An Eala Órga agus Scéalta Eile Ón India

Bailiúchán scéalta gearra ón India atá ar fáil in An Eala Órga, athinste ag Gabriel Rosenstock. Bíonn fadhb éigean le réiteach ag na hainmhithe i ngach scéal - na giorriacha, an buabhall uisce, eala, sionnach agus mac tíre san áireamh. Éiríonn le hainmhí faoi leith an lámh in uachtar a fháil ar na carachtair eile sa scéal trí sheift éirimiúil a imirt.

Ní ainmhithe amháin atá sna scéalta ach oiread ach réimse daoine ó bhean bhocht feirmeora go banphrionsa. Scéalta cliste atá le fáil sa leabhar, lán le saibhreas na teanga agus an greann fite fuaite go mór iontu ag Rosenstock. Chomh luath is a bhíonn scéal amháin léite, bíonn ríméad ar an léitheoir an chéad cheann eile a léamh. Is saothar ealaíne é an leabhar seo a bhuíochas le léaráidí áille Brian Fitzgerald, a chuireann cultúr agus traidisiún na hIndia go mór chun cinn ar gach leathanach. Baintear úsáid éifeachtach as dathanna sna léaráidí agus cruthaítear teannas sna scéalta le cabhair ón chodarsnacht idir na dathanna geala agus na dathanna dorcha sna híomhánna tarraingthe. Cheapfá ón léaráid ildaite ar an gclúdach gur leabhar é atá dírithe ar pháistí ach bhainfeadh chuile dhuine sásamh as obair an mhaisitheora agus as peann an scríbhneora. Cnuasach finscéalta traidisiúnta atá ar fáil sa leabhar seo ina dtiocfaidh an léitheoir idir óg agus aosta ar ais chucu arís is arís eile.

About the Author
Headshot of Gabriel Rosenstock
Is duine de na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla sa Ghaeilge é Gabriel Rosenstock. Rugadh é sa bhliain 1949 i ndeisceart na tíre. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Innti a spreag agus a scaip an fhilíocht i measc phobal na hÉireann. Chaith sé tamall ag obair i réimsí éagsúla i saol na Gaeilge sular chrom sé ar an scríbhneoireacht lán-aimseartha. Tá clú idirnáisiúnta ar a chuid filíochta, go
Léigh tuilleadh
About the Illustrator
Headshot of Brian Fitzgerald
Brian has worked continuously as an illustrator since graduating from NCAD in the early 80s. He has illustrated for newspapers such as The Boston Globe, The Wall Street Journal and for magazines, design studios, advertising, publishing and children’s picturebooks. As author and illustrator he received international recognition for his award-winning book Bounce Bounce.
Léigh tuilleadh
Book Cover - An Eala Órga agus Scéalta Eile Ón India
Publication Date
September 2019
Praghas
€9.00
Foirm
Clúdach bog
Leathanaigh
75
ISBN
9781857919493