Foghlaí Mara Monte Carlo

Tá Mamaí sa spá, tá Dadaí sa casino, agus tá Zoé ag tabhairt aghaidh ar an Afraic lena pearóid liath. Tá béim á cur le déanaí, i litríocht do pháistí, ar bhua an chailín dhána, nó an chailín chróga. Tá sé tábhachtach go mbeadh taithí ag léitheoirí óga, cailíní agus buachaillí, ar an mbancharactar láidir, rud a bhíodh flúirseach agus fairsing i litríocht na hÉireann tráth.

Gan aon agó, is carachtar misniúil í Zoé, agus solas na rógaireachta sa tsúil aici. Tá sí i ndiaidh luamh a hathar a ghoid (nó é a fháil ar iasacht i ngan fhios dó…), tá sí tar éis an fód a sheasamh i gcoinne a comharsan srónach, agus anois tá sí ar a bealach go tír dhúchais a peata agus folachánaí coimhthíoch leo (buachaill atá níos sine ná ise!) atá faoi smacht aici. Scéal nua-aimseartha atá i gceist le Foghlaí Mara Monte Carlo; dár ndóigh tá tagairt don spá, don chasino agus don ghuthán póca ann. Tá an scéal dea-scríofa, le Gaeilge nádúrtha ann, agus é curtha le chéile i stíl shimplí chéillí. Is scéal éadrom go leor é, ach ní sin a rá nach bhfuil fiúntas nó doimhneacht ann. Is imirceach eacnamaíoch é Peppino, an folachánaí, a tháinig ón tSicil go dtí Monte Carlo ag lorg oibre. Is deis é seo labhairt le páistí faoi cheist na himirce. Bheadh an léitheoir muiníneach in ann an leabhar seo a léamh leis/léi féin. Molaim do thuismitheoirí, áfach, an deis a thapú agus am luachmhar a chaitheamh agus an leabhar seo a léamh in éineacht le do pháiste sula dteitheann sé/sí ar a t(h)uras dainséarach féin, a mhalairt ar thuismitheoirí Zoé atá gafa lena gcúram féin.

Book Cover - Foghlaí Mara Monte Carlo
Foilsitheoir
Léirmheastóir
Publication Date
January 2017
Praghas
€10.00
Foirm
Clúdach bog
Leathanaigh
104
ISBN
9780993494611