Anseo Atá Muid

Nuair a smaoiním ar na leabhair a mholaim do sheilf an tuismitheora nua, ritheann na teidil chlasaiceacha ar nós Guess How Much I Love You agus Oh the Places You’ll Go liom. Ach tá moladh nua anois agam agus sin saothar álainn Oliver Jeffers, Anseo Atá Muid.

Rinne Jeffers an leabhar seo dá mhac óg a thabharfadh treoir don saol agus cur amach dó ar an bpláinéad iontach s’againne. Is fuinneog bheag é leabhar Jeffers a thugann radharc ar an domhan agus an saol timpeall orainn. Tá míniú beacht tuisceanach gleoite tugtha sa leabhar seo ar go leor ceisteanna coitianta a bhíonn ag páistí óga – rud atá úsáideach do dhuine atá ag lorg slí shimplí chun rothaí an tsaoil a mhíniú do dhaoine beaga. Spreagann an leabhar plé suimiúil faoin domhan a bhfuil cónaí orainn ar fad ann agus fúinn féin mar chine daonna. Tugann an scéal deis téamaí tábhachtacha ar nós éagsúlacht, an timpeallacht, am, an domhan agus an spás a phlé. Tá jab den scoth déanta ag Máire Zepf ar an aistriúchán, atá déanta go dílis agus go hoilte. Cé gur leabhar álainn é d’éinne atá ag cur fáilte roimh leanbh nua, bainfidh páistí ó 0–6 bliana bús as an leabhar seo gach uile (agus míle uair, seans) a léitear é, mar tá féasta don tsúil agus ábhar machnaimh ag preabadh ó gach leathanach.

About the Author/Illustrator
Headshot of Oliver Jeffers
Oliver Jeffers is a highly acclaimed talent in picture books. He graduated from The University of Ulster in 2001 with First Class honours and has since exhibited his paintings around the world. His outstanding talent has already been recognised by several high-profile awards, including the Nestlé Children's Book Prize Gold Award, the Blue Peter Book of the Year Award and the Irish Children's Book
Learn more
Book Cover - Anseo Atá Muid
Author/Illustrator
Publisher
Publication Date
September 2018
Price
€16.95
Format
Clúdach crua
Pages
48
ISBN
9781910945391