Inis Mara
Seo scéal Éabha, cailín óg atá ina cónaí ar oileán Inis Mara agus na heachtraí a thiteann amach tar éis do cheannaire nua bheith roghnaithe le bheith i gceannas ar an oileán. Faraor is duine santach é an ceannaire nua, agus in ainneoin go ndeir sé go bhfuil sé ag obair ar son an phobail, is a mhalairt atá fíor. Is cailín neamhspléach agus éirimiúil í Éabha agus is faoi Éabha atá sé drochghníomhaíochtaí an cheannaire a thabhairt chun solais agus teacht i gcabhair ar mhuintir an oileáin, agus iad a spreagadh le hobair le chéile.
Tá an scéal taitneamhach agus spreagúil, tá gluaiseacht mhaith ann agus taitneodh an scéal seo le haoisghrúpaí éagsúla. Tá léaráidí deasa i ngach aon chaibidil, tá na hailt deas gearr, agus tá focail nua aibhsithe agus mínithe sa ghluais ag cúl an leabhair. Gné dheas eile faoin scéal ná minicíocht agus athrá na bhfocal agus cabhróidh sé sin le léitheoirí.
Tá doimhneacht sa scéal maidir le ceisteanna móra chúrsaí na linne seo; athrú aeráide, acmhainní nádúrtha a úsáid agus gníomhú ar son leasa an phobail agus na timpeallachta. Tá ceisteanna ann maidir le ceannaireacht, luachanna agus róil dhaoine sa phobal agus an saol traidisiúnta agus an saol comhaimseartha agus cuirfidh léitheoirí óga suim sa scéal.