Cogito
An bhfuil tú go cinnte anseo? Sin an cheist mhór fealsúnachta a chuirtear roimh an gcailín óg ag tús an scéil, ceist a spreagann a haistear ó leathanach go leathanach. Dá bharr, téann an príomhcharachtar sa tóir ar chuid thábhachtach di: a scáil atá ar iarraidh.
De réir mar a ghluaiseann an scéal, féachaimid ar an gcailín óg agus a cairde i méideanna éagsúla agus ó dhearcthaí éagsúla i dtír na n-iontas. Ó chúlra éadrom, léimeann an líníocht chorrach amach agus cruthaítear atmaisféar brionglóideach agus í ag rince, ag léim agus ag eitilt. Tá meascán de dhathanna an fhómhair agus líníocht dubh agus bán le scáthú ann, codarsnacht a léiríonn codanna éagsúla den saol agus den duine.
Clúdaíonn litreacha agus na huimhreacha mistéireacha dhá chlúdach an leabhair agus na páipéir cheangail. Tá scríbhneoireacht faoi cheilt ar na leathanaigh agus le léaráidí lán le mioneolas, níl cúinne den leathanach nach n-insíonn a scéilín féin.
Scaiptear an fhoclaíocht ar an leathanach de réir mar a bhogann an cailín óg ar a haistear draíochtúil féin. Le hinsint rithimiúil bailíonn an cailín óg neart agus fuinneamh agus tosaíonn sí ag tochailt. Nuair a thagann sí ar an taisce litreacha is ansin a chaithfidh sí smaoineamh ar a patrún speisialta féin. Preabann blúiríní ó phas an duine aníos ó bhun an leathanaigh go dtí go dtagann sí ar an eolas gurb í a samhlaíocht agus a cumas smaointeoireachta a chruthaíonn a scáil.