Na Mairbh a D'fhill

Foilsíodh an leabhar seo ar dtús sa bhliain 1943, tráth ar chuir muintir na tíre aithne ar an mbleachtaire iomráiteach Réics Carló den chéad uair. Scéal bleachtaireachta amach is amach is ea é seo le tréithe den bhficsean eolaíochta chomh maith.

Sa scéal seo leanaimid Réics Carló agus Gardaí na tíre agus iad sa tóir ar choirpigh rúndiamhracha atá tar éis an Dr. Leon a fhuadach. Tá neamhspleáchas na tíre i mbaol agus na Gaeil ag brath ar Réics Carló chun teacht i gcabhair orthu.

Is cinnte go bhfuil gnéithe den scéal atá sean-fhaiseanta, níl carachtar mná ar bith ann fiú, agus déanann Róisín Adams plé air seo in iarfhocal an leabhair. Ina ainneoin sin tá fiúntas fós sa scéal éadrom, spraíúil seo. Tá luas maith faoin scéal, is furasta é a léamh. Tá an Ghaeilge soiléir agus intuigthe san eagrán nua seo ach tá saibhreas fós ann don léitheoir óg. Mholfainn an leabhar seo do dhaoine óga le spéis i scéalta bleactaireachta, mar shampla, leithéidí Tintin.

RC1_Na_mairbh_a_dfhill
Publication Date
June 2022
Price
€9.00
Format
Paperback
Pages
99
ISBN
9781857919820