Lia! An Dialann Rúnda

Sa ghreannán iontach seo faighimid cuntas dialainne an déagóra Lia faoina saol agus í ina cónaí lena máthair sa chathair. Tá an bheirt acu an-mhór lena chéile agus tá caidreamh neamhghnách eatarthu – tá máthair Lia gafa le cluichí ríomhaire, ní féidir léi cócaireacht agus scanraíonn sí í féin lena taibhscéalta! Níl an t-ádh le máthair Lia ó thaobh cúrsaí grá de agus beartaíonn Lia chun cabhrú léi trí í a chur in aithne don chomharsan nua, Ruaidhrí.

Maidir le Lia, tá gnáthfhadhbanna an déagóra aici: ag seachaint an rang corpoideachais, ag iarraidh airgead a thuilleadh, agus tá sí gafa lena grá geal, Tristan. Idir an greann ar fad, luaitear cúrsaí saoil níos troime ar nós tuismitheoirí Móna (cara Lia) ag scarúint, agus Lia ag míniú gur thréig a hathair a máthair nuair a bhí sí ag súil. 

Tá an stíl insinte thar a bheith barrúil agus luas iontach ann mar go n-ínsítear an scéal iomlán trí scéilíní beaga difriúla ar gach leathanach. Tá jab paiteanta déanta ag Méadhbh Ní Eadhra ar seo a aistriú ón bhFraincís agus tá tagairtí beaga Éireannacha curtha isteach aici ar nós Daniel O’Donnell, Derry Girls agus Ros na Rún atá sásúil don léitheoir.

Nach méanar dúinn go bhfuil na comaicí Fraincíse seo anois ar fáil i nGaeilge agus dea-scéal eile ná gurb é seo an chéad leabhar i sraith ina bhfuil trí leabhar. 

A quick-paced, witty diary account of teenager Lia who tries to set her mother up with their neighbour while dealing with her own teenager issues. 

Book Cover – Lia! An Dialann Rúnda
Author/Illustrator
Publisher
Publication Date
November 2025
Price
€9.95
Format
Paperback
Pages
52
ISBN
9781913573904