Gradam Leabhar Pháistí Éireann bronnta ar an bhfile, údar agus aistritheoir, Gabriel Rosenstock

Bronnadh Gradam Bliantúil Leabhair Pháistí Éireann 2023 ar an bhfile, údar agus aistritheoir, Gabriel Rosenstock, as an éacht atá déanta aige le leabhair do pháistí.
Fógraíodh é seo ag Comhdháil Idirnáisiúnta Leabhair Pháistí Éireann thar an deireadh seachtaine. Tugadh aitheantas don obair mhór atá déanta ag Gabriel ar feadh a shaoil agus an deis atá tugtha aige do pháistí na hÉireann rochtain a fháil ar scéalta ina dteanga dúchais.
Bhí an méid seo le rá faoi ag Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann, Elaina Ryan: ‘Is fórsa beathúil é Gabriel Rosenstock i bhfoilsitheoireacht na hÉireann do pháistí le blianta fada agus é ag obair i dteangacha éagsúla agus réimsí éagsúla le scéalta spreagúla draíochtúla a roinnt.
In 2015, thug Gradaim Leabhair Pháistí Éireann aitheantas dá leabhar Haiku, más é do thoil é! le Gradam Speisialta na Moltóirí agus tá lúcháir orainn an Gradam seo a bhronnadh air inniu ar son Leabhair Pháistí Éireann, agus pobal na leabhar do pháistí i gcoitinne, don obair mhór atá déanta aige litríocht den scoth a thabhairt do léitheoirí óga.’

Tá go leor bailiúchán filíochta agus scéalaíochta do pháistí scríofa aige as Gaeilge agus as Béarla: Dánta Duitse, Púcaí Schmúcaí agus Dánta Eile, Fear na bPéistíní agus The Confessions of Henry Hooter the Third: Poems for Owlish Children ina measc. Tá obair chuimsitheach déanta aige agus leabhair agus cláir theilifíse a bhfuil an-tóir orthu aistrithe go Gaeilge aige, leithéidí The Gruffalo, The Adventures of Tintin, Owl Babies, Watership Down agus The Muppet Show san áireamh.
D'ainmnigh Jane Landy, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Amanda Bell Gabriel don ghradam agus dúirt siad go bhfuil ‘filíocht as Gaeilge do dhaoine óga athruithe as éadan aige’. Dar leo, tá a chuid flaithiúlachta maidir le rochtain scéalaíochta a scaipeadh soiléir ón gcaoi a fhoilsíonn sé a shaothair saor in aisce ar ‘Léigh Leat’ agus ‘FreeKidsBooks.’
‘Dá bhrí sin, is cuma más cainteoirí dúchais iad nó má tá siad ag foghlaim na Gaeilge ar scoil, tá rochtain ag páistí na hÉireann ar scéalta agus ar dhánta ó chian agus ó chóngar, athinste i nGaeilge ghalánta Ghabriel, rud a shaibhríonn a gcuid taithí ar an litríocht agus a chothaíonn nasc dóibh le hoidhreacht na teanga.'
‘Ag ócáid le Gabriel i leabharlann le déanaí, dúirt leabharlannaí corraithe liom go bhfuil “Gabriel Rosenstock de dhíth ar an tír seo”. Tá géarghá againn leis dár bpáistí, ionas gur féidir leo sult a bhaint as an litríocht, chomh maith le filíocht agus scéalta a chruthú as Gaeilge, as Béarla, nó as aon teanga ar mhaith leo. Ní hamháin go n-ofrálann Gabriel litríocht as Gaeilge agus as Béarla dár bpáistí, ach ofrálann sé nasc dóibh le gach teanga agus leis an lúcháir a bhaineann le bheith ag spraoi le teanga le rudaí nua a chruthú – cuma cé chomh beag is atá siad.
Dúirt Gabriel agus an gradam á bhronnadh air: ‘In imleabhar filíochta dátheangach le déanaí, Garsún: Boy (Arlen House), cuimhním ar an mbealach ar oscail scéalta Hans-Christian Andersen mo chroí do thrioblóidí agus mianta daoine eile. Is prionsabal treorach é seo do mo chuid oibre féin do pháistí, chomh maith leis an iliomad aistriúchán agus cóirithe ar ardáin Léigh Leat agus Free Kids Books, agus is leis an meon seo a ghlacaim leis an nGradam, go buíoch.
‘Ba é laoch m'óige é
agus is é a dhein scríbhneoir díom.
D'oscail sé mo chroí dhom
is dhearbhaigh dom nach ceart géilleadh d'éinne,
bheith mar atáim.
Tum sa chroí,
tá gach aon ní ann.’