Ag Maisiú Pheigí Pusach

Níl deireadh le diabhlaíocht Dhónall Dána! Insíonn an leabhar gearr seo eachtraí an bhuachalla óig agus é ag iarraidh airgead a charnadh. Tá bior ar a chluasa nuair a chéadchloiseann sé faoi ‘Nuamhaisiú’ a chur ar mhuintir na háite, agus níos tábhachtaí fós, an táille a íocfaidh siad leis as a chuid obair chruthaitheach. Téann Dónall agus Peigí in adharca a chéile ag iarraidh custaiméirí a mhealladh don ghnó luachmhar seo.

Tá stíl inste an-saibhir le canúnachas breá ann, go háirithe nuair a bhíonn Dónall “ag plubáil agus ag plabáil” leis. Ní mó ná sásta atá na custaiméirí le torthaí a chuid iarrachta ar an drochuair. Ní fhágtar ach rogha amháin ag Dónall: dul i muinín Marcas Múinte, Naoise Néata agus Learaí gan Locht. Tá ainmneacha an-chliste roghnaithe do na carachtair le breis eolais a thabhairt dúinn faoin bpearsantacht. Níl amhras ar bith orainn faoin strainc ar aghaidh Pheigí Pusach nó an meas atá ag Máire Mór Inti Féin uirthi féin. Cuireann léaráidí Tony Ross go mór le hinsint bheomhar an scéil, cuir i gcás na póstaeir ildaite a dhéanann siad chun cur síos tarraingteach a dhéanamh ar an ngnó idir lámha. Nó an claochlú a thagann ar chuma na gcarachtar ach ní feabhas a thagann ar a gcuma i gcónaí!

AgMaisiú_DónalDána
Illustrator
Publisher
Publication Date
December 2022
Price
€8.00
Format
Paperback
Pages
74
ISBN
9781784442507
Age range
Theme