Do Chodladh Beag

Aistriúchán é seo ar ‘Your Little Sleep’. Leabhar an-fiúntach é a chuideoidh le tuismitheoirí a bhfuil páistí dá gcuid ag dul faoi ainéistéiseach ginearálta (ain-éis-téis-each). Míníonn an t-údar cad a tharlaíonn nuair a théann tú isteach in ospidéal na bpáistí le haghaidh obráide nó chun scanadh a fháil. Taispeántar cuid de na daoine agus na rudaí a fheictear san ospidéal (máinlianna agus masc ocsaigine, mar shampla).

Is deacair ar dhuine fásta an córas sláinte a mhíniú mura bhfuiltear i ndiaidh dul tríd iad féin, agus is tús é an leabhar seo ar bhearna ábhar i nGaeilge a líonadh. D’fheadfaí é a léamh sa bhaile nó sa seomra ranga le tuiscint a fháil ar éinne ag dul tríd a leithéid agus chun tástálacha sláinte a normálú.

Tá ainmhithe in úsáid tríd síos chun faitíos faoin gcóras a mhaolú, agus ainmhithe inaitheanta le feiceáil i suíomhanna éagsúla. Seans go bhféadfaí míthuiscint a bhaint astu seo – níl mé cinnte an gceadaítear ainmhithe isteach san obrádlann i bhfírinne!

Tá pearsantacht agus bua na simplíochta sna léaráidí a fhágann nach mothaíonn an leabhar go hiomlán ar nós bróisiúr ón ospidéal. B'fhearr leis an léitheoir seo go mbeadh na lipéidí curtha isteach le cló digiteach in ionad a bheith déanta de láimh.

Tá an leagan amach beagáinín ciotach, agus sonraí sna híomhánna ag titim isteach sa pholl idir na leathanaigh nó bíonn an chuma ar an spás bán go bhfuil téacs in easnamh in áiteanna, cé go bhfuil an-chuid téacs ar roinnt leathanach eile!

DoChodleadhBeag_cludach
Publication Date
September 2022
Price
€8.00
Format
Paperback
Pages
48
ISBN
9781857919806