Nioclás Beag Eachtraí Eile

Maireann eachtraí Nioclás Beag i gcuimhne mhuintir na Fraince ó chéadchuir siad aithne air sna caogaidí. Is iomaí eachtra atá i ndán do Nioclás agus iad scríofa i gcaibidlí gearra. Rinneadh dúchasú ar roinnt de na tagairtí cultúrtha, cuir i gcás léarscáil na hÉireann ar crochadh ar bhalla an tseomra ranga chomh maith le hUncail Eoin a bhíonn ag taisteal fud fad na hÉireann. É sin ráite, aithneoidh léitheoirí an lae inniu rian na haimsire inar scríobhadh é chomh maith leis an ngreann faoi leith a bhaineann leis, greann atá as alt in amanna le saol an lae inniu.

Cosúil le scéalta eile scoile, bíonn an rógaire óg ag croílár an scéil ag spochadh as a bpiaraí agus ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar na daoine fásta thart timpeall air. Cé go bhfuil soineantacht na hóige le brath sa phríomhcharachtar ní shéantar deacrachtaí an tsaoil don duine óg, mar atá an teannas idir tuismitheoirí sa bhaile.

Tá idir chion agus aithne ag glúnta de léitheoirí ar scéalta an bhuachalla bhig seo, chomh maith leis na léaráidí de agus é ag tógáil trioblóide. Tá stíl shimplí dubh agus bán ag baint leis an maisitheoireacht. In amanna tá an íomhá ag gobadh amach ó chúinne an leathanaigh ach ó thráth go chéile pléascann an rírá agus ruaille buaille a dhéanann an scliúchas ainsrianta ón leathanach.

NioclasBeag
Publication Date
December 2019
Price
€7.95
Format
Paperback
Pages
127
ISBN
9781906587987