An tEitleán Dofheicthe

Tá Réics Carló ar ais do dhéagóirí (agus daoine fásta) in 2022. Eagrán nua é seo den leabhar a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1943. Is bleachtaire é Réics Carló, agus sa leabhar seo bíonn air dul i ngleic le gadaíocht an Eitleáin Dhofheicthe, tionscadal rúnda de chuid an rialtais.

Deir cúl an leabhair gur eagrán nua é seo atá ‘curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu’, agus is dóigh liom go bhfuil an sprioc seo bainte amach ag an eagarthóir, Róisín Adams. Is scéinséir tarraingteach é seo, agus tá an teanga atá in úsáid sa leabhar foirfe do dhaoine óga. Is sraith ar leith í seo, a raibh móréileamh uirthi nuair a foilsíodh í, agus beidh arís. Tá buaine ag baint leis seo mar scéal toisc nach bhfuil an t-ábhar seanaimseartha, agus d’fhéadfadh duine an sult céanna a bhaint as anois is a bhaineadh nuair a foilsíodh don chéad uair é. Is pearsantacht tipiciúil é Réics Carló, agus é ina laoch sa scéal, ach is é sin cuid den tarraingt a bhaineann leis mar phearsantacht.

Ní scéal róchasta é, ach is píosa léitheoireachta maith é seo, agus oireann sé do dhaoine ó aois a dó dhéag ar aghaidh, agus taitneoidh sé le roinnt mhaith daoine fásta chomh maith. Ní gá an chéad leabhar sa tsraith a léamh ar dtús, ach is fiú é má thaitníonn an leabhar seo leat.

Clúdach_AntEitleánDofheicthe
Publication Date
July 2022
Price
€9.00
Format
Paperback
Pages
112
ISBN
9781857919837