Eachtra ar Oileán na Rún
Is úrscéal eachtraíochta do dhaoine óga é seo a thaitneoidh le léitheoirí óga atá ag lorg scéal lán de mhistéir, de bhleachtaireacht agus d’aicsean.
Tosaíonn an scéal go tobann agus an bheirt seandálaithe cáiliúla Niall agus Mairéad Uí Bhrádaigh imithe ar iarraidh i dTuaisceart na Sualainne agus caithfear a mbeirt déagóirí, Mac Dara agus Ána a chur go hÉirinn chuig gaolta leo. Is iad Mac Dara agus Ána na príomhcharachtair agus is bleachtairí cliste agus cróga iad beirt le ceangal a dhéanamh idir mistéir i seanteach, le heachtraí gadaíochta agus le smuigléirí idirnáisiúnta.
Tá eachtraíocht agus luas iontach maith sa scéal agus an ghluaiseacht ó áit go háit, ó Nua Eabhrach go Baile Átha Cliath agus ó chathair go láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt. Déantar an-chur síos ar charachtair, ar theacht i láthair agus ar thréithe na gcarachtar agus bíonn an léitheoir féin amhrasach ag amanna agus ag iarraidh ceangal a dhéanamh idir ghnéithe éagsúla den phlota. Is deas go bhfuil beirt déagóirí mar bhleachtairí agus is deas don léitheoir bheith ‘ag obair’ agus ag smaoineamh mar bhleachtairí chomh maith! Cuireann stíl scríbhneoireachta an údair go mór le hatmaisféar mistéireach agus le teannas a chruthú go deireadh an scéil agus an léitheoir ag súil le réiteach agus go dtiocfaidh an bheirt déagóirí slán. Gaeilge sholéite in oiriúnt do léitheoirí óga agus d’fhoghlaimeoirí fásta a thaitníonn scéalta bleachtaireachta leo!