Reviewers Wanted / Léirmheastóirí de dhíth

July 2023
Share on
Reviewers wanted graphic with text

* Applications are now closed. *

Children’s Books Ireland regularly reviews excellent books for children, teens and young adults through Inis magazine, our reading guides, themed reading lists and online.

We are on the hunt for new reviewers to share their thoughts on the latest books in English and in Irish. If you are an avid reader and would be interested in taking part, please follow the link to fill in a brief Google form with your information and reading preferences. The only prior experience needed is a genuine love of books.

We ask reviewers to commit to reading and reviewing a minimum of four books per year. Reviewers are contacted monthly if a book that may be of interest to them is available.

Reviews are usually 250 words long and must be completed on a stated deadline. Informal training will be provided for any new reviewers later this year. Please note, reviewers must be over 18 years of age.

For any questions or further information please contact Ruth at the link below.


Leagan Gaeilge

Eisíonn Leabhair Pháistí Éireann léirmheasanna rialta ar leabhair do pháistí, déagóirí agus daoine óga san irisleabhar Inis, inár dtreoir léitheoireachta, inár liostaí léitheoireachta téamúla agus ar líne.

Táimid ar thóir léirmheastóirí nua lena gcuid tuairimí a roinnt ar na leabhair is déanaí.

Más léitheoir díograiseach tú agus má tá suim agat páirt a ghlacadh sa togra seo, lean an nasc thíos agus líon amach an fhoirm Google le do chuid sonraí agus na cineálacha leabhair a thaitníonn leat. Níl ach grá don léitheoireacht uainn mar thaithí. 

Iarraimid ar léirmheastóirí ar a laghad ceithre leabhar in aghaidh na bliana a léamh le léirmheasanna a dhéanamh orthu. Déantar teagmháil le léirmheastóirí ar bhonn míosúil má tá leabhar ar fáil a cheaptar gur spéis leo é. Bíonn tuairim is 250 focal in aon léirmheas agus caithfear iad a bheith críochnaithe roimh spriocdháta ar leith.

Cuirfear traenáil neamhfhoirmeálta ar fáil níos déanaí sa bhliain do léirmheastóirí nua. Tabhair faoi deara go gcaithfidh léirmheastóirí a bheith ocht mbliana déag d'aois nó níos sine.

Má tá aon cheisteanna agat nó eolas breise á lorg agat, téigh i dteagmháil le Conall ag an nasc seo thíos.