Tuairiscí na Moltóirí maidir le Gearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025
Tá lúcháir orm gearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025 a fhógairt agus deich leabhar air.
Tá raon iontach leathan seánraí ar ghearrliosta 2025 le leabhair i nGaeilge agus i mBéarla, úrscéalta véarsaíochta, athinsintí ar scéalta sí agus finscéalta Éireannacha, neamhfhicsean, ficsean agus pictiúrleabhair do léitheoirí de gach aois. Tá trí theideal le húdair arbh é seo an chéad leabhar acu a foilsíodh agus dhá theideal le beirt iar-Laureate na n-Óg ar an ngearrliosta. Léirítear barr feabhais maidir le scéalaíocht agus caighdeán aeistéitice i ngach ceann de na teidil ar an ngearrliosta. Is deis iontach iad Gradaim bhliantúla KPMG Leabhair Pháistí Éireann leis an maisiú agus scríbhneoireacht chomhaimseartha Éireannach is fearr do dhaoine óga a léiriú agus a cheiliúradh gach bliain
-Dr Áine McGillicuddy, cathaoirleach an phainéil mholtóireachta
Beanie the Bansheenie scríofa ag Eoin Colfer agus maisithe ag Steve McCarthy
Insint éagsúil úrnua ar an mbean sí agus a scéal, réamhtheachtaire scáfar an bháis i bhfinscéalta na hÉireann. Meallfar an léitheoir chuig domhan ar leith de chuid Beanie, bean sí óg (nó bansheenie), le scéalaíocht chruthaitheach Eoin Colfer in éineacht le léaráidí iontacha lán brí ó Steve McCarthy. Beidh ceangal domhain idir Beanie agus an chéad duine daonna a fheicfidh sí, is é sin atá i ndán di nuair a éiríonn an fhaighneog ina bhfuil sí ag fás trédhearcach. Tá sé de chúram uirthi gach ní a fhoghlaim faoina duine, cailín beag darb ainm Rose. Mar chuid de seo, beidh uirthi a fháil amach faoin am a bhfaighidh Rose bás, ionas go mbeidh sí in ann teacht chuici lena bás a fhógairt le caoineadh scéiniúil. Ní théann gach rud mar ba chóir, áfach. Scéal faoin gcairdeas, faoin gcomhbhá agus faoin díograis é seo, é tarraingteach, croíúil agus lán le hatmaisféar.
Fia and the Last Snow Deer scríofa ag Eilish Fisher agus maisithe ag Dermot Flynn
Is úrscéal véarsaíochta ar leith é seo agus an chéad leabhar de chuid Eilish Fisher atá foilsithe go dtí seo. Taistealaíonn an léitheoir i bhfad siar chuig aimsir na réamhstaire in Éirinn agus í clúdaithe le sneachta. Ó rugadh iad faoi ghealach ghrianstad an gheimhridh trí bliana déag roimhe, tá Fia agus a fia sneachta Solas ceangailte go dlúth le chéile ag seantairngreacht a deir go gcuirfear deireadh le draíocht an dorchadais agus an fhuachta shíoraí. Agus geimhreadh crua eile rompu, éilíonn lucht an bhaile ar Fhia íbairt uafásach a dhéanamh. Teitheann sí le Solas agus a col ceathar ar mhaithe leis an Máthairfhia miotasach a aimsiú agus a cumhacht a úsáid le deireadh a chur leis an ngeimhreadh. Cuireann léaráidí fíoráille Dermot Flynn gluaiseacht an scéil chun cinn le pailéad a thosaíonn le dathanna dorcha ach a éiríonn níos gile. Leabhar speisialta do gach aois agus beidh sé ina chlasaic.
Bearradh Gruaige d’Eoinín scríofa ag Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Róisín Hahessy
Tá fadhb ag an uainín beag Eoinín. Tá a chuid gruaige fásta chomh fada sin go bhfuil sé cosúil le nead. Is gá dó bearradh gruaige a fháil. Mar aon le lear mór páistí, áfach, tá sé beagáinín neirbhíseach faoi dhul chuig an mbearbóir agus iarrann sé ar a chuid léitheoirí tacaíocht a thabhairt dó. Rachaidh an scéal seo, a bhfuil gach focal ann roghnaithe go cúramach ag Muireann Ní Chíobháin, i bhfeidhm go mór ar pháistí agus beidh sé ina údar misnigh dóibh sa chaoi is go mbeidh bá acu d’Eoinín. Tagann léaráidí áille Róisín Hahessy go foirfe leis an scéal. Tá an téacs agus na léaráidí simplí agus soiléir, rud a mheallfaidh agus a thabharfaidh sólás do léitheoirí óga atá imníoch faoi nithe den sórt sin. Tá an leabhar cairtchlár seo simplí ach cliste, agus aimsítear an stór focal agus an cuma físiúil díreach ceart. Is cinnte go mbeidh sé ar cheann de na leabhair is mó a thaitneoidh le cuid mhaith teaghlaigh.
Little Bang le Kelly McCaughrain
Beidh léitheoirí iomlán gafa le húrscéal Kelly McCaughrain d’aosaigh óga ón tús. Lonnaithe i sochaí chomhaimseartha Thuaisceart Éireann, is scéal lách croíúil (agus tráthúil ar bhealach cliste) é Little Bang, inste ó dhearcthaí bheirt déagóirí, Sid agus Mel, gach re seal. Agus aghaidh á tabhairt acu ar chás crua, atá níos casta fós mar gheall ar chúlraí éagsúla na beirte agus dlithe diana a chuireann cosc ar ghinmhilleadh a bheith i réim sa sochaí ina bhfuil siad, tá cinntí deacra le déanamh ag Sid agus Mel. Is úrscéal grá é seo a bhfuil ábhar machnaimh ann agus a chuirfidh léitheoirí ag gol agus ag gáire. Cothaítear comhbhá agus machnamh sna hábhair agus an scéal ag plé le caidreamh idir dhéagóirí, toircheas neamhbheartaithe agus féinriar colainne. Mothaíonn Little Bang barántúil mar scéal agus déanann McCaughrain é a aithris le scil ar leith agus ar bhealach an-tuisceanach.
Na Trí Mhuicín scríofa ag Áine Ní Ghlinn agus maisithe ag Paddy Donnelly
Is athinsint ghleoite ar fhabhalscéal clasaiceach The Three Little Pigs é an pictiúrleabhar seo agus é scríofa i véarsaíocht Ghaeilge ag iar-Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn. Meallfar léitheoirí níos sine ag pailéad bríomhar Phaddy Donnelly lena léaráidí spleodracha (a thaispeánann mac tíre mór gránna atá chomh hinchreidte sin go bhfuil sé scanrúil) in éineacht le véarsaíocht chruthaitheach shothuigthe Áine Ní Ghlinn. Cé go bhfuil an bunleagan den scéal seo ar eolas cheana féin ag roinnt mhaith daoine, insítear an leagan Gaeilge le greann agus spleodar – leabhar gleoite ildaite ar féidir a léamh os ard agus sult a bhaint as agus tú ag breathnú air nó ag éisteacht leis! Is cinnte go mbeidh an-tóir ar an leabhar seo in an-chuid teaghlaigh.
Songlight le Moira Buffini
Beidh greim ag úrscéal diostóipeach Moira Buffini d’aosaigh óga ar an léitheoir ó thús deireadh. Is é seo an chéad leabhar le Buffini atá foilsithe go dtí seo. Meastar sa scéal go bhfuil daoine le bua songlight, ar féidir leo cumarsáid a dhéanamh go teileapaiteach, “Neamhdhaonna”. Déantar iad a dhaoradh agus tá eagla ar dhaoine rompu in Brightland, tír ina gcuirtear fir óga ar shiúl le dul i mbun cogaidh i gcoinne a naimhde trasna na farraige in Ayland. Le cúlra an chogaidh, coimeádann Elsa a cuid smaointe agus a rúin di féin, agus a bua songlight faoi cheilt. Tá eagla uirthi agus braitheann sí scoite i sochaí neamhthrócaireach nach dtagann lena luachanna ná lena tuairimí. Nuair a bhíonn ceangal ag Elsa trí songlight le cailín eile i gcathair i bhfad i gcéin, bíonn dáimh ar leith eatarthu ach cuirtear an bheirt acu i gcontúirt. Cuireann scéalaíocht iontach Buffini agus a scil domhain a chruthú go mór lena céad úrscéal, ina bhfuil grá, cairdeas, féinmhuinín agus muinín i gcruachás, leithcheal agus cos ar bolg le sonrú ann.
Stitch le Pádraig Kenny agus maisithe ag Steve McCarthy
Spreagtha ag clasaic gotach Mary Shelly, Frankenstein, cuireann Pádraig Kenny scéal truachroíoch eachtrúil os ár gcomhair faoi Stitch agus a chara, Henry Oaf. Cruthaithe ag an Ollamh Hardcare mar neacha iomlána beo, tá Stitch agus Henry i gcaisleán iargúlta, faoi cheilt ón gcuid eile den domhan. Nuair a fhaigheann an t-ollamh bás agus nuair a thagann a nia uafásach chuig an gcaisleán, tiontaítear saolta na beirte bunoscionn agus bíonn orthu sábháilteacht an chaisleáin a fhágáil ina ndiaidh. Ar ámharaí an tsaoil tagann a gcara nua Alice (a bhfuil níos mó taithí saoil aici) leo ar a gcuid eachtraí, á dtreorú agus iad ag dul i dtaithí ar an domhan coimhthíoch seo nach bhfuil réidh dóibh go fóill. Is scéal álainn a bhfuil ábhar machnaimh ann é seo, faoin éagsúlaíocht, faoin réamhchlaontacht agus faoi ghlacadh le daoine, inste ó dhearcadh neamhurchóideach idéalaíoch Stitch. Scéal iontach le carachtair geanúla a mbainfidh léitheoirí níos sine an-sult as.
The Dictionary Story scríofa agus maisithe ag Oliver Jeffers agus Sam Winston
Cuireann Oliver Jeffers agus Sam Winston pictiúrleabhar iontach samhlaíoch faoi fhocail os ár gcomhair, coincheap iontach ar mhórán bealaí, a spreagann cruthaitheacht, réiteach fadhbanna agus mionchruinneas. Cé bhfuil Dictionary (ainm an charachtair sa chás seo) lán le liostaí focal, airíonn sí éiginnte fúithi féin, cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil a fhios ag na leabhair eile ar fad ar an tseilf cad fúthu atá siad. Ach nuair a thagann beocht ina cuid focal agus nuair a dhéanann na focail iarracht scéal a chruthú, téann gach rud as smacht. Ar ámharaí an tsaoil tá cara le Dictionary, Alphabet, ann le hord a chur ar bun arís agus cúrsaí a shocrú. Beidh páistí de gach aois faoi dhraíocht agus an scéal ilmhódach seo agus an idirghníomhaíocht le focail, íomhánna agus cló. Pictiúrleabhar il-libhéil iontach a mheallfaidh páistí ar ais chuige arís agus arís eile le rud éigin nua a aimsiú. Is cinnte gur clasaic móréilimh a bheidh ann.
The Faerie Isle scríofa ag Síne Quinn agus maisithe ag Dermot Flynn
Sa phictiúrleabhar crua seo, atá déanta go hálainn, cuireann Síne Quinn sé shampla déag ó fhinscéalta agus síscéalta Éireannacha os comhair glúin nua léitheoirí. Le ‘fíricí’ faoi shióga agus athinisintí thar dhá leathanach ar chuntais ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann, tá raon scéalta ann faoin maighdean mhara aitheanta chuig an sióg beag sheerie. Tá an ghluais ag deireadh an leabhair an-chabhrach. Tá léaráidí áille gléineacha Dermot Flynn an-uaibhreach agus tumann siad an léitheoir sna scéalta draíochta, rud a chuireann beocht aisteach i neamhshaoltacht na bpríomhcharachtar. Leabhar galánta a chuirfidh léitheoirí óga faoi dhraíocht, iad ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi shióga na hÉireann nach mbíonn lách i gcónaí. Beidh gach duine a léann an leabhar seo faoi dhraíocht aige.
The Illustrated Encyclopedia of Irish Lighthouses scríofa ag David Hare agus maisithe ag Linda Fährlin
Is leabhar mealltach faisnéiseach lán le fíricí spéisiúla é seo atá scríofa ag an údar David Hare, nár foilsíodh leabhar leis cheana, agus insíonn sé dá léitheoirí faoi gach ní ar mhaith leo a bheith ar eolas acu faoi thithe solais. Cuirtear an t-eolas i láthair ar bhealach soiléir soléite ar gach leathanach agus iad roinnte in fiche naoi topaic, ina measc na fáthanna ar cruthaíodh tithe solais nó an chúis ar péinteáladh iad le dathanna éagsúla. Tugann eolas ó fhiadhúlra an chósta agus saolta choimeádaithe na dteach solais léargais thábhachtacha agus tuilleadh mioneolais. Is féidir le léitheoirí píosa spraoi a bheith acu ag an deireadh freisin agus an t-eolas nua atá foghlamtha acu a thástáil le quiz, brabhsáil trí liosta de thithe solais in Éirinn nó tríd an ngluais úsáideach a léamh. Tagann léaráidí ildaite geala Linda Fährlin agus na grianghraif go maith leis an téacs ar bhealach álainn éifeachtach. Leabhar an-taitneamhach a fhillfidh léitheoirí óga ar ais air arís agus arís eile.