Tagaigí ar cuairt chuig na Dochtúir Leabhar i mí Lúnasa.
Beidh dhá chlinic leabhar ar siúl againn ar an 8ú Lúnasa mar cuid de Fleadh Cheoil na hÉireann 2026.
An léitheoir óg thú? Ag iarraidh tú féin a chaitheamh isteach i sraith nua leabhar? Bréan de na leabhair sa leabhragán sa bhaile? Seo leat síos go dtí Clinic Leabhar!
Tá cuireadh ag páistí agus ag a dtuismitheoirí bualadh isteach chun labhairt le duine de na Dochtúirí Leabhar cairdiúla. Tugann an Dochtúir comhairle léitheoireachta don pháiste.
Nuair a chasann an Dochtúir ar an ‘othar’, cuireann sé roinnt ceisteanna orthu faoi leabhair atá léite acu cheana féin, na rudaí is maith leo a dhéanamh amhail cláir theilifíse, scannáin, agus cluichí físeáin. Insíonn sé sin beagán don Dochtúir faoin gcineál leabhar a thaitneodh leis an ‘othar’, b’fhéidir, ionas gur féidir leo oideas leabhar a scríobh. Sin liosta leabhar a cheapann siad a thaitneoidh leis an bpáiste sin.
Clinic Leabhar, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich (Belfast)
08/08/2026
12pm - 4pm
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Falls Rd, Belfast BT12 6AH, United Kingdom
Clinic Leabhar, Cape Clear (Co. Cork)
08/08/2026
11am - 3pm
Coláiste Pobail Chléire, Cape Clear, Co. Cork
Bíonn fáilte roimh gach teaghlach agus bíonn na dochtúirí ag iarraidh cabhrú go speisialta le leanaí a bhfuil riachtanais éagsúla acu, amhail disléicse, ADHD, lagú radhairc nó easpa radhairc.