann leis an idircheangail eadrainn féin is cuma cén áit nó cén aois ina bhfuil muid. Tá Gaeilge shnasta ann, agus neart seanfhocail agus nathanna fite fuaite le focail nua-aimseartha a bhaineann le hathrú aeráide agus an baol atá ag dul leis. Cuirtear na beacha i lár an aonaigh agus Éabha ag iarraidh cur ar shúile daoine an ról lárnach atá acu sa dúlra agus mar sin in éiceolaíocht an domhain. 

Tá téamaí tráthúla á bplé sa leabhar seo, a rachaidh i bhfeidhm ar intinní óga dúthrachtacha an aosa óig, agus ar chóir dul i bhfeidhm orainn féin fosta, dá ligfimis dó.

Éabha is back with another environmental themed adventure this time focusing on the importance of bees. A story of community, ecological understanding and bravery. 

About the Author
Photo - Tristan Rosenstock
Craoltóir, ceoltóir, údar agus eagarthóir is ea Tristan Rosenstock. Tá sé ina Chlár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, chomh maith le cláracha liteartha eile. Ón mbliain 2017 i leith tá sé ina eagarthóir liteartha ar an iris Comhar. Tá an domhan siúlta aige i dteannta an ghrúpa Téada. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus cónaí
Léigh tuilleadh
Book Cover – Inis Mara 3
Maisitheoir
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
July 2026
Praghas
€12.00
Foirm
Paperback
Leathanaigh
92
ISBN
9781918127034