Tar ag obair linn: Oifigeach Gaeilge á lorg againn

May 2023
Share on
A child reads a book as Gaeilge against a yellow background

Tá Leabhair Pháistí Éireann tiomanta gach léitheoir a áireamh inár gcuid oibre agus leis sin tugtar tiomantas straitéiseach páistí, daoine óga agus teaghlaigh a bhíonn ag léamh i nGaeilge a áireamh.

Tá Oifigeach Gaeilge á lorg againn chun dul i mbun oibre dhá lá sa tseachtain, ag cur na Gaeilge chun cinn go hinmheánach agus ag déanamh maoirsiú ar na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Beidh suim ag an iarratasóir a n-éireoidh leo i litríocht do pháistí agus eolas acu uirthi. Déanfaidh an té a n-éireoidh leo Straitéis na heagraíochta i leith na Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus déanfaidh ceangail straitéiseacha leis an earnáil.

Oibreoidh siad leis an bhfoireann ar fad chun próifíl na Gaeilge a ardú, de réir acmhainní agus théarmaí tagartha na heagraíochta.

Maidir leis an ról

Ag tuairisciú chuig an bPríomhfheidhmeannach, déanfaidh an tOifigeach Gaeilge:

  • Straitéis Gaeilge Leabhair Pháistí Éireann a chur i bhfeidhm, chun cuspóirí na straitéise a bhaint amach, agus an straitéis a fhorbairt amach anseo.
  • Ról an Eagarthóra Gaeilge a ghlacadh i ndáil le foilseacháin Leabhair Pháistí Éireann, ag obair go dlúth leis an Oifigeach Foilsiúchán, lena n-áirítear an iris Inis, liostaí léitheoireachta de réir téamaí agus treoirleabhair léitheoireachta.  Beidh roghnú leabhar lena n-athbhreithniú mar ghné den ról sin chomh maith le bunachar sonraí de léirmheastóirí a bhainistiú agus cur le comh-eagarfhocal in Inis trí huaire sa bhliain.
  • Ceangal straitéiseach a dhéanamh le foilsitheoirí, comhlachtaí maoinithe, comhlachtaí rialtais agus leath-Stáit, comhlachtaí Gaeilge agus eagraíochtaí eile a chuireann leabhair do pháistí agus léitheoireacht i nGaeilge chun cinn.
  • Deiseanna maoinithe agus deiseanna comhpháirtíochta le páirtithe leasmhara san earnáil a aithint.
  • Iarratais chuig lucht maoinithe, tuairisciú chucu agus caidrimh leo a bhainistiú le súil aidhmeanna na heagraíochta a chur chun cinn tuilleadh.
  • Doiciméid atá le cur i gcló, ábhar meán sóisialta, preasráitis, nó ábhar láithreáin gréasáin Leabhair Pháistí Éireann a aistriú nó an t-aistriúchán a chomhordú.
  • Imeachtaí Chlinic na Leabhar de chuid Leabhair Pháistí Éireann a riar nuair atá na himeachtaí sin dírithe go sonrach ar theaghlaigh a labhraíonn Gaeilge - d’fhéadfadh go mbeadh obair ar an deireadh seachtaine i gceist leis sin ó am go chéile.

Riachtanais

Beidh an t-iarratasóir a n-éireoidh leo:

  • Ábalta tabhairt go muiníneach faoi na freagrachtaí a leagtar amach thuas agus an té sin ag obair go neamhspleách agus mar chuid d’fhoireann bheag, chruthaitheach, mhear.
  • Ina gcainteoir líofa, díograiseach a bheidh ar a gcompord ag léamh, ag scríobh agus ag labhairt na Gaeilge go leibhéal ard agus ábalta tabhairt faoi aistriúchán cruinn go Gaeilge.
  • Ar an eolas faoin litríocht is déanaí do leanaí i nGaeilge agus suim acu inti.
  • Beidh scileanna litearthachta digití den chéad scoth acu agus ar a gcumas Slack, Dropbox agus uirlisí táirgiúlachta oifige eile a úsáid go cumasach.
  • Beidh dea-scileanna idirphearsanta acu agus iad ar a gcompord ag obair le páirtnéirí ar réimse leathan clár chomh maith le foireann bheag agus dhinimiciúil

Ag tuairisciú chuig: An Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Suíomh: Beidh rogha ag an iarratasóir a n-éireoidh leo a bheith lonnaithe san oifig lá amháin nó dhá lá sa tseachtain. Tá an oifig ar an gcéad urlár, 117 Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh, Baile Átha Cliath 1.  D’fhéadfadh athrú teacht ar shuíomh na hoifige ach beifear fós i lár Bhaile Átha Cliath.

Dáta tosaigh:  A luaithe is féidir

Tréimhse an chonartha: Buan, le tréimhse phromhaidh sé mhí i gceist.

Uaireanta oibre: 2 lá in aghaidh na seachtaine (16 uair). Beifear solúbtha i dtaobh uaireanta oibre idir 8 a.m. agus 5.30 p.m.   D’fhéadfadh go mbeadh gá dul ag obair tráthnónta nó ar an deireadh seachtaine ó am go chéile, lena bhféadfar saoire chúitimh a ghlacadh ina leith de réir pholasaí na cuideachta.

Luach saothair/sochair: €12,000 sa bhliain (€30,000 pro rata). Ranníoc pinsin meaitseáilte 5% i ndiaidh 6 mhí. 10 lá saoire bliantúla.  Solúbthacht ó thaobh oibre. Liúntas fón póca de €14 sa mhí, agus liúntas cianoibre de €3.20 sa lá.

Chun iarratas a dhéanamh: seol litir chlúdaigh agus CV (in aon doiciméad amháin más féidir) chuig recruit@childrensbooksireland.ie, agus OIFIGEACH GAEILGE luaite i líne an ábhair, roimh an 4pm an 26 Bealtaine 2023. Is fostóir comhionannais deiseanna é Leabhair Pháistí Éireann agus fáilteofar roimh iarratais ó aon iarratasóir atá cáilithe. Beidh an post faoi réir teistiméireachtaí a sheiceáil agus d’fhéadfadh go mbeadh gá le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Maidir le Leabhair Pháistí Éireann

Tá misean Leabhair Pháistí Éireann simplí: go mbeadh gach páiste ina léitheoir. Is é ár misean:

  • gean ar léitheoireacht a spreagadh i leanaí agus i ndaoine óga in Éirinn,
  • an saineolas agus an t-ábhar spéise atá againn a roinnt le daoine fásta a threoraíonn páistí agus a mbíonn tionchar acu orthu, agus
  • tacú le ceart gach linbh teacht ar leabhair den scoth agus ar imeachtaí litríochta beo agus tacú le healaíontóirí a éascaíonn sin ar fud oileán na hÉireann.

Is carthanacht chláraithe í Leabhair Pháistí Éireann. Cuirimid roinnt tionscadal ar fáil trína roinntear aoibhneas na léitheoireachta le leanaí ar fud oileán na hÉireann lena n-áirítear Laureate na nÓg (laureate litríocht na bpáistí), Gradaim Leabhair Pháistí Éireann KPMG, Clinicí Leabhar Leabhair Pháistí Éireann, iris agus treoirleabhar léitheoireachta bliantúil, comhdháil bhliantúil agus scéimeanna éagsúla tabhartas leabhar lena gcinntítear go bhfuil teacht ag páistí agus ag daoine óga i gceantair atá i ngátar ar leabhair.

Leabhair Pháistí Éireann an eagraíocht le dul chuici chun clúdach a fháil do leabhair páistí ar fud meán cumarsáide éagsúil. Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.childrensbooksireland.ie agus léigh ár bPlean Straitéiseach anseo.