Heartstopper: Leabhar 3
‘Níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna [fúmsa] … nó an mbraitheann?’ Sin an cheist atá ag déanamh tinnis do Charlie sa chéad leabhar Heartstopper. Ach tá deireadh le héiginnteacht agus le crá croí faoin tríú leabhar, más aon chomhartha an sliocht seo as dialann Nick: ‘is buachaillí muid go hoifigiúil agus is breá liom é sin a rá’.
Gliondar agus dóchas (as bheith doirte i ngrá den chéad uair): sin dhá mhothúchán atá go smior in Heartstopper 3. Fiú in Éirinn na linne seo, táim cinnte go mbeidh daoine óga ann a gheobhaidh sólás ón gcaoi éadromchroíoch a léirítear daoine óga aiteacha sa scéal. Más bua í an éadroime, seans gur laige í freisin mar bíonn teannas agus constaicí le sárú ag teastáil chun léitheoir a choinneáil gafa i scéal. Ach, ar an lámh eile arís, seans go bhfuil sé sin (an chaoi gur ar leibhéal na mothúchán amháin a tharlaíonn an eachtraíocht in Heartstopper 3) ina fhianaise gur léiriú foirfe é ar mheon an déagóra.
Thug mé an-taitneamh don Ghaeilge sholéite nádúrtha a chuir Eoin McAvoy ar chaint na gcarachtar agus, in éineacht le léaráidí spleodracha Alice Oseman, tá neart ann chun léitheoirí óga a mhealladh.
Nick and Charlie continue to deepen their relationship while on a school trip to Paris. Content including disordered eating and self-harm are discussed in this sensitive exploration of first love.