An Fathach is Breátha sa Tír

An Fathach Is Breátha sa Tír – ar léigh tú i gceart é? Nach créatúr déitsineach scanrúil é an fathach? Nuair a bhuailtear le Seoirse, an fathach breátha, ag tús an scéil, tá sé gléasta in éadach gioblach. Ceannaíonn sé culaith nua agus tá cuma an-snasta anois air. Ní fhada a bhfuil an cruth galánta sin air go dtí go mbuaileann an fathach le cairde a bhfuil gá níos deimhne acu don éadaí. Ar mhaithe le na hainmhí eile, ligeann Seoirse uaidh a chuid éadaí, ach cibé éadaí a chaitheann sé is léir gurb é fós an fathach is breátha sa tír – an áilleacht atá sa chroí.

Tá ceacht an scéil curtha ina luí orainn i slí spraíúil spórtúil agus ní léitear mar scéal móralta é. Tá an leabhar plódaithe le léaráidí beomhara, corraitheacha, geala agus aird ar na mionsonraí atá uaireanta an-ghreannmhar ar fad! Tá Julia Donaldson ainmnithe do rím agus rithim a chuid scíbhneoireachta agus éiríonn le Tadhg Mac Dhonnagáin an rithim ceolmhar anamúil seo a aistriú go líofa go dtí an leagan Gaeilge.

An tríbhagairt atá i gceist leis an leabhair An Fathach Is Breátha sa Tír! Tá sé taithneamhach ó thaobh an scéal de, ó thaobh na léaráidí de agus ó thaobh an fhuaim de. Leabhar deas a léamh leis na daoine beaga i do shaol – an dream is luachmhaire sa tír!

Book Cover - An fáthach is breátha sa tír
Illustrator
Publisher
Reviewer
Publication Date
January 2016
Format
Paperback
Pages
32
ISBN
9781910945452