Dog Man

Tá plean ag an gcoirpeach glic Páidí an Cat fáil réidh leis an mbagairt ó na póilíní. Ach tá lúb ar lár sa scéim cham seo agus d’ainneoin a iarrachtaí lofa, cruthaíonn sé an garda is fearr ar domhan – Dog Man! Le corp láidir an duine agus intinn éirimiúil an mhadra, caithfidh Páidí dána agus na coirpigh eile a bheith ar a n-airdeall agus Dog Man ar a dtóir san úrscéal grafach seo.

Rachaidh an príomhcharachtar go mór i bhfeidhm ort mar gheall ar a eachtraí cróga, cliste. Deirtear go mbriseann an dúchas trí shúile an chait, ach sa chás seo, ní bhíonn ár laoch in ann smacht a chur ar a ghnéithe madraí agus is greannmhara an leabhar de bharr seo. Níl sé éasca plota suimiúil a mheascadh le greann a bhíonn páistiúil nó garbh fiú uaireanta, ach éiríonn leis an údar é seo a dhéanamh mar tuigeann sé cad atá de dhíth óna léitheoirí.

Is iontach an leabhar seo do léitheoirí a bheadh drogallach úrscéal a léamh mar ní bhíonn an iomarca téacs ar aon leathanach amháin agus is soléite an cló féin. Tagann na léaráidí go maith leis an téacs mar léiríonn siad an fuinneamh agus an greann a bhaineann leis an scéal.

Is oiriúnach atá na habairtí gonta i scéal a bhogann ar aghaidh ar luas lasrach ach chomh maith leis sin, is tréith é seo atá tábhachtach dóibh siúd nach mbíonn ag léamh an Ghaeilge go minic. Is mór an dúshlán é saothar greannmhar a aistriú ach tá sárobair déanta ag Máirín Ní Mhárta sa chás seo mar bhí sí in ann atmaisféar an bhunthéacs chomh maith le pearsantacht bhríomhar Dog Man a aistriú go Gaeilge shoiléir, spleodrach. Ardú croí atá sa leabhar gleoite, dalba seo.

Book Cover - Dog Man
Author/Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
May 2023
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
231
ISBN
9781910945889