10 Leabhair nua don Nollaig
Seo an t-am den bhliain ina bhfuil gach éinne ag súil le leabhair nua a aimsiú a bheas spreagúil le léamh go deas cluthar taobh istigh, agus tá scoth na leabhar tagtha chugainn anseo ó na foilsitheoirí uile le déanaí. Caitheann muid súil ar a bhfuil ann ó fhoilsitheoirí éagsúla.
Oiriúnach d’aoisréimse ar bith, ó na babaithe beaga go daideo, tagann aistriúchán nua ó Leabhar Breac de cheann de na dánta Nollag is cáiliúla riamh, agus ar fáil anois in eagrán álainn: Cuairt San Nioclás (’Twas the night before Christmas). Beidh sé seo le léamh arís agus arís eile agus an Nollaig ag teacht (agus le cur sa chófra ansin le tabhairt amach arís an chéad bhliain eile!). Ceannaigí é sula bheas sé as cló! Seoidín de leabhar!

Tagtha isteach chugainn ón tSnáthaid Mhór tá an leabhar is déanaí ó Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, agus ón ealaíontóir Mr Ando, Ag Buzzáil sa Ghairdín. Dán deas álainn le léaráidí den scoth, deas simplí agus tarraingteach do pháistí óga 2+. Agus cé gur tháinig sé amach an bhliain seo caite, níor chóir dearmad a dhéanamh ar Daidí na Nollag ón mbeirt chéanna, é lán le léaráidí galánta. Feicfidh tú bronntanais áille, síofraí na Nollag, na réinfhianna, an carr sleamhnáin…
Tá dhá leabhar nua ó Futa Fata atá amuigh anois le mí nó dhó, Amuigh Faoin Spéir le Sadhbh Devlin, maisithe ag Brian Fitzgerald: scéal faoi chat beag nach bhfuil ag iarraidh an teach nó fiú an tolg a fhágáil: aois 4+. Buail le Ninja sa Choill agus an leis an Arracht Uafásach, agus ná déan dearmad ar an Ninja beag san iompróir linbh ach oiread (ná ar an tseacláid the ag deireadh na heachtra)!

Agus freisin d’aois 4+ tagann eachtra nua ón róbó beag spáis, Míp agus Blípín le Máire Zepf agus Paddy Donnelly. Faigheann Míp bronntanas nach raibh sí ag súil leis (agus nach raibh uaithi, dar léi) ó na heolaithe ar domhan – comrádaí bídeach nua. Seo scéal grámhar, inste go han-chliste, tugann an téacs agus na léaráidí píosaí eolais éagsúla don léitheoir, foirfe le léamh os ard ionas gur féidir le súile beaga géara na pictiúir a iniúchadh fad is atá an scéalaí gafa leis na litreacha!
Díreach leandáilte isteach ar maidin ó Chló Iar-Chonnacht tá trí leabhar nua ón tsraith Dónall Dána (5+, dírithe ar luathléitheoirí), dhá cheann díobh thar a bheith oiriúnach don Nollaig: Dónall Dána agus Fear Sneachta an Uafáis, Dónall Dána: Dráma na Nollag, agus Ag Maisiú Pheigí Pusach. Leabhair bheaga snasta atá ann le cló deas mór agus léaráidí go flúirseach tríd síos.
In Dónall Dána agus Fear Sneachta an Uafáis déanann Dónall iarracht an fear sneachta is mó a dhéanamh riamh, chun comórtas uachtar reoite a bhuachan. Níl sé sásta fiú an sneachta féin sa ghairdín a roinnt lena dheartháir beag, agus ní éiríonn le Learaí gan Locht ach fear beag bídeach a dhéanamh dá bharr – ar ndóigh tá casadh sa scéal agus cé a bheas thíos leis ag an deireadh? Scéal greannmhar le ceacht istigh ann aistrithe go Gaeilge bhreá Chonamara ag Fearghas Mac Lochlainn.

Cé go bhfuil Dónall Dána: Dráma na Nollag dírithe ar luathléitheoirí, bainfidh tuistí agus páistí araon an-spraoi as, agus b’fhéidir go n-aithneoidh tuistí éigin a bpeata beag féin istigh ann! An greannmhar go deo agus an-oiriúnach don stoca.
Do pháistí píosa beag níos sine (7–10) atá an leabhar nua eile ó Leabhar Breac, Cloch na Gréine, le Jacqueline de Brún. Tá tubaiste tar éis tarlúint sa bhaile iargúlta sin, Baile an Chnoic, nuair a thit an díon isteach ar theach agus beirt gortaithe dá bharr. An í an chloch mhór sa ghairdín ó Bhrú na Bóinne is cúis leis an trioblóid?
Tá teachtaireacht rúnda uirthi i scríbhinn oghaim, agus pátrún uirthi a bhfuil baint aige le rún na réaltaí ag grianstad an gheimhridh. Agus ansin tosaíonn nithe aisteacha eile ag tarlúint: beacha ag éalú óna gcoirceog, seanfhear mistéireach ag faire ar an teach… beidh ar bheirt ghasúr chróga, Éimear agus Seán, an rún a fhiosrú. Scéal spreagúil, uaireanta greannmhar, uaireanta scanrúil: beidh léitheoirí óga gafa leis.
Agus faoi dheireadh, do dhéagóirí, tá An Gúm tar éis eagrán nua de dhá leabhar le Cathal Ó Sándair a chur amach i mbliana, agus is fiú go mór iad: Na Marbh a d’Fhill agus An tEitleán Dofheicthe, an dá eachtra tosaigh ag an bleachtaire cáiliúil aige, Réics Carló. Lán le heachtraíocht, náisiúnachas agus luachanna an-éagsúil, le plotaí foréigneacha ach saonta, osclaíonn siad fuinneog ar ré eile in Éirinn, ach ag an am céanna tá siad éasca le léamh, agus b’fhéidir go spreagfaidh siad comhráite spéisiúla idir na glúnta.