Illustrator:

Tarsila Krüse

Photo of illustrator Tarsila Krüse

Tarsila Krüse is a self-taught artist born in Brazil and Irish at heart with a love of languages, books and art. She lives in a house with a bright yellow door in the fair city of Dublin with her husband, her son and two happy dogs, Pixel and Tag.

Book Cover - Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Púcaí Schmúcaí! Agus Dánta Eile

Sa chnuasach dánta seo do pháistí, cuireann an file mór le rá Gabriel Rosenstock réimse mór de charachtair dhána, aisteacha os ár gcomhair. Chomh maith leis na púcaí mistiúla ón teideal, buailtear le heachtrán ocrach, cangarú caillte agus damhán alla scanraithe. Bainfidh éisteoirí óga sult as an rím agus an t-athrá fuaime agus is mór an acmhainn don léitheoir go bhfuil gach dán nasctha le taifeadadh d’athrá proifisiúnta.

Book Cover - Little Album of Ireland

The Little Album of Ireland

This non-fiction picturebook captures life in modern Ireland, giving snapshots of events and places all over the island. The selection of the scenes themselves is a great strength of this charming book; each one is carefully chosen so that we can all relate to them. Whether we’ve visited the exact place depicted, such as the English Market in Cork, or one similar, the text carefully avoids being too particular or specific so as not to alienate.

Book Cover - Bliain na nAmhrán

Bliain na nAmhrán

Ní leor an focal ‘leabhar’ chun cur síos cuí a dhéanamh ar an bhfoilseachán seo le Tadhg Mac Dhonnagáin. Is éard atá i gceist in Bliain na nAmhrán ná bailiúchán rannta do pháistí roinnte de réir séasúir, dlúthdhiosca mar thionlacan leis an leabhar agus ceol nuachumtha air. Mar aon leis sin d’oibrigh maisitheoir amháin ar gach séasúr. Caoga leathanach atá thar a bheith gleoite atá le feiceáil mar aon le fiche amhrán binn le cloisteáil.

Book Cover - Percy Péacóg

Percy Péacóg

Scéal álainn, croíúil atá sa leabhar gleoite seo faoi phéacóg óg darb ainm Percy atá anchúthail ar fad. Ní thaitníonn sé leis nuair a thugann na hainmhithe óga ina rang a chleití áille ildaite faoi deara. Ag deireadh an scéil seo, cuireann Percy a chrógacht agus a chlisteacht i láthair a chairde óga.

Book Cover - Bí ag Spraoi Liom

Bí ag Spraoi Liom

Is é an maisiú is mó a tharraingíonn iarracht Devlin muid isteach sa leabhar álainn seo. Agus léitheoirí óga idir chamáin againn, is cinnte go bhfuil maisiú maith ag teastáil le haird na ngasúr óg a dhíriú ar an téacs. Is cinnte go bhfuil bua na ceirde seo ag Krüse, a mhaisíonn an téacs seo le dathanna agus léaráidí gleoite chun na léitheoirí a spreagadh agus chun cur leis an scéal féin. Bíodh sin mar atá, is le cúram agus le cumas a chuireann Devlin scéal álainn os ár gcomhair.