Katie agus an Pacáiste Rúnda

Is úrscéal taitneamhach é seo faoi chailín óg, Katie, atá go huile is go hiomlán gafa leis an mbleachtaireacht. Lá amháin, is cuairt á thabhairt ag a clann ar theach a Daideo, téann pacáiste leis ar iarraidh. In imeacht an úrscéil cuirimid aithne ar Katie agus a cairde is iad I mbun bleachtaireachta. Is cailín fiosrach í Katie agus is minic nach mbíonn mórán measa aici ar phríobháideachas na ndaoine mórthimpeall uirthi! É sin ráite, is léir gurb é an ceartas an cloch is mó ar a paidrín agus mar sin gabhaimid leithscéal léi as ucht a drochthréithe.

Tá mistéir iontach ag baint leis an úrscéal seo. Tagann athrú poirt ar an bplota i lár an scéil agus bhí sé deacair an críoch a thuar dá bharr. Sílim go mbainfeadh duine ar bith taitneamh as mar thoradh ar seo. Bheadh sé go maith tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na mioncharachtair má fhoilsítear scéal eile le Katie. Ba charachtair shuimiúla iad Daideo Katie, a chairde agus a chomharsana agus bheadh sé deas dá mbeadh muid tar éis bualadh leo don dara uair roimh dheireadh an scéil.

Tá Gaeilge dheas shaibhir sa leabhar seo agus tá aon fhrása nó focal atá deacair le tuiscint scríofa i gcló trom agus mínithe ar chúl an leabhair. Tá sé seo fíor chabhrach agus coinníonn sé saibhreas na Gaeilge ar ardchaighdeán.

Katie’s determination to locate her Grandad’s missing package unravels an even bigger mystery for this young detective.

About the Author
Author Image – Éadaoin Ní Dhomhnaill
Éadaoin Ní Dhomhnaill is a writer and editor from Inis Meáin, Aran Islands, County Galway. She holds a BA in translation studies and English, and an MA in writing, both from University of Galway. Since 2024 she has worked for the publishing house Futa Fata. Éadaoin has always loved mystery stories and so she decided to write one of her own! Katie agus an Pacáiste Rúnda, published by LeabhairCOMHAR
Learn more
Book Cover – Katie agus an Pacáiste Rúnda
Publication Date
August 2025
Price
€12.00
Format
Paperback
Pages
77
ISBN
9781739512972