Seoltar Lá Domhanda na Leabhar 2023 in Éirinn

Tá Lá Domhanda na Leabhar ag iarraidh níos mó leanaí ná riamh a bhaint amach le lúcháir na léitheoireachta in 2023.
Agus é á sheoladh inniu in Éirinn, tá an ceiliúradh bliantúil ar leabhair agus ar an léitheoireacht tar éis dul i gcomhar le Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge i gcomhiarracht rochtain a thabhairt do gach leanbh ar scéalta iontacha. Den chéad uair an bhliain seo chugainn, beidh leabhair €1.50/£1 de chuid Lá Domhanda na Leabhar ar fáil i bhformáidí Braille agus digiteacha, a bhuí le tacaíocht ón gComhairle Náisiúnta do na Daill, Éire.
Ach leabhar a bheith ina sheilbh nó ina seilbh ag leanbh, go díreach, is mó i bhfad an seans go léifidh sé nó sí ar mhaithe le sult, go háirithe nuair is leabhar é a roghnaigh an leanbh féin. Níos mó ná cúinsí a dteaghlaigh, cúlra oideachais a dtuismitheoirí nó a n-ioncam, is í an léitheoireacht ar son suilt an táscaire aonair is mó le haghaidh rath linbh amach anseo. De thoradh ar thionscnamh Lá Domhanda na Leabhar, fuair taighde amach gur thaitin an léitheoireacht níos mó le 50% de leanaí agus dúirt 42% acu go gcuireann siad níos mó ama ar leataobh le léamh.

Oibríonn Lá Domhanda na Leabhar go dlúth le comhpháirtithe, díoltóirí leabhar san áireamh, ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, níos mó ná cúig fhoilsitheoir is tríocha, Leabhair Pháistí Éireann, Foras na Gaeilge, Iontaobhas na Leabhar, an tIontaobhas Náisiúnta Litearthachta, Comhlachas na bhFoilsitheoirí, Cumann na nDíoltóirí Leabhar agus Leabharlanna Nasctha.
Le chéile tá aidhm acu rochtain a fheabhsú agus leabhair a bhronnadh ar phobail níos iargúlta trí chlár leitheadach bronnta leabhar. Ar a chomóradh cúig bliana is fiche in 2022, bhronn díoltóirí agus foilsitheoirí leabhar dhá mhilliún leabhar €1.50/£1 trí Lá Domhanda na Leabhar trí chomhpháirtithe carthanachta áitiúla. A bhuí le tacaíocht ó An Post, scaipeadh 14,000 acu seo ar leanaí in ospidéil, sa soláthar díreach, trí sheirbhísí do dhaoine gan dídean agus an Lucht Taistil in Éirinn.
In 2023, beidh Lá Domhanda na Leabhar ag iarraidh cur leis seo agus níos mó leanaí a bhaint amach ná riamh roimhe – go háirithe iad siúd ó phobail atá níos deacra a bhaint amach agus ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Beidh clár leitheadach gníomhaíochtaí ann chun an léitheoireacht a spreagadh agus tacú léi ar siúl le húdair, maisitheoirí, foilsitheoirí, díoltóirí agus comhpháirtithe.
‘Is príomhimeacht é Lá Domhanda na Leabhar cheana féin i bhféilirí scoile mar cheiliúradh ar leabhair agus léitheoireacht. Is é atáimid ag iarraidh a fheiceáil in 2023 ná teagmháil i bhfad níos leithne ionas go mbeidh gach leanbh san áireamh sa cheiliúradh.
'Comhcheiliúradh a bheidh i Lá Domhanda seo na Leabhar ar an bpléisiúr a bhaineann le leabhar iontach a léamh, agus an lúcháir is féidir leis sin a thabhairt do léitheoirí óga.’
– Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach, Leabhair Páistí Éireann

Dúirt Cassie Chadderton, Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar: ‘Is é ár n-aidhm mar charthanas gach leanbh a spreagadh le dúil a chur sa léitheoireacht, breathnú orthu féin mar léitheoirí agus, sa deireadh, a ndeiseanna saoil a fheabhsú.
'Tá sé seo níos tábhachtaí arís ag am nuair atá géarchéim an chostais maireachtála ag dul a dhéanamh dochar ar rochtain ar leabhair agus ar an léitheoireacht do na mílte páistí. Is tógáil croí i gcónaí é fógairt ár leabhar £1/€1.50 do Lá Domhanda na Leabhar, agus tá bród orainn na leabhair seo a chur i láthair do 2023 ó réimse leathan údar agus maisitheoirí.’
Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:‘Ta lúcháir orainn a bheith ag tacú le Lá Domhanda na Leabhar Éire, le leabhar Gaeilge san áireamh don dara bliain as a chéile. Beimid ag cur san áireamh níos mó ábhair agus acmhainní Gaeilge, fiú, do Lá Domhanda na Leabhar 2023, lena n-áirítear pacaí eolais dátheangacha a fhorbairt agus dearbháin leabhair do scoileanna, chomh maith le closleabhair Ghaeilge saor in aisce ón nGúm, foilsitheoir inmheánach Fhoras na Gaeilge, a chur san áireamh.
'Tá ríméad orainn go mbeidh an Ghaeilge ag croílár an fheachtais in Éirinn, ar shuíomh gréasáin Lá Domhanda na Leabhar, ar fud chainéil na meán sóisialta agus go mbeidh an leabhar Gaeilge Rita agus an Dragún ar fáil i bhformáidí Braille agus digiteach den chéad uair riamh in 2023, a bhuí lenár gcairde sa Chomhairle Náisiúnta do na Daill in Éirinn.’

Hazel Tree Farm: One Stormy Night by Alma Jordan, illustrated by Margaret Anne Suggs and published by The O’Brien Press
It’s the beginning of a new year on Hazel Tree Farm, and with it comes a burst of new life. Peter helps Dad to bring baby lambs into the world, while his sister Kate falls in love with next door's fluffy chicks – and one in particular! But something is wrong with sheepdog Peg, and one stormy night, she runs away. Through wind and rain, the children race to find her before it’s too late.

Rita agus an Dragún by Máire Zepf, illustrated by Mr Ando (Andrew Whitson) published by An tSnáthaid Mhór
Is cailín beag í Rita a bhfuil smaointe móra aici. Nuair a éiríonn sí crosta, samhlaíonn sí go bhfuil dragún fíochmhar feargach aici a chuirfeadh an domhan ar crith. Ach is féidir tine the na feirge a cheansú, agus tá a fhios ag Rita cén dóigh lena dhéanamh.
Rita is a little girl with big ideas. When she becomes cross, she imagines she has a ferocious angry dragon who would make the world shudder. But the hot fire of anger can be tamed, and Rita knows how.