Eachtra Dlúthchara

Sa chúigiú leabhar sa tsraith Dialann Dúradáin, leanaimid Greg Heffley arís. Ach an uair seo, scéal taobh istigh de scéal atá ann, agus tá an scéal seo scríofa ag Rowley Jefferson le moltaí cabhracha (agus moltaí nach bhfuil cabhrach ar chor ar bith) ó Greg Heffley. Buaileann muid le Rowland agus a dhlúthchara Garg. Téann said ó áit go háit i mbun eachtraíochta fíorghreannmhara chun mátháir Rowland a shábháil ón nGruagach Geal. Tá an leabhar chomh barrúil agus spraíúil sin go mbeifeá ag rachtaíl gáire!

Sa leabhar seo, fiosraíonn an t-údar conas is féidir le buachaill óg a fhéiniúlacht féin a aithint agus a fhorbairt. Feictear na teamaí dáiríre mar seo fite fuaite sa scéal ach léirítear iad go tuisceanach agus i mbealach fíorthaitneamhach a thaitneoidh le páistí is ógánaigh.  

Scéal ó pheann údar Dialann Dlúthchara agus Dialann Dúradáin, Gael-Mhéiriceánach Jeff Kinney. Aistrithe go binn ag Fearghas Mac Lochlainn ar son Futa Fata.

Eachtra_dluthchara
Údar/Maisitheoir
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
October 2022
Praghas
€9.95
Foirm
Clúdach bog
Leathanaigh
224
ISBN
9781910945896