An Bogha Báistí: Dánta do Pháistí
Léirítear draíocht, lúcháir agus simplíocht an tsaoil i meon an pháiste sa leabhar cumasach, taitneamhach seo. Dánta le téamaí uilíocha a oireann do ghnáthshaol an pháiste.
Dánta le heagsúlacht ó thaobh téamaí agus fad de. Ar scáth a chéile a sníonn na dánta agus na léaráidí le chéile. Léaráidí d’ardchaighdéan déanta ag iníon an údáir. Focail an athar agus ealaín na hiníne i bhfreagairt dá chéile go ceolmhar ealaíonta.
Leabhar atá simplí ach domhain agus smaointeach ag an am céanna. Rím álainn tarraingteach do pháistí agus do dhaoine fásta. Stíl cruthaitheach, ealaíonta, samhlaíoch sna dánta agus sna léaráidí.
Ó thaobh na danta de tá éistphéist nó dhó sa leabhar le fáil sna dánta gearra ach go háirthe. Bheadh áit i ngáthshaol an pháiste d’aithris na ndánta ar bhonn laethúil i rith an lae.
Leabhar é seo do thosnaitheoirí, foghlaimeoirí agus Gaeilgeoirí. Cuireann an leagan amach, simplíocht agus dearadh go mór le mealladh an leabhair.
Leis an bhfad ceart ní dheachaigh an t-údar thar fóir agus díreach an méid ceart tugtha don léitheoir chun aoibhneas an leabhair a mhothú.
Deirtear nach bhfuil saoi gan locht ach is deacair teacht ar locht ar an saothar seo. Macántacht na hoibre le brath i ngach líne agus i ngach buille den scuab péinte. D’oirfeadh an leabhar seo d’am speisialta léitheoireachta an teaghlaigh ach go háirithe. Cinnte gur leabhair claiseacach seo a rachaidh ó ghlúin to glúin sa teaghlach agus buaine ag baint leis gan dabht.