Finscéalta na hÉireann

Is leabhar é seo a thugann athinsint ar chuid de na seanscéalta is mó a bhfuil cáil orthu, An Bradán Feasa, Conas Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm, Clann Lir agus Oisín ina measc. Tá scéalta eile nach mbeadh ar eolas ag gach duine ann chomh maith – Labhraí Loingseach, Fionn agus an Fathach agus An Cú Faoil Bán.

Tá siad scríofa i ndóigh suimiúil spraíúil a dtugann léargas dúinn ar phearsantachtaí na gcarachtar, go háirithe Fionn fiosrach ag síorcheistiú a mhuintir. Cluinimid fosta faoin éad agus faoin olc, faoin chumha agus faoin chrógacht. Cé go bhfuil lucht na córa agus lucht na coire os ár gcomhair, tugtar le fios go mbíonn mothúcháin againn uilig. Buailimid le fathach cantalach trodach nár thug duine ar bith cupán tae riamh dó agus rí a raibh cluasa asail air a d’fhoghlaim nach mbíonn gach duine mar an gcéanna agus nach deireadh an tsaoil é sin ach an oiread; ceacht foghlama dúinn uilig.

Mar bharr ar an iomlán, tá léaráidí áille ag dul leis na scéalta a chuireann beocht ins na carachtair agus sna scéalta; feicimid an greann agus an ghráin, gan trácht ar uilefhios Fhinn. Fiú má tá páiste ró-óg leis an leabhar féin a léamh iad féin, bhainfidís taitneamh nach beag as a bheith ag amharc ar na léaráidí agus duine eile á léamh.

About the Author
Eithne Massey Headshot
Eithne Massey is a graduate of University College Dublin and NUI Maynooth, and a short-story writer. She has worked with the Arts Council and as a librarian. Her interest in mythology has been a lifelong one. Although she lives in Dublin, she is often found travelling to old and secret places around the country.
Learn more
FINSCÉALTA NA hÉIREANN - Cover
Publication Date
March 2024
Price
€12.99
Format
Paperback
Pages
64
ISBN
9781788494731