Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPláinéad MARZ
Seo scéal eachtrúil greannmhar ó údar Trumptaí Dumptaí agus an Falla Mór. Sciobtar Spluff Splaifeirtí óna bhaile ar an domhan agus tugtar go Marz é (is ea, Marz, le ‘z’). Tá téamaí éagsúla sa leabhar atá an-spéisiúil agus is féidir é a chíoradh ar cúpla bealach: tá an coilíneachas ann, agus ceist na teanga, mar aon le forbairtí teicneolaíochta agus an fhiosracht mar bhua an duine óig.
Is trua go bhfuil an daonra ar Marz bunaithe a bheag nó a mhór ar shaol an domhain; Mairzínigh fear ag caint faoina mná céile mar shampla, agus scéal gan mórán ban é. Laige é a fheictear go minic i scéalta osréalaíocha nó sa bhficsean eolaíochta nuair nach dtéann an coincheap morán níos faide ná athrú suímh – d’fhéadfaí a bheith níos turgnamhaí.
Tá an scéal fadálach agus chuideodh babhta amháin eile eagarthóireachta le codanna iomarcacha a bhaint de agus cúpla poll plota a líonadh. Tá doras ar oscailt ansin le haghaidh leabhar eile leis na carachtair chéanna, agus tá súil agam go dtabharfar aghaidh air sin sa chás go bhfuil scéal eile leantach sa trúnc fós.
Tá na léaráidí go hálainn, iad dathúil nua-aimseartha. Cuireann siad go mór le hatmaisféar idir-réaltrach a chruthú agus caighdeán an leabhair a ardú.
Is cosúil gurb é seo iarracht an údair an litir ‘z’ a leabú sa Ghaeilge; má tá dúil ag duine ar bith eile sa litir ‘z’, seo an leabhar dóibh! Bheadh sé an-oiriúnach d’aon déagóir le hardchaighdeán Gaeilge a dtaitníonn imeartas focal nó an Spás leo.