Gealach agus Grian
Buailimid le Sol agus Lúna ag am dul a chodladh agus iad ag fanacht le scéalta difriúla a chloisteáil ó Mhamaí. Is cúpla iad atá an-éagsúil le chéile. Déanann Mamaí cinneadh scéal a léamh faoi bheirt eile. Níl cosúlacht dá laghad ag an mbeirt phríomhcharachtair, Grian agus Gealach, sa scéal a léann Mamaí dóibh.
Ag tús an scéil, feicimid iad ina gcónaí le chéile. Tosaíonn siad ag argóint agus cloisimid na difríochtaí a chothaíonn deighilt idir dhaoine. Sa deireadh, cinneann Gealach agus Grian nach bhféadfadh siad fanacht san áit chéanna an t-am uilig ach bheadh siad ag obair as lámha a chéile as seo amach! Tá an leabhar seo an-mhaith toisc go bhfoghlaimímid nithe uaidh ó thús deireadh. Is iomaí cineál téama agus tréith pearsanta atá fite fuaite sa leabhar iontach seo idir mhaith agus olc, shonas agus dhonas, agus an tslí cheart chun aighneas a réiteach go héasca.
Tugann léaráidí Brian Fitzgerald míniú éadrom agus spreagúil nach bhfuil chomh heolaíoch is a cheapfá! Scéal lán le greann agus friotal aoibhinn, cuireann na léaráidí go mór leis an leabhar. Baineann an leabhar le bheith ag fás suas agus cairdeas tríd síos. Tá saoirse, gníomh uasal agus macántacht in áiteanna eile.
Is scéal corraitheach inchreidte bríomhar é Gealach agus Grian.