Léigh Leabhar Gaeilge
This Seachtain na Gaeilge, discover a new reading guide highlighting the excellent books on offer in the Irish language for children and young people.
Tá Léigh Leabhar Gaeilge lán le moltaí do 100 leabhar iontach a spreagfaidh léitheoirí óga suas le hocht mbliana déag d’aois leabhar Gaeilge a léamh. I measc na dteideal, tá leabhair chairtchláir agus pictiúrleabhair, neamhfhicsean agus cnuasaigh filíochta, greannáin agus ficsean do luathdhéagóirí, an bealach ar fad suas go ficsean d’aosaigh óga. Is áis eolasach agus spreagúil í seo le 100 leabhar iontach Gaeilge ar féidir le scoileanna agus teaghlaigh sult agus tairbhe a bhaint as.
Léigh Leabhar Gaeilge is filled with 100 brilliant recommendations, encouraging young readers aged 0–18 to pick up a book as Gaeilge. The featured titles range from board books to picturebooks, non-fiction, poetry collections, comics, middle-grade fiction, all the way up to young adult fiction. This is an informative and inspiring resource packed with one hundred brilliant leabhair Ghaeilge for schools and families to discover and enjoy. .
Tá cóipeanna de Léigh Leabhar Gaeilge ar fáil in 40 leabharlann agus 91 siopa leabhar ar fud na tíre. Is féidir an treoirleabhar a íoslódáil saor in aisce tríd an nasc ar dheis an leathanaigh seo a bhrú chomh maith.
Copies of the reading guide are available in 40 libraries and 91 bookshops nationwide. The guide can also be downloaded free of charge from the link on the right-hand side of this page.
Tá pacáiste acmhainní deartha go speisialta againn ar fáil in éineacht leis an treoirleabhar – Léigh Leabhar Gaeilge – Pacáiste Acmhainní – a dhíríonn ar deich dteideal a roghnaíodh ó threoirleabhar Léigh Leabhar Gaeilge. Déanadh na hacmhainní seo a dhearadh don seomra ranga ach go háirithe, le haitheantas a thabhairt do leabhair Ghaeilge iontacha atá ar fáil do léitheoirí óga. Tá súil againn go gcabhróidh na hacmhainní seo le múinteoirí bunscoile leis na leabhair a úsáid agus le páistí a spreagadh i dtreo na léitheoireachta, i dtreo na scríbhneoireachta agus i dtreo na cruthaitheachta i gcoitinne.
We have a specially designed resource pack available alongside the guide – Léigh Leabhar Gaeilge – Resource Pack – which focuses on ten titles selected from the Léigh Leabhar Gaeilge guide. These resources have been designed specifically for the classroom, to recognise great Irish language books available to young readers. We hope that these resources will help primary school teachers use the books and encourage children towards reading, writing and creativity.
Is comhthogra é seo idir Leabhair Pháistí Éireann agus Foras na Gaeilge, le tacaíocht ó Love Leabhar Gaeilge.
This is a collaborative project between Children’s Books Ireland and Foras na Gaeilge, supported by the Love Leabhar Gaeilge initiative.