Dialann Emily Porter: An Jailtacht
Éiríonn go sármhaith le Richie Conroy samhlaíocht an léitheora a mhúscailt san úrscéal seo. Sníomhtar téamaí uilíocha le chéile sa chuntas dialainne seo ar nós saol an teaghlaigh, daoine óga, cairdeas agus grá. Tugtar léargas ar shaol an déagóra, ag féachaint siar ar bhóithrín na smaointe.
Insítear scéal na Gaeltachta dúinn ar bhealach an-taitneamhach. Cuir i gcás, na sonraí beaga – mar shampla dearthóir don bhríste géine. Cloistear faoi rudaí ar nós ‘smiley bars’ agus an ‘mix tape’. Nochtar fadhbanna a bhíonn ag déagóirí sa Ghaeltacht go minic. Cé go bhfuil go leor gnéithe soineanta ag baint le heachtraí an leabhair, tá casadh sa scéal nuair a luaitear an caidreamh náireach atá ar siúl ag an bPríomhoide, Caoimhín. Feictear greann go minic sa chur síos a thugann Emily dúinn. Cruthaíonn na litreacha nasc leis an saol taobh amuigh, faoiseamh sealadach ó na heachtraí Gaeltachta! Bheadh an leabhar oiriúnach do rang óg meánscoile. Bheidís ag léamh níos mó Gaeilge, a fhad is a leanfadh an scéal ar aghaidh. Tá léaráidí simplí éifeachtacha sa leabhar cliste greannmhar seo. Cé go bhfuil críoch leis an scéal (go fóill), is féidir labhairt le hEmily ar na meáin shóisialta @jailtacht. Nach álainn an feabhas a thagann ar a cuid Gaeilge, ag scríobh sa dialann as Gaeilge maidir leis an ngrá faoi bhláth. Tacaíonn an léitheoir le hEmily. Sáraíonn sí na deacrachtaí ina saol agus, diaidh ar ndiaidh, athraíonn an dearcadh diúltach atá aici ar a clann agus ar na déagóirí thart timpeall uirthi. Cuireann sí spéis sa teanga i ngan fhios di féin. Cothaíonn an Ghaeltacht meas ar an teanga inti.