Eoinín agus a Chairde
Seo scéal álainn, tarraingteach, idirghníomhach eile mar gheall ar an uan beag, ar bhuail muid leis ar dtús sa leabhar Eoinín. Sa leabhar nua seo, tá sceitiminí air mar go bhfuil sé ag dul ar scoil. Pléitear na mothucháin agus na dúshláin a thagann chun cinn agus é ag tabhairt faoi chaibidil nua ina shaol.
Iarrtar ar na léitheoirí páirt a ghlacadh sa scéal chun cabhair a thabhairt dó. Tá ceisteanna le freagairt, geáitsíocht le déanamh is ábhar éagsúil le haimsiú sna híomhánna aoibhinne ar gach leathanach. Cuireann na pictiúirí gleoite go mór leis an scéal. Tá an teanga simplí agus éasca le tuiscint do leanaí óga. Tá an t-athrá sa scéal an-taitneamhach. Is furasta a aithint go n-éireoidh leis na léitheoirí cabhrú le hEoinín in am an ghátair!
Is áis iontach í an leabhar seo do leanaí óga ag tosú amach sa bhunscoil, nó sa naíonra. Tá ceachtanna beaga le foghlaim anseo. Tugann sé deis iontach don léitheoir aon bhuairt a phlé i slí dhearfach agus spraíúil. Bíonn seans ag an léitheoir fadhbanna beaga a réiteach ionas go n-éireoidh le hEoinín ar a chéad lá. Neartaítear scileanna soisialta agus ullmhaítear an té a léann an leabhar seo chun cairde nua a dhéanamh. Tá nasc idir na gníomhaíochtaí a dhéanann Eoinín agus na mothucháin a théann leo. Tá an-chuid clúdaithe sa dá leathanach déag! Braithim gur cóir d’aon tuismitheoir le leanaí ag tosú amach ar scoil nó sa naíonra an leabhar seo a léamh. Bheadh sé an-úsáideach sa seomra ranga chomh maith.